ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Yvonne Cullivan, Comhghleacaí Cruthaitheach do Scoileanna Ildánacha & Amharc-ealaíontóir


Yvonne Cullivan

Is amharc-ealaíontóir agus oideoir atá lonnaithe in Iarthar na hÉireann í Yvonne Cullivan. Tá cúig bliana déag de thaithí aici i gcleachtas na Mínealaíne, in Oideachas Ealaíon, in Ealaíona Poiblí agus Rannpháirteacha, agus i mBainistíocht Ealaíon. Tá B.A. aici sa Mhínealaín ó Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Crawford i gCorcaigh agus tá M.Sc. aici sna hIlmheáin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is Léachtóir í Yvonne sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i mBaile Átha Cliath ar Chlár Mínealaíne agus Deartha na Chéad Bhliana agus i Roinn na Meán Mínealaíne. Tá sí ag obair mar Chomhpháirtí Cruthaitheach mar chuid de Chlár na Scoileanna Ildánacha faoi láthair chomh maith.

Oibríonn Yvonne thar réimse leathan meán de nós clár faisnéise, lena n-áirítear fuaim, físeán, grianghrafadóireacht, agallamh/comhrá, tarraingt agus scríbhneoireacht agus is é bunchloch a cleachtais cur chuige láidir rannpháirtíochta agus comhoibrithe. Is minic a oibríonn sí laistigh de phobail áiteanna, agus rannpháirtíocht i dtaighde a bhaineann leis an suíomh agus giniúint eolais idirdhisciplínigh á bhfréamhú aici. Is é an toradh a bhíonn ar phróisis leanúnacha bhreathnóireachta, cháipéisíochta, chomhoibrithe, agus rannpháirtíochta eispéireasaí le háit ná cruthú saothar nua ar léiriú iad ar an bpróiseas, atá feiliúnach don phróiseas, agus atá múnlaithe ag an bpróiseas.



 

Súile Nua

Ceann de na gnéithe is mó a thaitníonn liom faoi obair mar ealaíontóir, go háirithe agus mé ag plé le grúpa nó le pobal, ná an méid nach eol dúinn. Nuair a thosaím ar thionscadal, ní bhíonn a fhios ag aon duine i ndáiríre céard atá chun tarlú, mé féin san áireamh! Is féidir leis sin a bheith scanrúil. É sin ráite, is spás iontach é le breith; ceann a chruthaíonn deis don éisteacht ghníomhach agus don fhreagairt oscailte, don iniúchadh agus aimsiú iomasach.

Is é an méid atá ar eolas agam agus a bhfuil muinín iomlán agam as ná an próiseas cruthaitheach ina bhfuil mo chuid oibre ar fad leabaithe. Beidh rannpháirtíocht chuimsitheach, mhachnamhach, agus ionchuimsitheach i gceist i gcónaí. Beidh túsphointe scaoilte ag baint leo; amhail ceist, cuspóir, nó téama leathan. Beidh taighde, plé, breathnóireacht, cáipéisíocht, agus bailiú eolais ag baint leis freisin. Ós rud é gurb é an t-aon chuspóir a bhíonn agam de ghnáth ná saothar ealaíne de chineál éigin a dhéanamh, is maith liom tuiscint a fháil ar an ‘mórphictiúr’ lena gcuid miondifríochtaí agus gnéithe suntasacha ar fad, is cuma céard é an cás. Agus an rannpháirtíocht ag tarlú, déanaim síorathbhreithniú ar an eolas a thagann chugam agus déanaim síorbheachtú air, agus cuirim freagra le chéile go mall gan aon dualgas orm a chinntiú go mbaineann aon chruth faoi leith leis. I ndeireadh na dála, mar gheall ar an bpróiseas ar fad, bíonn toradh ar an obair. De ghnáth is toradh é atá léiritheach agus ábhartha, agus bainfidh cruth leis a chuireann iontas ar dhaoine ach ag an am céanna nach iontas ar chor ar bith é, mar bhí an cruth sin ag teacht air le linn an phróisis. Is mar an gcéanna i gcónaí an patrún. Arís agus arís eile ní bhíonn muinín agam sa phróiseas, de ghnáth agus mé ina lár. Ansin, nuair a shroichim an deireadh, meabhraítear dom go n-oibríonn sé go hiomlán. Seo an chaoi a n-oibrím mar ealaíontóir agus mar oideoir agus seo an cur chuige atá agam sa ról atá agam faoi láthair mar Chomhlach Cruthaitheach ar Chlár na Scoileanna Ildánacha.

Is áiteanna fíorghníomhach iad scoileanna. Bíonn brú ollmhór ama agus ualach ollmhór oibre i gceist don fhoireann, do na daltaí, agus don bhainistíocht. Is iad na hábhair ealaíne is éasca le fáil réidh leo nó is deacra lena gcur isteach. Mar sin féin, braithim go bhfuil fonn an-láidir ar fad, ar bhaill foirne agus ar dhaoine óga araon, níos mó cruthaitheachta, níos mó saoirse, agus níos mó tástála agus spraoi a fheiceáil sa churaclam agus i saol na scoile. Baineann dúshláin leis seo, ar ndóigh, agus roinnt cúiseanna imní. Tá mé ag plé le bealaí gníomhacha, físiúla, agus comhoibrithe inar féidir le mo chomhordaitheoirí agus pobail scoile na dúshláin agus na cúiseanna imní seo a nochtadh chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna agus na mianta atá ann maidir le ‘scoil chruthaitheach’. Táim i ndiaidh taifeadadh a dhéanamh ar na guthanna ábhartha ar fad, ó na daltaí is óige go dtí an príomhoide, trí cheardlanna, suirbhéanna, gníomhaíochtaí, plé agus vótaí. Táimid i ndiaidh machnamh a dhéanamh ar gach gné de cheist na cruthaitheachta i scoileanna, ó nithe beaga praiticiúla go físeanna móra.

Tá na trí scoil a bhfuilim ag obair leo an-tiomanta don chlár agus tá an-díograis agus an-mhacántacht á léiriú acu agus tá muinín iomlán acu as an bpróiseas a bhfuilimid ag tabhairt faoi le chéile. Is scoileanna iad ina bhfuil an-chuid éagsúlachta iontu agus tá trí chruth an-éagsúil ar fad ag teacht chun cinn...



Foilsithe

24/4/2019

Réigiún

Gaillimh