ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blog 4 – Kate Wilson, Artist & Lead Facilitator on the TAP Design Team


(Still) Zoom session with projection ‘Research looping embodied movement and drawing’ Kate Wilson with dance artist Ben McEwan.

Kate Wilson

Rinne Kate Wilson staidéar ag Slade School of Art, Londain. Bhog sí go hÉirinn in 1995, agus tháinig stíl ildisciplíneach ar a cuid saothar, le damhsa, ceol agus gnéithe físiúla san áireamh. In 2012 bhí sí ina comhbhunaitheoir ar ‘Hereinafter Performance’, agus níos déanaí in 2015, ‘Undercurrent’. Bailiúchán ildisciplíneach de thaibheoirí áitiúla agus idirnáisiúnta ó chúlraí éagsúla is ea Undercurrent. Tá roinnt tionscadal de chuid Undercurrent, amhail Winter Ground agus Magnetise, tar éis na gearrliostaí a bhaint amach do dhuaiseanna náisiúnta, agus tá na duaiseanna céanna buaite ag roinnt eile, duaiseanna na Comhairle Ealaíon agus LAMA san áireamh. Bhronn Acadamh Ríoga na hÉireann duais Gradaim uirthi chomh maith.

Tá aitheasc déanta ag Kate ag seimineáir a bhain leis an gcleachtas comhroinnte agus na luathbhlianta, agus oibríonn sí mar mheantóir le tionscnaimh ealaíon i Ros Comáin agus Liatroim. Tá sí ina príomheascaitheoir agus oibríonn sí leis an bhfoireann deartha náisiúnta  le haghaidh TAP (An Chomhpháirtíocht Múinteoirí - Ealaíontóirí).

Tugadh cuireadh do Kate ceardlanna a fud na hÉireann a éascú, le haghaidh IMMA, The Ark, The Model agus The Dock. Mar aon leis sin, bíonn sí ag obair ar roinnt cónaitheachtaí a théann i ngleic le pobail agus scoileanna áitiúla. Faoi láthair, tá sí i mbun MA sa Chleachtas Cruthaitheach sa Damhsa Neamhspleách ag Trinity Laban, Londain.

www.undercurrentdancefilmtheatre.com

www.katewilsonartist.com

Comhoibriú ar líne, cúrsa nua TAP ar líne agus ‘deireadh a chur le miotas an ealaíontóra aonair’

Tá an t-ádh liom go bhfuil mé ag obair le beirt damhsóirí iontacha le coicís anuas, atá ag obair go fíorúil liom mar chuid de mo thaighde reatha, ina thagann gluaiseacht lúbtha choirp agus cleachtas líníochta le chéile. Tá ionadh orm leis an nasc atá le mothú sna seisiúin seo, cé nach bhfuil aon láithreacht fhisiciúil i gceist, agus na ceangail idirlíon lochtacha!

Mar chuid den taighde, tá sé ríthábhachtach go mbeidh am ann le haghaidh plé agus machnaimh mar aon leis an ngluaiseacht, an scríbhneoireacht agus an líníocht, agus b’fhéidir gurb é an meascán de na modhanna fuaime agus físe sin a chuidigh linn an bhearna fhíorúil a dhúnadh.

Bhí comhthairbhe i gceist leis an taighde seo a dhéanamh taobh leis an Tionscadal Magnetise ‘A call for Home’, agus tháinig cuid mhór naisc chun cinn. Tá an t-athrú ó obair ghrúpa go hobair duine-le-duine tar éis roinnt léargas a tabhairt dom maidir le mo chleachtas comhroinnte ar an ardán fíorúil.

Anois, agus an trealamh ceamara 360 don tionscadal faighte faoi dheireadh, tá sé iontach a bheith in ann iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht seo dár saothar físeáin bailithe agus idirghníomhaíochtaí beo.

Bhí foireann deartha TAP (An Chomhpháirtíocht Múinteoirí-Ealaíontóirí) gnóthach le cúpla seachtain anuas freisin. Go háirithe don bheirt bhall foirne a tháinig chun cinn agus, laistigh de thréimhse ama an-ghearr, a chruthaigh leagan iontach ar líne de chúrsa samhraidh FGL TAP. Cuirfimid an cúrsa ar siúl san fhormáid sin ar líne den chéad uair. Táimid ag súil go mór leis na codanna beo agus leis na bplé, agus le dul i mbun oibre le rannpháirtithe agus le cuidiú leo agus iad i mbun oibre ar na modúil. Mar chuid den chúrsa, beidh mé féin i bhfeighil ar sheisiúin damhsa beo i lár na seachtaine, agus tá áthas orm go raibh an deis agam físeán gearr a chruthú le duine de mo chomhghleacaithe fadtéarmacha, an t-ealaíontóir Isolde Carmody. Machnamh is ea an físeán ar na healaíona agus an éagsúlacht agus beidh sé le feiceáil mar chuid den chúrsa. I gcomhthéacs sochpholaitiúil an lae inniu, tá sé tábhachtach go nglacfaimid leis an éagsúlacht sna healaíona agus san oideachas, go mbeidh tuiscint againn ar nádúr comhroinnte an chleachtais, agus i bhfocail Isolde, go gcuirfimid ‘deireadh le miotas an ealaíontóra aonair’.

Art is Life le Kate Wilson agus Isolde Carmody

Foilsithe

29/6/2020

Foirmeacha Ealaíne

Rince & Gluaiseacht