ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - an Dr Francesca La Morgia, Bunaitheoir agus Stiúrthóir Mother Tongues 


Dr Francesca La Morgia

Dr Francesca La Morgia is a linguist, lecturer and researcher. She is the founding director of Mother Tongues where she is responsible for Learning, Research and Policy Development. She has been a lecturer in linguistics in Trinity College, Ulster University, Maynooth University and the University of Reading. She has written on issues related to migration, multilingualism and intercultural spaces. Francesca is an alumna of the second Artist in the Community Scheme Summer School on Cultural Diversity and Collaborative Practice (2019).

Conas timpeallacht atá freagrúil don chultúr a chruthú

Nuair a thosaigh mo chéad pháiste ar an mbunscoil bhí an-iontas orm cuireadh a fháil teacht in éineacht le tuismitheoirí eile agus 15 nóiméad a chaitheamh sa rang gach seachtain chun léamh le chéile i ngrúpaí beaga. Ba é sin an chead uair a shiúil mé isteach i seomra ranga ina raibh páistí 4 agus 5 bliana d’aois agus breis agus 10 dteanga éagsúla á labhairt. Bhí gach tuismitheoir an-chompordach ag labhairt lena bpaistí in Urdúis, in Arabais, i Sínis, i bhFraincis agus in Iodáilis, agus ba thapa a chuaigh na páistí i dtaithí ar an eispéireas fuaime tumthach seo.

Rinne mé staidéar ar fhorbairt teangacha sna luathbhlianta ar feadh na mblianta, thug mé cuairt ar thithe chun tástáil agus measúnú a dhéanamh ar pháistí, ach ba nuair a chonaic mé mo pháistí féin ag fás aníos ina bhféiniúlacht chultúrtha agus theanga Iodálach agus Éireannach a thuig mé an ról tábhachtach a bheadh ag phobal na scoile i bhforbairt a muiníne iontu féin mar dhaoine.

Spreag sé seo an tsuim a bhí agam i bhforbairt Mother Tongues agus é mar aidhm tacú le tuismitheoirí agus múinteoirí an leas is fearr a bhaint as éagsúlacht theanga agus chultúrtha atá i saol a bpáistí cheana féin. Ciallaíonn teagasc atá freagrúil don chultúr go ndéantar cinneadh gníomhach tairbhe a bhaint as luach cultúrtha gach páiste chun tairbhe eispéireas foghlama gach duine. Athraíonn sé an insint choitianta ar éagsúlacht chultúrtha mar dhúshlán agus athraíonn sé páistí agus tuismitheoirí ina dtoibreacha feasachta, agus a dtaithí saoil mar chuid thábhachtach den churaclam agus é ag cur bonn eolais faoi chur chuige an mhúinteora.

Mar atá amhlaidh sa seomra ranga, is dóigh liom gur gá go mbeadh athrú ar na comhráite agus ar na cuir chuige i leith éagsúlacht chultúrtha inár sochaí, agus béim níos treise ar thaithí saoil gach duine aonair mar ghné uathúil agus luachmhar i gcruthú an spáis chomónta a roinnimid.

Is dá bhrí seo a bhíonn obair Mother Tongues i bhfoirmeacha difriúla ar mhaithe le hathrú a spreagadh laistigh agus lasmuigh den seomra ranga.

Sa tsraith blaganna seo, treoróidh mé thú trí roinnt croíthionscnamh a d’fhorbair Mother Tongues chun ár misean agus ár bhfís a bhaint amach, chun scrúdú a dhéanamh ar an tslí inar féidir ealaíona san oideachas a bheith lárnach i dtógáil timpeallacht atá freagrúil ó thaobh cultúir de.

Foilsithe

21/10/2021

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile