ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis Iar-bhunscoile: Cumadóirí sa Seomra Ranga


Composers in the Classroom programme logo

An clár Cumadóirí sa Seomra Ranga

Cór Aireagail na hÉireann
Dátaí: Leanúnach

Tá ríméad ar Chór Aireagail na hÉireann leanúint ar aghaidh dá gclár Cumadóirí sa Seomra Ranga sa téarma fómhair seo. Cuimsítear le cuairt ó amhránaí de Chór Aireagail na hÉireann; cóitseáil ó dhuine de na cumadóirí is fearr in Éirinn sa phróiseas cruthaitheach den chumadóireacht don chór, tugann an t-amhránaí léargais ó dhearcadh an taibheora, agus faightear tacaíocht ó mhúinteoir ceoil a scoile, cumfaidh suas le ceathrar scoláirí ainmnithe píosa ceol córúil dá gcuid féin, agus déanfaidh Cór Aireagail na hÉireann roghnúchán de na píosaí a chasadh agus a thaifeadadh ag ceolchoirm mhór sa Cheoláras Náisiúnta. Socrófar cuairteanna ó chumadóirí agus ó amhránaithe in amanna a fheileann don dá thaobh.

Dátaí: Leanúnach

Ba cheart do na múinteoirí a bhfuil suim acu i gCumadóirí sa Seomra Ranga a thabhairt isteach ina scoil teagmháil a dhéanamh le education@chamberchoirireland.com.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Chumadóirí sa Seomra Ranga, féach www.chamberchoirireland.com/learning-participation/composers-in-the-classroom/

Foilsithe

18/5/2022

Foirmeacha Ealaíne

Ceol & Fuaim

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre