Blag 4 - Róisín O’Donnell, Clár na nDrámadóirí Óga
Is marthanóir Ardteiste agus scríbhneoir í Rosie O’Donnell atá naoi mbliana déag d’aois. Ba rannpháirtí í sa chéad Chlár Drámadóirí Óga riamh. Cuireadh a dráma ‘Bernie’ ar siúl den chéad uair le linn an chláir. Tá cónaí i gCorcaigh, áit a gcaitheann sí a cuid ama ag scríobh ficsin agus drámaí, ag éirí tógtha le leabhair agus lena madra.
Is comhshraith blaganna í an tsraith seo le beirt rannpháirtithe ó Chlár na nDrámadóirí Óga, Jessica O’Brien agus Róisin O’Donnell.
D’athraigh an coláiste an chaoi a scríobhaim...
Tá an blag seo á scríobh agam amhail is gur mac léinn ollscoile steiréitipiciúil mé, spriocdháta romham, mé ar ríomhaire beag bídeach, i leabharlann mhór acadúil. Ocht mí ó shin glacadh liom i gClár na nDrámadóirí Óga agus ceithre mhí ó shin bhí mo chéad dráma beo ar an stáitse. An airím uaim an clár? Freagra gearr: Airím.
Sa choláiste, is minic a chuireann rudaí i gcuimhne dom an t-am a chaith mé in Graffiti – gan mí-ádh a tharraingt air. Cosúil leis an am sin, tá daoine a thaitníonn liom timpeall orm agus tá mo mhéarchlár in aice láimhe.
Tharla go leor rudaí nach raibh mé ag súil leo nuair a thosaigh mé ar an gcéad bhliain i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Is féidir liom stánadh/féachaint go feargach/gáire ar an ‘saol’ anois. Agus braithim compordach go leor ann. Spreag John agus Katie i gcónaí muid le cur in iúl cé muid féin - scríbhneoirí. Teideal soiléir, a déarfá. Ach suas go dtí an chaibidil nua seo i mo shaol, bhí mé ag fanacht. Ag fanacht le fianaise a d’fhéadfainn a chur in airde ar Instagram agus a stopfadh gach duine ag scrolláil ar feadh meandair agus go ndéarfaidís leo féin - ‘M’anam, Róisín ... Níl sí meánach...’ gach smaoineamh diúltach imithe.
Nílim chun raiméis a chlóscríobh má mhúin m’am leis an tsochaí iriseoireachta rud ar bith dom. Níor oscail na doirse le mo chuid mianta a thaispeáint dom.
Ba gheall leis an Titanic ar meisce mo shaol pearsanta agus mé i mbun na hArdteistiméireachta. Agus ní raibh marcanna trua le fáil i línte néata gorma na leabhrán scrúdaithe. Ní bhfuair mé na torthaí a bhí uaim. Dúirt Coimisiún na Scrúduithe Stáit nach bhfuil tú maith go leor, níorbh fhiú faic na fríde na laethanta, na míonna, an BHLIAIN, a chaith tú, agus níorbh fhiú faic na fríde an páipéar ar priontáladh na torthaí air.
Fuair mé mo rogha cúrsa mar gheall go raibh an t-ádh orm. Aon bhliain eile... ná smaoinímis air sin.
Ní fiú faic m’Ardteistiméireacht anois. Ní luann léachtóirí í agus bíonn muidne, mic léinn, ag smaoineamh air agus cuireann sí déistin orainn, go hannamh.
Táim i ndiaidh foghlaim cén chaoi le stopadh leis an nguíodóireacht agus le scéalta míchúramacha teacht in aois, a chuir leadrán an domhain orm, a scríobh. Scríobhaim faoi mo shaol anois agus faoin domhan thart timpeall orm. Seolaim mo chuid dréachtaí chuig UCC Express nó an Motley chun nascadh le mic léinn eile. Go dtí seo níl aon diúltú faighte agam, díreach leasuithe agus ‘is féidir leat é a dhéanamh’. Agus táim sásta. Agus tá na gaiscí beaga atá bainte amach agam sa choláiste i ndiaidh níos mó a thabhairt dom ná mar a d’fhéadfadh sé bliana agus dhá scrúdú riamh.