ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Comhdháil Fhíorúil Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2021 – Achoimre


Creative Workshop ‘Creative Workshop: When I put this scarf on I'm going to pretend to be.....’ with drama facilitators Sarah Fitzgibbon and Joanna Parkes as part of the 2021 National Arts in Education Portal Day Virtual Conference

Ceardlann Chruthaitheach: ‘When I Put This Scarf On I'm Going to Pretend To Be...’ (Nuair a chuirfidh mé an scairf seo orm ligfidh mé orm gur... mé) le héascaitheoirí drámaíochta Sarah FitzGibbon agus Joanna Parkes mar cuid de Chomhdháil Fhíorúil Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2021

Tairseach na nEalaíon san Oideachas 

Níos luaithe i Mí na Samhna, thar sheacht lá, d’fhreastail breis agus 250 ealaíontóir, múinteoir agus gairmí ealaíon san oideachas ar an séú Lá Náisiúnta bliantúil de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas, a reáchtáladh ar líne i mbliana i bhfoirm sraith imeachtaí fíorúla.

I gcaitheamh na seacht lá, chruinnigh pobal na n-ealaíon san oideachas le chéile le bheith ag roinnt, ag foghlaim, ag labhairt, ag fáil inspioráide agus ag leanúint de bheith ag fiosrú dea-chleachtais sa réimse. Is mian linn buíochas a ghabháil lenár n-aoichainteoirí go léir, leis na healaíontóirí agus le gach duine a bhí linn chun páirt a ghlacadh sa chomhrá.

Bhí naisc, luach pobail agus caidrimh, smaointeoireacht chriticiúil, agus an tábhacht a bhaineann le leanaí agus daoine óga a bheith compordach botúin a dhéanamh mar phríomhthéamaí i ngach plé le linn na seachtaine. Is é a luaigh an príomhchainteoir Adele Diamond, Cathaoirleach Research Canada, Ollamh le Néareolaíocht Chognaíoch ag UBC in Vancouver:

Tá codanna difriúla den duine daonna ceangailte go dlúth dá chéile. Bíonn tionchar ag gach cuid (cognaíoch, spioradálta, sóisialta, mothúchánach agus fisiciúil) ar na codanna eile. Is dócha gurb é an tslí is éifeachtaí le ceann amháin a chothú ná gach ceann a chothú."

Cruthaíodh Sound Walk le Patricia Moriarty mar chuid de cheardlann chruthaitheach ‘Exploring the Sound Walk’ leis an gcumadóir Fiona Linnane

[audio mp3="https://artsineducation.ie/wp-content/uploads/2021/11/for-round-up-piece-Exploring-the-sound-walk-November-2021-1.mp3"][/audio]

D’éascaigh an cumadóir Fiona Linnane an cheardlann dar teideal “Exploring the Sound Walk” Seo é an píosa fuaime comhoibríoch a chruthaigh na rannpháirtithe le linn na ceardlainne.

[video width="1080" height="608" mp4="https://artsineducation.ie/wp-content/uploads/2021/12/Kathleen-2-ducks.mp4"][/video]

‘Two Ducks’ le Kathleen. Beochan Íomhá Ar Íomhá a cruthaíodh mar chuid den cheardlann chruthaitheach ‘Imagine, Play, Shoot’ (Samhlaigh, Seinn, Scannánaigh) leis an ealaíontóir Ana Colomer.

Dóibhsean a chaill amach ar an bplé, beidh sé ar fáil le féachaint siar air go dtí deireadh mhí na Nollag ar leathanach Facebook Arts in Education Portal.

Naisc Fhíseán Facebook Live

Imeacht Oscailte na Príomhchainte leis an Ollamh Adele Diamond

An tsraith In-Conversation (I gComhrá): Demystifying Arts Career Paths (Conairí Gairme sna hEalaíona a Shoiléiriú)

Sraith na nDámhachtainí Doiciméadaithe: Songs of Ourselves (Amhráin Fúinn Féin)

Sraith na nDámhachtainí Doiciméadaithe: ‘Place’ Tionscadal Comhpháirtíochta Múinteoirí agus Ealaíontóirí

An tsraith In-Conversation (I gComhrá): Zoom Out- New & Emerging Technologies (Zúmáil amach - Teicneolaíochtaí Nua agus Éiritheacha)

An tsraith In-Conversation (I gComhrá): Reflections on International Teacher-Artist Partnership (I-TAP-PD) (Machnaimh ar Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta Múinteoir-Ealaíontóir)

Acmhainní an tSeisiúin

  • Imeacht Oscailte na Príomhchainte leis an Ollamh Adele Diamond - Sleamhnáin Chur i Láthair
  • Reflections on International Teacher-Artist Partnership (I-TAP-PD) (Machnaimh ar Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta Múinteoir-Ealaíontóir) - Sleamhnáin Chur i Láthair
  • Ceardlann Chruthaitheach: When Reality Ends, Imagination Begins (Nuair a Chríochnaíonn an Réaltacht, Tosaíonn an tSamhlaíocht) - Cáipéis Tagartha

Foilsithe

30/11/2021