ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Róisín O’Donnell, Clár na nDrámadóirí Óga


Is marthanóir Ardteiste agus scríbhneoir í Rosie O’Donnell atá naoi mbliana déag d’aois. Ba rannpháirtí í sa chéad Chlár Drámadóirí Óga riamh. Cuireadh a dráma ‘Bernie’ ar siúl den chéad uair le linn an chláir. Tá cónaí i gCorcaigh, áit a gcaitheann sí a cuid ama ag scríobh ficsin agus drámaí, ag éirí tógtha le leabhair agus lena madra.

Is comhshraith blaganna í an tsraith seo le beirt rannpháirtithe ó Chlár na nDrámadóirí Óga, Jessica O’Brien agus Róisin O’Donnell.

An Óige, an tIdirlíon, agus Ficsean

Tá na miliúin scéalta ar Fanfiction.net. Liostaítear faoi Harry Potter amháin 791,000 de na scéalta sin.
Ciall: Úsáideann na mílte daoine óga timpeall an domhain a méarchláir chun teacht isteach sa domhan scríbhneoireachta. Mar gheall ar fhocail a scríobh duine éigin eile.

Ceapaim go bhfuil sé sin iontach.

Ach luaigh an lipéad ‘ficsean leantóirí’ leis agus cuireann sé náire ar dhaoine.
Cén fáth?

Níor chóir go ndéanfaí ceap magaidh díot dá n-úsáidfeá foirm mhícheart ‘your’ agus ‘you’re’ an Bhéarla. Níl an scríbhneoireacht éasca. Agus tuigimse sin.

Agus mé ag dul i dtreo a bheith i mo scríbhneoir, chaith mé blianta uafásacha na bunscoile agus na meánscoile ag brath go raibh mé meánach. Ní raibh faic ós mo chomhair, an oireadh sin fuinnimh agus gan áit ar bith lena chur.
De réir na scoile, níl ach trí chatagóir inar féidir leat a bheith. Spórtúil, cliste, nó sóisialta, agus mura bhfuil tú iontach ag ceann acu sin - bhuel mí-ádh. Go deireadh an ordlathais leat!

Lá amháin, mar gheall go raibh leadrán orm, scríobh mé 500 focal amach ar m’fhón agus thug mé an chéad (droch)chaibidil air. Theastaigh uaim go mbeadh níos mó i gceist naoi bliana déag ina dhiaidh sin ná críoch shona ag stáisiún traenach amháin. 230,000 focal (agus iad fós ag méadú) atá sa 500 focal sin anois. Agus is féidir liom a rá gurbh é sin a mheall mé i dtreo níos mó leabhar, agus a chabhraigh liom rudaí a fheiceáil ó roinnt dearcthaí, agus rudaí a cheistiú. Níor fheabhsaigh an rang Béarla mo chuid scileanna eagarthóireachta, ní bhfuair mé áit i gClár na nDrámadóirí Óga mar gheall ar an rang Béarla, agus níorbh é an rang Béarla a thug an deis dom an blag seo a scríobh. Is é an rud a thug sin ar fad dom ná rud éigin a raibh grá agam dó a scríobh.

Is ea, bíonn scéalta scannalacha ann, ach nach bhfeictear leabhair Mills and Boon ar sheilfeanna gach leabharlainne? Ní gá ach fios a bheith agat ar cá háit ba cheart duit breathnú. Is iad na scéalta is mó a leantar ar an suíomh ná na scéalta faoi sheánra na heachtraíochta agus tá siad níos faide ná aon cheann de na leabhair atá agam ar mo sheilf.

Oibríonn na léitheoirí agus na scríbhneoirí as lámha a chéile. Foghlaimíonn siad cén chaoi lena dteicníc scríbhneoireachta a fheabhsú tríd an eagarthóireacht agus trí chabhrú le daoine eile mar bhéite fiú. Briseann daoine suas obair daoine eile go fiúntach agus oibríonn siad le chéile le muinín a thabhairt dá chéile. Bíonn na léirmheasanna cineálta agus tacúil den chuid is mó.

Ní chreidfeá líon na scríbhneoirí sna déaga a bhfuil an talamh á bhrath roimh ré acu agus atá ag tabhairt faoi rudaí nua. Teastaíonn uathu iad féin a mhúineadh. Teastaíonn treoir agus aitheantas uathu.

Má chuireann tú an téarma ‘ficsean leantóirí’ isteach in aon inneall cuardaigh, tiocfaidh míreanna ó sheónna cainte déanacha aníos ina ndéantar magadh air agus ailt a dhéanann iarracht múineadh do thuismitheoirí a bhfuil i ndoimhne an phobail. Is cuma le gach duine ar an suíomh. Sin é an saol lasmuigh. Déanann na scríbhneoirí agus na léitheoirí a ndéanann siad le muinín. Muinín a bheadh tairbheach do scoileanna agus do shochaithe sa domhan ciniciúil seo.
Agus cuirfidh mé deireadh leis an gcéad bhlag seo leis na ceachtanna a mhúin an scríbhneoireacht ar líne dom. Ceachtanna ba chóir a bheith foghlamtha ar scoil agam:

Baineann obair le cumas, fiú le cumas draíochtúil ar nós na cruthaitheachta.
Agus

Is é an t-aon bhealach le rath a bhaint amach i ndáiríre ná bogadh ar aghaidh tríd an gcéim dhiúltach a bhíonn ar gach scríbhneoir a shárú agus an chéad nuashonrú eile sin a phostáil.

Foilsithe

22/8/2018

Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Litríocht

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh