ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis Ealaíontóra: Céatadán do Choimisiúnú Ealaíne, Co. Mhaigh Eo


Radharc ón aer ar Scoil Mhuire

Scoil Mhuire, Béal An Átha, Co. Mhaigh Eo
Spriocdháta: An 19 Samhain, 2021

Tá cuireadh chun tairiscintí eisithe ag Scoil Mhuire, Béal An Átha, Co. Mhaigh Eo, d’ealaíontóirí, d’ailtirí agus do dhearthóirí le haghaidh coimisiúnú saothair/saothar ealaíne a bheidh maoinithe faoi Scéim an Chéatadáin don Ealaín mar chuid dá bhfoirgneamh scoile nua. Iarrtar ar Ealaíontóirí / Ailtirí / Dhearthóirí tairiscintí a chur isteach ar an tionscadal i bpróiseas dhá chéim.

Tá fáilte roimh thairiscintí ó dhaoine agus ó ghrúpaí, agus ó dhaoine atá ag obair i raon disciplíní agus daoine a bhfuil a réimse leathan cineálacha cur chuige cruthaitheacha acu. Tá spéis ag an scoil i saothar ealaíne fisiciúil a chomhcheanglaíonn agus a chuireann leis na spásanna poiblí sa scoil, laistigh den fhoirgneamh agus / nó ar thailte fairsinge na scoile. Cuirtear fáilte roimh thairiscintí a bhfuil gné idirghníomhach agus / nó mealltach ag baint leis agus atá nuálach agus spreagúil ó thaobh deartha agus cuir chuige de. Meastar gur féidir, leis an mbuiséad atá ann, tionscadal ealaíne poiblí amháin (nó níos mó) a bheith choimisiúnaithe ag duine nó grúpa daoine.

Buiséad
Is é €43,500, lena n-áirítear VAT agus cánacha, luach an choimisiúin.

Spriocdháta do Chéim a hAon
Dé hAoine 19 Samhain 2021 ag 12:00in

Treoir
Is comórtas oscailte dhá chéim é seo. Déanfar gearrliosta de na tairiscintí do Chéim a Dó. Íocfar táille de €300 do gach ealaíontóir ar an ngearrliosta chun forbairt a dhéanamh ar a dtairiscintí. Léigh an treoir chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcoimisiúin, faoin suíomh agus faoi phobal na scoile. Tá an treoir, mapaí den shuíomh, agus turas fíorúil den fhoirgneamh le fáil ar shuíomh gréasáin na scoile:
stmarysballina.ie/Page/New-School-Development/372/Index.html

Cuairt a Thabhairt ar an Suíomh
Dé Céadaoin 13 Deireadh Fómhair 2021 ag 2:30in. Ní bheidh ach líon teoranta spásanna ar fáil. Déan teagmháil leis an Léiritheoir, Yvonne Cullivan, roimh Dé hAoine 8 Deireadh Fómhair ag 12:00in chun d’áit a chur in áirithe, ag percentforart@stmarysballina.ie

An dáta deiridh i gcomhair ceisteanna
Dé hAoine 12 Samhain 2021 ag 12:00in Ba cheart ceisteanna a sheoladh chuig an Léiritheoir.

Foilsithe

21/9/2021

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre