ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do Mhúinteoirí: Fiosraigh, Déan agus Freagair le The Ark


Image copyright: The Ark

Cóipcheart Íomhá: The Ark

The Ark
Dáta: 12 Márta 2022

Tá áthas ar The Ark an cheardlann um Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach seo do mhúinteoirí a fhógairt, ina bhfoghlaimeoidh rannpháirtithe raon scileanna éasca inrochtana a fhiosraíonn domhan na bhfabraicí agus na dteicstílí agus na bealaí inar féidir leat do chuid foghlama a thabhairt isteach i do sheomra ranga.

Sa cheardlann seo, pléifidh an ealaíontóir agus oideachasóir ealaíne Carrie Lynam na bloic thógála atá de dhíth chun an snáithe Fabraicí & Teicstílí agus an snáithe Tógála ar churaclam na n-amharcealaíon a sheachadadh. Díríonn an cheardlann ar thuiscint a fhorbairt ar na hábhair agus uirlisí atá de dhíth chun rath a bhaint amach agus cad iad na teicnící foghlamtha is féidir a aistriú isteach i seomra ranga gnóthach.

Is minic go dtugtar neamhaird ar phróisis an deartha agus an ullmhúcháin i rírá an tseomra ranga, agus go ndírítear ar an táirge deiridh. Sa cheardlann seo beidh deis agat tuiscint a fháil arís ar an tábhacht a bhaineann leis an taighde, leis an dearadh, leis an tástáil agus leis an bpróiseas cruthaitheach.

Déanfaidh rannpháirtithe iniúchadh ar an bpróiseas deartha, pléifidh siad taighde, baileoidh siad ábhair spreagtha, agus pléifidh siad smaointe maidir le smaointe a thástáil le hábhair agus na céimeanna pleanála a bhaineann le saothair ealaíne a chruthú. Sa cheardlann theagmhálach seo, cruthóidh rannpháirtithe samplaí dá gcuid féin chun tacú leo ceachtanna a sheachadadh seo seomra ranga.

Dátaí & Amanna:

Dé Sathairn, an 12 Márta ó 10:30 go dtí 12:30

Ticéid:

€15 (*€13.50 do Bhaill ArkEd )

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun áit a chur in áirithe téigh chuig ark.ie/events/view/teachers-cpd-explore-make-respond

Foilsithe

28/2/2022

Foirmeacha Ealaíne

Teicstílí

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath