ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Guest Blogger: Naomi Cahill Creative Associate for Creative Schools & Director of Bespoke Productions – Blog No.3


Image copyright Naomi Cahill - Creative Schools - Benefits of Creativity

Oibríonn Naomi Cahill mar Chomhlach Cruthaitheach do na Scoileanna Ildánacha agus is í bunaitheoir agus stiúrthóir Bespoke Productions. Is múinteoir drámaíochta cáilithe í a bhfuil taithí aici i mbunscoileanna, i meánscoileanna agus in oideachas aosach agus, i dteannta leis sin, d’oibrigh sí le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus le daoine fásta atá faoi mhíchumas intleachtach. Bhain Naomi céim amach i Léann na Drámaíochta agus an Téatair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Chomh maith leis sin, chuir sí Ard-Dioplóma Ealaíon in Oideachas Drámaíochta i gcrích agus bronnadh ‘An Ghnóthachtáil Acadúil is Airde’ ó Scoil Ceoil agus Drámaíochta Laighean. Stiúrann Naomi cúrsaí drámaíochta trí Bespoke Productions in Éirinn agus ar an gcoigríoch, agus dírítear iontu ar mhuinín a fheabhsú, chomh maith le féinmheas agus scileanna cumarsáide a fhorbairt. Stiúir sí leagan nua-aimseartha de ‘Romeo & Juliet’ le déanaí in Teatro Re Grillo, Licata, sa tSicil. Tá taithí ag Naomi ar bheith ar stáitse agus i scannáin, agus taitníonn léi a taithí a roinnt lena cuid scoláirí. Tá an-áthas uirthi a bheith ag obair mar Chomhlach Cruthaitheach do Clár na Scoileanna Ildánacha.

Scoileanna Ildánacha: Tús le Rudaí Nua in 2019 - Blag 3

Céim a Dó: ‘Forbair’

B’iontach an bhliain a bhí againn go dtí seo in 2019 agus leanadh ar aghaidh le Tionscadal na Scoileanna Ildánacha. Chuir mé an chéim ‘Tuig’ i gcrích, agus bhog mé ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile: ‘Forbair’. Oibrím le scoileanna chun ‘Fís na Scoileanna Ildánacha’ a chruthú ach úsáid a bhaint as an gcreat pleanála. Is fís fhadtréimhseach í seo chun na healaíona agus cruthaitheacht a chur i gcroílár na scoile. Ba cheart go mbeadh an fhís uaillmhianach ach réadúil ag an am céanna. Cuireann sí ar chumas na scoile aidhmeanna, critéir ratha agus pleananna gníomhaíochta a fhorbairt. Deirtear sna haidhmeanna an méid atá an scoil ag iarraidh a bhaint amach go hidéalach ach an plean a chur i bhfeidhm. Mar a luaigh mé cheana, tá tábhacht ar leith ag baint le guth na ndaoine óga i ngach céim den tionscadal seo. Ní mór don scoil ról na ndaoine óga a chur in iúl i bhforbairt an phlean. Ba cheart go mbeadh cur síos mionsonraithe sna critéir ratha ina ndeirtear an chaoi a mbeidh a fhios ag an scoil an bhfuil an plean ag imirt an tionchair chirt ar an scoil agus ar an bpobal níos leithne nó nach bhfuil.

Is é an chéad rud eile atá le déanamh agam ná ‘Plean Scoileanna Ildánacha’ a fhorbairt. Úsáidtear an plean seo chun tacú le ‘Fís na Scoileanna Ildánacha’. Cuimsítear leis, príomhréimsí le forbairt ba cheart a chur i bhfeidhm thar thréimhse roinnt blianta. Úsáidtear é chun tacú leis na réimsí seo a leanas atá le forbairt: páistí agus daoine óga, teagasc agus foghlaim, ceannaireacht agus bainistíocht agus timpeallacht, deiseanna agus líonraí na scoile. Úsáidtear an obair a cuireadh i gcrích go dtí seo sa chéim ‘Tuig’ chun leas a dhéanamh don chéim ‘Forbair’.

Chomh maith leis sin, oibrím sa scoil chun plean gníomhaíochta a fhorbairt. Úsáideann an scoil an plean seo chun cur síos a dhéanamh ar na healaíona agus ar na gníomhaíochtaí cruthaitheacha faoi leith ba mhaith leo tabhairt fúthu i mbliana. Ní mór sraith ceisteanna a fhreagairt a dhéanann cinnte go gcuimhníonn na scoileanna go mion ar an tairbhe fhadtéarmach a bhainfear as na gníomhaíochtaí a roghnaítear. Cad iad na réimsí den churaclam atá i gceist (lena n-áirítear an fhéidearthacht do chomhoibriú/do chomhtháthú ar fud réimsí ábhair)?

Scoileanna a nascadh le Deiseanna:

Ní mar a chéile aon dá scoil agus tá láidreachtaí agus réimsí ealaíne/cruthaitheacha faoi leith acu ba mhaith leo a fhorbairt. Tá mé ag obair chun scoileanna a nascadh le deiseanna ábhartha de réir phleananna na scoileanna faoi láthair. Cuimsítear le cuid de na gníomhaíochtaí a tháinig chun cinn go dtí seo: na baill foirne ag fáil oiliúint FGL in oideachas drámaíochta chun an chaoi ar féidir dráma próisis a úsáid a fhoghlaim ar bhealach traschuraclaim mar mhodh chun feabhas a chur ar fhoghlaim ar bhealach praiticiúil agus spreagúil. Cuimsítear le gníomhaíocht eile: na scoláirí ag obair le healaíontóir sráide thar thréimhse sraith seachtainí chun a gcuid oibre féin a chruthú. Fuarthas freagairt iontach ó na heagraíochtaí agus ó na healaíontóirí ealaíne/cruthaitheacha maidir leis an tionscadal. Cuimsítear an méid seo a leanas le cuid de na naisc a rinne mé go dtí seo: ealaíontóirí i réimse disciplíní), Oifigigh Ealaíon, Oifigigh Éire Ildánach, Oifigigh Oideachais (ó na heagraíochtaí ealaíne), gailearaithe ealaíne, roinn drámaíochta na hollscoile, eagraíochtaí ceoil agus gnólachtaí damhsa.

Grúpa Comhairleach na Scoláirí:

Lena chinntiú go bhfuil ról gníomhach ag na scoláirí sa tionscadal a chur i bhfeidhm agus a mheasúnú, oibrím le scoileanna chun ‘Grúpa Comhairleach na Scoláirí’ a chruthú. Is sampla ionadaíoch é seo de na scoláirí ó ghrúpaí ranga éagsúla a ndéanaim teagmháil leo go rialta. Tugann na scoláirí seo léargas luachmhar dúinn ar a spéiseanna ealaíne agus cruthaitheacha féin. Caithfear na tuairimí seo a chur san áireamh agus an tionscadal á fhorbairt, á chur i bhfeidhm agus á mheasúnú.

Na hEalaíona san Oideachas:

Tá an tionscadal ag cur le tábhacht na n-ealaíon agus le cruthaitheacht san oideachas ar bhonn uilechoiteann. Ní hamháin an bhfuil deiseanna á gcruthú do scoileanna dá bharr ach d’ealaíontóirí freisin a bhfuil an-scil, oiliúint agus taithí acu. Bhí cruthaitheacht i gcroílár mo shlí beatha go pearsanta go dtí seo. Cloisim faoi na buntáistí a bhaineann le cruthaitheacht maidir le meabhairshláinte agus le folláine go rialta. Caithfidh na healaíona agus cruthaitheacht a chur ar fáil tríd an gcóras oideachais chun a chinntiú go bhfuil comhdheis ag daoine óga. Bíonn an domhan ag athrú de shíor, agus teastaíonn cruthaitheacht anois níos mó ná riamh roimhe.

Foilsithe

30/1/2019

Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh