ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Ceardlann do Ghairmithe leis an Ealaíontóir Damhsa Takeshi Matsumoto


Image copyright: Club Origami-Takeshi Matsumoto-©-Summer Dean 02 via The Ark

Cóipcheart Íomhá: Club Origami - Takeshi Matsumoto © Summer Dean 02 trí The Ark

The Ark & Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath
Dáta: 24 Bealtaine

Fiosraigh conas do chruthaitheacht a úsáid agus inspioráid a thabhairt do lucht féachana óg leis an ealaíontóir damhsa Takeshi Matsumoto. Cuireann The Ark agus Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath ceardlann damhsa i láthair do ghairmithe a bhfuil spéis acu a bheith ag obair le lucht féachana óg.

Bí le Takeshi Matsumoto i gceardlann ina bhfiosrófar cleachtas ildisciplíneach maidir le bheith ag obair le leanaí agus lucht féachana óg agus taispeántais a dhéanamh dóibh.

Agus iad ag meascadh cleachtais a bhaineann le damhsa comhaimseartha, sómaitic, machnamh agus teiripe gluaiseachta damhsa, iarrtar ar rannpháirtithe nascadh arís lena gcéadfaí, cruthaitheacht agus spraíúlacht féin trí dhamhsa, líníocht, athmhachnamh agus comhroinnt.

Tá an cheardlann seo oiriúnach do dhamhsóirí gairmiúla agus do mhic léinn damhsa a bhfuil spéis acu saothar a chruthú do lucht féachana óg.

Ticéid
Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach teastaíonn ticéid ina chomhair. Cláraigh chun freastal trí
ark.ie/events/view/workshop-for-professionals-with-dance-artist-takeshi-matsumoto

Dátaí & Amanna
3.30pm-5pm, an 24 Bealtaine

Le haghaidh tuilleadh eolais agus áirithintí téigh go dtí ark.ie/events/view/workshop-for-professionals-with-dance-artist-takeshi-matsumoto

Foilsithe

24/3/2022

Foirmeacha Ealaíne

Rince & Gluaiseacht

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath