ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - an Dr Francesca La Morgia, Bunaitheoir agus Stiúrthóir Mother Tongues


Image - Fernanda Ferrari, Mother Tongues

Íomhá: Fernanda Ferrari, Mother Tongues

Dr Francesca La Morgia

Dr Francesca La Morgia is a linguist, lecturer and researcher. She is the founding director of Mother Tongues where she is responsible for Learning, Research and Policy Development. She has been a lecturer in linguistics in Trinity College, Ulster University, Maynooth University and the University of Reading. She has written on issues related to migration, multilingualism and intercultural spaces. Francesca is an alumna of the second Artist in the Community Scheme Summer School on Cultural Diversity and Collaborative Practice (2019).

Is do shealsa atá sé! Seo chugat tacar uirlisí nua le cuidiú leat agus tú ag tosú amach!

Tá mé cinnte go bhfuil tú réidh tabhairt faoi aistear ilteangach tar éis duit na blaganna eile a léamh!

Sa bhlag deireanach seo ba mhaith liom roinnt smaointe agus uirlisí praiticiúla a roinnt leat a fhéadfaidh tú a úsáid agus a chur in oiriúint.

An t-ilteangachas i do chleachtas laethúil

Más spéis leat díriú ar chur chuige ilteangach, tiocfaidh tú ar go leor smaointe maidir le cuir chuige scoile uile i Scoil Amháin, Go Leor Teangacha, tacar acmhainní idirghníomhacha ina bhfuil blaganna, pleananna ceachta, físeáin agus podchraoltaí, mar aon le hailt bunaithe ar an taighde agus dea-chleachtas is déanaí ón Eoraip.

Sampla den chéad scoth den chaoi inar féidir na smaointe sin a chur i bhfeidhm is ea suíomh gréasáin Bhunscoil Mhuire.

An t-ilteangachas a cheiliúradh

Agus muid ag druidim le Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha, b’fhiú dúinn ar fad smaoineamh ar bhealaí nua inar féidir linn an t-ilteangachas a cheiliúradh lenár bpáistí agus leis an bpobal. Déantar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha a cheiliúradh gach bliain ar an 21 Feabhra ag UNESCO chun aird a tharraingt ar a thábhachtaí is atá an éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch d’fhonn glacadh le daoine eile agus meas a bheith ar dhaoine eile a fhorbairt sa tsochaí. Fud fad na hÉireann tá daoine ag ullmhú leis an lá a cheiliúradh ar an 21 Feabhra, agus féadfaidh tusa a bheith páirteach freisin ach úsáid a bhaint as an tacar uirlisí seo!

Tacar Uirlisí- mothertongues.ie/wp-content/uploads/2022/01/IMLD_lang_garden_up.pdf

Smaointe arna roinnt ag múinteoirí

Seo thíos liosta smaointe ó mhúinteoirí maidir le conas an t-ilteangachas a cheiliúradh. Dar ndóigh, is féidir na smaointe seo a leanas a úsáid ag aon am i rith na bliana, agus d’fhéadfá cuid acu a dhéanamh go rialta!

  • Seisiún scéalaíochta ina n-insíonn tuismitheoirí/seantuismitheoirí scéalta ina máthairtheanga.

  • Podchraoladh ina gcuirtear gach teanga sa rang i láthair

  • Blag chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha

  • Ceacht a dhíríonn ar fhocail a bhfuil fuaimniú deacair acu nó ar fhuaimniú ainmneacha

  • Ceacht dírithe ar sheanfhocail nó meafair ó chultúir éagsúla timpeall an domhain

  • Suirbhé de na teangacha ar fad a labhraítear sa scoil, stiúrtha ag na páistí

  • Aistriúchán a dhéanamh ar na comharthaí scoile

  • Múrphictiúr ilteangach a bhfuil focail ó go leor teangacha air

  • Físeán nó píosa scríbhneoireachta ina n-insíonn na páistí scéal faoina dteanga féin, cad as a dtagann sí, fíricí, figiúirí

Tá súil agam gur spreag na blaganna seo tú le smaoineamh ar an ilteangachas agus ar theangacha ar bhealach nua!

Is féidir na blaganna eile sa tsraith seo le Dr Francesca La Morgia a léamh anseo.

 

Foilsithe

31/1/2022