ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Dáta Fógartha do Lá Réigiúnach an Earraigh 2022 de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas


Work created by Marie Brett during the 2021 Regional Event Series Creative Workshop ‘Stories Unfolding’ led by artist Éilís Murphy

Saothair de chuid Marie Brett a rinneadh le linn Cheardlann Réigiúnach Sraith Imeachtaí Cruthaitheacha 2021, ‘Stories Unfolding’, arna stiúradh ag an Ealaíontóir agus Ceanglóir Leabhar Éilís Murphy ó Folded Leaf.

Imeachtaí de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas
Dáta: Dé Sathairn an 7 Bealtaine 2022

Tá ríméad ar Fhoireann Thairseach na nEalaíon iarraidh ar mhúinteoirí, ealaíontóirí agus aon duine ar spéis leo cúrsaí a bhaineann leis na healaíona san oideachas an dáta seo a chur ina gcuid féilirí agus a bheith linn dár gcéad imeacht le dhá bhliain a bheidh ag tarlú san fhíorshaol! Beidh Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh ar siúl Dé Sathairn an 7 Bealtaine 2022 ag Ionad Tacaíochta Oideachais Chill Dara, áit a dtaispeánfar tionscadail ealaíon san oideachas agus cleachtas cruthaitheach san Oirthear Láir.

Iarraimid ar an lucht féachana teacht linn i mbun sraith imeachtaí, ina bhféadfaidh cleachtóirí tuilleadh a fhoghlaim faoin Tairseach, insint dúinn faoina gcuid oibre, ceangal a dhéanamh leis an bpobal ar bhonn réigiúnach, cleachtas a roinnt agus foghlaim faoi na deiseanna nó imeachtaí atá ar fáil ina gceantair áitiúla. Fáiltímid roimh mhúinteoirí, ealaíontóirí, bainisteoirí ealaíne agus aon duine ar suim leo na healaíona san oideachas a bheith linn don imeacht saor in aisce seo.

Déanfar an imeacht a chraoladh beo ar líne le cinntiú go mbeidh rochtain ag cách air, agus beidh ceardlann chruthaitheachta ar líne ar fáil dóibh siúd a bheidh linn ar líne.

Coinnigh súil amach don sceideal iomlán agus do na sonraí maidir le háirithint a dhéanamh, a bheidh ar fáil sna seachtainí amach romhainn. Beidh sé riachtanach áit a chur in áirithe roimh ré le bheith i láthair i bpearsa nó ar líne.

Foilsithe

23/2/2022

Réigiún

Cill Dara