ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Marc Mac Lochlainn, Stiúrthóir Ealaíne Feidhmeannach Bhranar Téatar do Pháistí


Branar theatre performance - cosmic corridor with 2 people in pink looking through

Grianghraf ó: Emilija Jefremova

Marc Mac Lochlainn

Marc Mac Lochlainn is the executive artistic director of Branar Téatar do Pháistí. Marc founded the company in 2001. Along with Branar’s ensemble of actors he has created and directed all of Branar’s 21 original shows. He founded and runs Branar’s “AG ROINNT” theatre resource sharing scheme and the TINY SHOWS weekends. Branar is one of Ireland’s leading theatre companies making work for children. Based in the West of Ireland, Branar are renowned for creating highly imaginative and beautiful work.

21 bhliain de scéalta.

Tá lúcháir orainn go bhfuilimid ag ceiliúradh i mbliana an 21ú bliain dúinn de bheith ag obair le leanaí. Tá de phribhléid mhór againn mar ealaíontóirí go bhfuil cead againn eispéiris ealaíon a chruthú do shaoránaigh óga 0-12 bliana d’aois. Tagann freagracht mhór leis an bpribhléid seo freisin, mar is féidir gurb é an lá a bhuailimid le ball nua lucht féachana a gcéad eispéireas riamh de na healaíona agus is féidir gurb é an lá deireanach dóibh.

Mar sin de, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil gach aon teagmháil ealaíne a bhíonn againn le leanaí ar fheabhas, mar creidimid gur cheart an óige is fearr agus is féidir a bheith ag gach leanbh agus gur cheart go mbeadh ealaín den scoth a dhéantar go speisialta dóibh mar chuid de sin.

Seasaimid ar shaoránaigh óga a thabhairt ar ár lucht féachana; mar shaoránaigh tá na cearta céanna acu is atá ag daoine fásta agus mar sin de tá siad i dteideal gach deise a bhfuil duine fásta ina teideal.

Deirtear in Alt 31 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (1989)

“Tabharfaidh Stát-Pháirtithe urraim do, agus cuirfidh siad chun cinn ceart an linbh a bheith iomlán rannpháirteach sa saol cultúrtha agus ealaíon agus spreagfaidh siad soláthar do dheiseanna cuí agus comhionanna do ghníomhaíochtaí cultúrtha, ealaíon, caitheamh aimsire agus áineasa.”

Ní féidir beag is fiú a dhéanamh de thábhacht na n-ealaíon agus an chultúir do leanaí agus is é an tuairim seo atá ag croílár a ndéanaimid ag Branar.

Is breá linn scéalta, agus geallaimid scéalta a chruthú ar féidir le leanaí taitneamh a bhaint astu. Bunaíodh Branar ar an 2 Aibreán 2001, agus an aidhm aige eispéiris ealaíon a chruthú do leanaí ionas go mbláthóidh siad agus a samhlaíocht. I gcaitheamh na mblianta, chruthaíomar níos mó ná 22 sheó, ag obair le ensemble d’ealaíontóirí agus comhpháirtithe cruthaitheacha iontacha, lena n-áirítear The Ark, Baboró, NIE (Sasana), Starcatchers (Albain), agus a lán príomhionad agus féilte ealaíon in Éirinn.

I mbliana sheolamar freisin Meitheal, ár dtionscnamh nua tacaíochta d’ealaíontóirí ag cruthú saothair do lucht féachana óg sna disciplíní taibhealaíon. Leis an tionscnamh seo, tá d’aidhm againn cabhrú le healaíontóirí neamhspleácha saothar nua iontach a chruthú do lucht féachana óg.

Sna blagphostálacha atá le teacht, beimid ag tabhairt réamhspléachadh ar roinnt dár dtionscadail atá le teacht!

 

Foilsithe

30/3/2022

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Gaillimh