ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - Sinéad Ní Bhrádaigh, Comhordaitheoir Scoileanna Ildánacha agus Múinteoir


Image copyright: Galway Educate Together - Children's Panel giving feedback

Sinéad Ní Bhrádaigh

Tá Sinéad Ní Bhrádaigh ag obair in Ag Foghlaim le Chéile, Gaillimh ón mbliain 2002. Bhí spéis aici riamh sna healaíona, i dtaobh ceoil na n-ealaíon go príomha. Seinneann sí an pianó clasaiceach go leibhéal an Teastais Shinsearaigh agus tá sí i ndiaidh a bheith páirteach le Comhaltas Ceoltóirí Éireann mar sheinnteoir agus teagascóir pianó agus fidle i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Sa bhliain 2001, bhain Sinéad Ard-Dioplóma i Riarachán na nEalaíon amach agus fuair sí an-taithí agus í i mbun obair dheonach le hAmharclann Halla an Bhaile agus Ionad Ealaíon na Gaillimhe. Bhunaigh sí cór scoile GETNS sa bhliain 2004, agus déanann sí comhoibriú le múinteoir eile anois le cór a bhfuil breis is 100 scoláire páirteach ann a stiúradh. Tá cór GETNS i ndiaidh ceol a sheinm ag cúpla Peace Prom, in Amharclann Halla an Bhaile agus ag imeachtaí pobail.

Machnamh a dhéanamh ar chéad bhliain na Scoileanna Ildánacha 

Chomh maith leis na ceardlanna a chuireamar ar bun i mí Bealtaine agus mí an Mheithimh, tháinig coiste Múinteoirí na Scoileanna Ildánacha aníos le Clár Gníomhaíochtaí le déanamh in éineacht leis na ceardlanna. Tháinig Painéal na bPáistí le chéile freisin lena gcuid moltaí féin a chur leis an gClár. Dearadh an Clár le go mbeadh sé ina liosta gníomhaíochtaí éasca seomra ranga a d’fhéadfadh na múinteoirí tabhairt fúthu ag a rogha ama agus ar a rogha lae, le cur le gníomhaíochtaí go mb’fhéidir go raibh sé i gceist acu a dhéanamh ar aon nós. Bhí na gníomhaíochtaí ar fad bunaithe ar ár dtéama; Bia, Cócaireacht agus Dúlra. Áiríodh i measc cuid de na gníomhaíochtaí naisc chuig suíomhanna gréasáin Bia-eolaíochta; cuirí a thabhairt do thuismitheoirí teacht isteach sa seomra ranga le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí cócaireachta; smaointe d’ealaín bunaithe ar dhúlra; lóin shláintiúla chomhroinnte agus picnicí foraoise agus trá. Tugadh cóip den Bhiachlár seo chuig gach seomra ranga ar feadh ceithre seachtaine agus spreagadh gach múinteoir le plé leis an gclár.

Le linn seachtain dheireanach an téarma, thugamar cuireadh dár bpainéal páistí teacht agus roinnt aiseolais a thabhairt ar an gclár agus ar an gcaoi a raibh sé dóibh. Leag Yvonne amach leathnaigh mhóra páipéir agus bhí ceisteanna faoi leith aici leis an eolas a bhí uaithi a chur ar fáil. B’eispéireas an-tairbheach a bhí ann, agus d’fhéadfá a rá go ndeachaigh sé go croí ionainn. Bhí gach seomra ranga agus gach leibhéal ranga rannpháirteach sa chlár ag leibhéil éagsúla. Bhraith sé ar sceideal gnóthach gach ranga. Mar sin, bhí aiseolas éagsúil ag na páistí ar fad. Agus tá a fhios againn ar fad an chaoi a mbíonn páistí - bhí an t-aiseolas macánta, agus ní raibh cuid de chomh moltach sin!

Mar mheascán iomlán mearaí, d’éirigh le clár na Scoileanna Ildánacha a chuid aidhmeanna agus cuspóirí a bhaint amach don bhliain seo. Ach nuair a bhriseann tú an míreanna mearaí síos ina gcodanna aonair, níor braitheadh gur bhain an rath sin le gach duine de na páistí i ngach ceann de na ranganna. Bhí díomá orm féin agus Yvonne mar gheall air sin, mar rinneadh an-infheistiú sa chlár i gcaitheamh na bliana ar fad. Ag deireadh an lae, is iad na páistí is tábhachtaí, agus murar bhain na páistí tairbhe as, is gá ceisteanna a chur. Bhí an-phlé agam féin agus ag Yvonne faoi, agus d’aontaíomar nach raibh dabht ar bith ann go bhféadfadh an t-aiseolas a bheith difriúil dá mbeadh cinneadh déanta againn díriú ar ghrúpa ranga amháin, mar shampla, agus dá mbainfeadh an clár Scoileanna Ildánacha leis na páistí sin amháin. Ach níorbh é sin a bheartaíomar a dhéanamh. Ina ionad sin, bhí orainn díriú ar na míreanna iomlána mearaí, ceiliúradh a dhéanamh ar na gnéithe ar éirigh leo, agus breathnú chun tosaigh leis an gcaoi ar féidir linn tógáil air an bhliain seo chugainn a leagan amach.

Tá sé i gceist againn díriú an bhliain seo chugainn ar fhorbairt ghairmiúil múinteoirí i gcleachtais ildánacha. Feiceann muid an-deis sa bhliain atá romhainn maidir lenár gcuid ama a chaitheamh i mbun taighde ar chleachtais ildánacha thraschuraclaim mar braitheann muid go gcaithfimid ar fad cur lenár gcuid cleachtas féin ionas go mbainfeadh an líon is mó páistí tairbhe as an gClár Scoileanna Ildánacha. Tá an-sceitimíní orainn maidir le gné nua seo an chláir agus táimid ag súil le leanúint ar an aistear ildánach seo an bhliain seo chugainn. 



Foilsithe

21/8/2019

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Gaillimh