ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Taispeántas damhsa do scoileanna: Fall and Float


Women in red holding balloon with her foot - fall and float play theatre

Grianghraf ó: Maurice Gunning

Ionad Ealaíon Ros Comáin;
Dáta: 10rn agus 12in, 30 Márta 2022

Tá áthas ar Ionad Ealaíon Ros Comáin ‘Fall and Float’ a chur i láthair, taispeántas damhsa do gach duine ó aois 4+. Déanann an seó amharcealaíne seo ceiliúradh ar an óige, eachtraíocht, scléip, samhlaíocht agus an cairdeas. Baineann damhsóirí úsáid as balúin chun amanna tábhachtacha ón óige agus mothúcháin a thabhairt chun cuimhne.

Cuireann ‘Fall and Float’ gliondar ar an lucht fhéachana agus ligfidh sé do dhaltaí bunscoile cur amach a fháil ar an taibhiú damhsa den chéad uair, a bhuí do na damhsóirí ábalta Martijn Joling agus Amy Pender, cóiréagrafaíocht shúgrach Mónica Muñoz agus fuaimrian álainn le Denis Clohessy. Arna maoiniú ag Comhairle Ealaíon na hÉireann le tacaíocht ón gClár Éire Ildánach agus Baboro Pathways to Production

Dáta: 10rn agus 12in, 30 Márta 2022

Tá costas €5 ar thicéid. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil leis an oifig ticéad ar 09066 25824 nó téigh chuig roscommonartscentre.ie/event/fall-and-float-school-shows/

Foilsithe

9/3/2022

Foirmeacha Ealaíne

Rince & Gluaiseacht

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Ros Comáin