ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 – Kate Wilson, Ealaíontóir agus Príomhéascaitheoir ar Fhoireann Deartha TAP


Image copyright: Kate Wilson 'Undercurrent'

Cóipcheart Íomhá: Kate Wilson 'Undercurrent'

Kate Wilson

Rinne Kate Wilson staidéar ag Slade School of Art, Londain. Bhog sí go hÉirinn in 1995, agus tháinig stíl ildisciplíneach ar a cuid saothar, le damhsa, ceol agus gnéithe físiúla san áireamh. In 2012 bhí sí ina comhbhunaitheoir ar ‘Hereinafter Performance’, agus níos déanaí in 2015, ‘Undercurrent’. Bailiúchán ildisciplíneach de thaibheoirí áitiúla agus idirnáisiúnta ó chúlraí éagsúla is ea Undercurrent. Tá roinnt tionscadal de chuid Undercurrent, amhail Winter Ground agus Magnetise, tar éis na gearrliostaí a bhaint amach do dhuaiseanna náisiúnta, agus tá na duaiseanna céanna buaite ag roinnt eile, duaiseanna na Comhairle Ealaíon agus LAMA san áireamh. Bhronn Acadamh Ríoga na hÉireann duais Gradaim uirthi chomh maith.

Tá aitheasc déanta ag Kate ag seimineáir a bhain leis an gcleachtas comhroinnte agus na luathbhlianta, agus oibríonn sí mar mheantóir le tionscnaimh ealaíon i Ros Comáin agus Liatroim. Tá sí ina príomheascaitheoir agus oibríonn sí leis an bhfoireann deartha náisiúnta  le haghaidh TAP (An Chomhpháirtíocht Múinteoirí - Ealaíontóirí).

Tugadh cuireadh do Kate ceardlanna a fud na hÉireann a éascú, le haghaidh IMMA, The Ark, The Model agus The Dock. Mar aon leis sin, bíonn sí ag obair ar roinnt cónaitheachtaí a théann i ngleic le pobail agus scoileanna áitiúla. Faoi láthair, tá sí i mbun MA sa Chleachtas Cruthaitheach sa Damhsa Neamhspleách ag Trinity Laban, Londain.

www.undercurrentdancefilmtheatre.com

www.katewilsonartist.com

Éagsúlacht agus Every Duck is Different

I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo chaite iarradh orm freastal ar an gcomhdháil Europe in Perspective in Dortmund leis an Dr. Katie Sweeney agus foireann deartha TAP (An Chomhpháirtíochta Múinteoirí - Ealaíontóirí).

Mar chuid de FGL na Chomhpháirtíochta Múinteoirí - Ealaíontóirí, dírítear ar mhúinteoirí agus ealaíontóirí a chumasú lena dtuiscint, saineolas agus cruthaitheacht sna ‘healaíona san oideachas’ a fhorbairt i gcomhpháirt le páistí agus daoine óga. Forbraíodh an tionscadal faoi Chairt na nEalaíon san Oideachas agus tá sé ar an bhfód ó 2015. Bíonn sé ar siúl sa chéad seachtain i mí Iúil gach bliain in Ionaid Oideachais faoi Chlár Éire Ildánach. Go dtí seo, cuireadh oiliúint ar bhreis is 1,000 múinteoir agus Ealaíontóir mar chuid de FGL TAP in Éirinn. Tá spéis mhór ann anois ag leibhéal an AE agus an leibhéal idirnáisiúnta sa chomhpháirtíocht Múinteoirí-Ealaíontóirí mar mhúnla chun an t-oideachas ealaíon a neartú i scoileanna.

Bhí an chomhdháil in Dortmund, ‘Every Duck is Different, Challenging our perspectives on Europe and Culture’, ar an gcomhdháil/oiliúint dheireanach mar chuid den Oiliúint Trasnáisiúnta um Éagsúlacht agus Foghlaim Chultúrtha.

(Chun tuilleadh eolais agus acmhainní a fháil, téigh chuig www.ahead.ie/udl.

Forbraíodh an chomhdháil chun iniúchadh a dhéanamh ar na bealaí a bhféadfaidh cleachtóirí ealaíne agus oideachais aghaidh a thabhairt ar an éagsúlacht. Bhí dhá lá lán le gníomhaíochtaí grúpa agus cur i láthair ó chainteoirí lena n-áirítear Dr Ipek Demir agus Szilvia Németh. Tugadh cuireadh do dhá ghrúpa gníomhaíochtaí óga, Europe Fiction agus Polotics of Hope, clabhsúr a chur leis an gcomhdháil. Chuir a bpeirspictíocht úr, a n-inniúlacht agus an paisean a léirigh siad dá n-idirghabhálacha go mór leis an ócáid.

Le déanaí, tá mé ag smaoineamh ar na bealaí ina dtugaim aghaidh ar an éagsúlacht i mo chleachtas féin. Tá an éagsúlacht chultúrtha ina chuid thábhachtach dár bpobail agus dár scoileanna inniu, agus tá sé tábhachtach go mbeimid ag breathnú i gcónaí ar na creatlaí agus modhanna seanbhunaithe, agus muid ag smaoineamh ar na ngá atá ann a bheith solúbtha sa chomhthéacs sin. Is ionann an éagsúlacht agus a aithint ‘nach ionann dhá ghadhar’. Go dtacóimid lena chéile chun fás, trí aitheantas a thabhairt ar an láidreacht a bhaineann lenár n-éagsúlachtaí, agus lenár gcumas smaoineamh ar bhealach criticiúil neamhspleách. Chun sult a bhaint as na difríochtaí eadrainn, agus spéis agus inspioráid a bhaint astu le go mbeimid in ann gluaiseacht i dtreo cruinne ina ndéantar ceiliúradh ar difríochtaí intleachtúla agus fisiciúla mar aon le difríochtaí cultúrtha.

Deis iontach a bhí ann cuid den fhoghlaim agus spreagadh sin ón gcomhdháil a thabhairt ag lá uasoilte phríomheascaitheoirí TAP i mí Feabhra. Tá cónaitheacht nua ag roinnt de na príomhpháirtithe i mbliana, rud atá ina dheis iontach an teoiric a chur i bhfeidhm.

Ó bhí an chomhdháil ann, tá forbairt iontach ar TAP agus bunaíodh gné idirnáisiúnta TAP, (ITAP). Ag tógáil ar na caidrimh le comhpháirtithe nua ón gcomhdháil, tá clár Eorpach um chleachtas agus malartú comhroinnte á fhorbairt againn faoi láthair.

Foilsithe

25/2/2020

Foirmeacha Ealaíne

Rince & Gluaiseacht