ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blog 2 – Kate Wilson, Artist & Lead Facilitator on the TAP Design Team


Image copyright: Kate Wilson - Magnetise Project

Cóipcheart Íomhá: Kate Wilson Magnetise Project

Kate Wilson

Rinne Kate Wilson staidéar ag Slade School of Art, Londain. Bhog sí go hÉirinn in 1995, agus tháinig stíl ildisciplíneach ar a cuid saothar, le damhsa, ceol agus gnéithe físiúla san áireamh. In 2012 bhí sí ina comhbhunaitheoir ar ‘Hereinafter Performance’, agus níos déanaí in 2015, ‘Undercurrent’. Bailiúchán ildisciplíneach de thaibheoirí áitiúla agus idirnáisiúnta ó chúlraí éagsúla is ea Undercurrent. Tá roinnt tionscadal de chuid Undercurrent, amhail Winter Ground agus Magnetise, tar éis na gearrliostaí a bhaint amach do dhuaiseanna náisiúnta, agus tá na duaiseanna céanna buaite ag roinnt eile, duaiseanna na Comhairle Ealaíon agus LAMA san áireamh. Bhronn Acadamh Ríoga na hÉireann duais Gradaim uirthi chomh maith.

Tá aitheasc déanta ag Kate ag seimineáir a bhain leis an gcleachtas comhroinnte agus na luathbhlianta, agus oibríonn sí mar mheantóir le tionscnaimh ealaíon i Ros Comáin agus Liatroim. Tá sí ina príomheascaitheoir agus oibríonn sí leis an bhfoireann deartha náisiúnta  le haghaidh TAP (An Chomhpháirtíocht Múinteoirí - Ealaíontóirí).

Tugadh cuireadh do Kate ceardlanna a fud na hÉireann a éascú, le haghaidh IMMA, The Ark, The Model agus The Dock. Mar aon leis sin, bíonn sí ag obair ar roinnt cónaitheachtaí a théann i ngleic le pobail agus scoileanna áitiúla. Faoi láthair, tá sí i mbun MA sa Chleachtas Cruthaitheach sa Damhsa Neamhspleách ag Trinity Laban, Londain.

www.undercurrentdancefilmtheatre.com

www.katewilsonartist.com

 

Cabhair a lorg

Magnetise 2020 and an cleachtas comhoibríoch le linn na dianghlasála

Sa lá atá inniu ann, agus muid scartha óna chéile, beidh sé tábhachtach do cuid mhór ealaíontóirí nascadh lena chéile le tionscadail chomhoibríocha. Cé go bhféadfaidh an imní teacht anuas ar ár gcumas feidhmiú chomh maith agus is féidir linn, tá féidearthacht go bhféadfaimid a bheith le chéile, chun leanúint linn ag obair, ag spreagadh a chéile agus ag smaoineamh le chéile, rud a d’fhéadfadh a bheith níos tábhachtaí ná pasta agus páipéar leithris ag deireadh an lae!

Le roinnt laethanta anuas, tá mé tar éis roinnt ama a chaitheamh ag smaoineamh ar na féidearthachtaí agus dúshláin do mo chuid tionscadal reatha féin sa timpeallacht úr seo. Mar ealaíontóir, tá mé tar éis glacadh leis an saibhreas céadfach atá ag gabháil leis an ngualach, leis an éadach agus leis an bpéint, sheachain mé an teicneolaíocht beagán, agus is minic go mbaineann mo chuid taispeántas leis an damhsa teagmhála, agus anois is cosúil go bhfuil mé ag breathnú caol díreach ar an ról ríthábhachtach a bheidh ag an teicneolaíocht ar líne amach anseo. Sampla de sin is ea an Tionscadal Magnetise. Tá an tionscadal seo, a roghnaíodh do gradaim áitiúla agus idirnáisiúnta anuraidh, dírithe ar chónaitheachtaí seachtaine agus ceardlanna ina mheascann ealaíontóirí idirnáisiúnta agus grúpaí pobail áitiúla le chéile an fhorbairt ghairmiúil agus cleachtas pobalbhunaithe. Tá áthas orainn go bhfuil maoiniú faighte againn leanúint leis an obair sin i mbliana agus tógáil ar na caidrimh agus téamaí reatha. Díríonn an tionscadal ar na féidearthachtaí atá ann nuair a dhírítear ar an imtharraingt, trí ghluaiseacht, fuaim agus líníocht shómatach, mar bhealach ár nasc leis an tírdhreach a neartú.

Ag deireadh 2019, chuir muid tús leis an gcéad chéim eile a fhorbairt, ‘Magnetise, a call for home’. Baineann an teideal sin (atá an-tochtmhar sa lá atá inniu ann) le mian iniúchadh a dhéanamh ar na naisc atá ann ní amháin idir muid féin agus an tírdhreach, ach idir an talamh agus an fhéiniúlacht, agus céard go díreach atá i gceist le bheith ‘sa bhaile’; inár gcoirp, inár bpobail agus inár dtimpeallacht. I mbliana, oibreoidh seisear ealaíontóirí damhsa le rannpháirtithe ó dhá ghrúpa pobal (triúr taibhbeoirí fásta gur úsáideoirí cathaoir rothaí iad, agus triúr damhsoirí óga) chun chomh-thaispeántas a chruthú. Go ceann tamaill, déanfar an obair ar fad ó chian agus d’fhéadfadh sé go ndéanfar an taispeántar deiridh ar scáileán roinnte i bhfíseán in áit ar an stáitse. Fiosróidh muid na féidearthachtaí a bhaineann le Zoom maidir le plé agus ceardlanna a éascú, agus an suíomh gréasáin maidir le smaointe a roinnt agus machnamh. Breathnóidh muid freisin ar cheamaraí réaltachta fíorúla (VR) a úsáid le haghaidh obair taifeadta nó beoshrutha, rud a chuirfeadh srathú le ihdirghníomhaíocht fíor-ama.

Idir an dá linn, tá sé níos tábhachtaí go mbeimid nasctha ar bhealaí fiúntacha agus cruthaitheacha ná mar a bhí riamh, agus go neartóidh muid na naisc atá againn leis an mbaile agus leis an talamh. Tá súil agam go dtabharfaidh Magnetise, mar a thugann tionscadail eile, fráma do ghrúpa chun iad a choinneáil le chéile agus chun iad a choinneáil ag cruthú rudaí le chéile. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Magnetise, téigh chuig www.undercurrentdancefilmtheatre.com/magnetise

Image copyright: Kate Wilson

Foilsithe

30/3/2020

Foirmeacha Ealaíne

Rince & Gluaiseacht