Blag 2 – Jennifer Buggie, Múinteoir agus Príomhéascaitheoir ar Fhoireann Deartha TAP
Rinne Jenny Buggie staidéar ar an stair agus ar an tseandálaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus chuaigh sí leis an múinteoireacht in 2009 trí Ollscoil Newman, Birmingham. Tá sí ag obair mar Mhúinteoir Bunscoile i Scoil an Teaghlaigh Naofa i bPort Laoise agus mar Éascaitheoir in Ionad Oideachais Laoise. Bronnadh an Duais IPPN ar Jenny in 2017 dá Dioplóma Iarchéime i gCeannaireacht Oideachais in Ollscoil Mhaigh Nuad inar díríodh ar athrú a stiúradh trí mhúinteoireacht i ndrámaíocht agus i stair. D’eascair a tráchtas Máistreachta Gairmiúla as an obair, tráchtas ina ndearnadh iniúchadh ar fhéiniúlacht i gcleachtas an mhúinteora le linn cumasc scoile. Tá Jenny ag obair leis an gComhpháirtíocht Múinteoirí agus Ealaíontóirí ón mbliain 2014, oibríonn sí mar phríomhéascaitheoir agus d’fhoireann deartha náisiúnta na heagraíochta. Tá an-fhonn uirthi na scileanna agus na deiseanna a thabhairt do mhúinteoirí, d’ealaíontóirí agus do pháistí chun oibriú le chéile i scoileanna a bhfuil na healaíonta iontu go láidir agus ina n-aithnítear agus ina bhforbraítear an duine mar fhoghlaimeoir agus mar mhúinteoir.
“Creidim go bhfuil dá líne filíochta in ann beatha duine a shábháil”, Paula Meehan
Agus mé i mo dhéagóir b’álainn an múinteoir Béarla a bhí agam darbh ainm Ms. Meade, agus threoraigh sí muid agus thug sí scileanna dúinn le linn dúinn a bheith ag tabhairt faoi churaclam filíochta na hArdteiste. Ba iad an ísle brí agus an ghlóir shíoraí i ndánta John Keats a thug sólás, suaimhneas, agus léacsacan an phoitéinsil filíochta dom le linn dom a bheith ag teacht in inmhe agus ag dul i dtaithí ar an saol. Bhí a dhíolaim mar mheascán aisteach de smaointe, de dhialann, agus de leabhar gearrthóg i ndáiríre le linn dom a bheith ag freastal ar an gcoláiste.
Bhí sé de phléisiúr agam, díreach sular cuireadh Laois faoi dhianghlasáil, filleadh ar theach ar an gcósta ar thóg seanathair mo dhlúthcharad é, rud a chuir cumha orm. Agus mé i mo sheasamh ina chistin ina raibh an t-urlár iontach eicléictiúil, praiticiúil doirneogach, d’éist mé le hagallamh John Bowman ina raibh John Hume faoi agallamh, agus labhair sé ar mhúinteoirí spreagúla agus é ina fhear óg agus an tionchar a d’imir siad ar an bhfear a d’éirigh dó. Bhásaigh seanathair mo charad le linn mo thríú bliain san ollscoil. Ar theacht abhaile dom ón Sráidbhaile, fuair mé mo dhíolaim Keats agus ba inti a bhí tiomnú do Mr. Rafter, in aice le “On the Sea” fear a roinnt a dhearcadh ar a bhaile agus ar a shaol le cara a ghariníne. Ba mheascán de chuimhne agus d'fhilíocht a bhí ann. An chumhacht agus an meascán a bhaineann le cuimhne agus leis an ealaín.
Bhí mé an-tógtha leis mar gur chaill mé páiste i mí an Mheithimh. Ba í comhghleacaí TAP liom darbh ainm Denise Blake a thaispeáin frása álainn Paula Meehan dom; “Creidim go bhfuil dá líne filíochta in ann beatha duine a shábháil” (www.irelandchairofpoetry.org; www.deniseblake.com). Níor cheap mé go gcuirfinn mórán spéise san fhilíocht riamh, gan trácht ar bhlag a scríobh fúithi, ach ba í an t-aon rud a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh i mí an Mheithimh. Chuidigh sí liom. Fuair mé faoiseamh ó mo phian a chur ar an bpáipéar a bhuí le foghlaim, grá, tnúthán, agus mothú i bhfilíocht le daoine eile. Níor chaill John Keats páiste riamh, ach bhí a fhios aige faoi chailliúint. Tugann filíocht léargas do dhaoine ar anam an údair chomh maith le teimpléad d’fhíorthaithí an duine a chothaítear trína roinnt.
Nuair a roinnimid ár n-eispéiris ealaíne agus ár gceangail ó chroí, mar mhúinteoirí, mar ealaíontóirí agus mar dhaoine, níl a fhios againn agus ní féidir linn taifead a dhéanamh ar chumhacht agus ar thionchar na roinnte sin. Mar sin, cosnaíonn an blag seo toradh dothuartha an oideachais ealaíne do shaol duine, agus tacaíonn sé leis.