ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Marc Mac Lochlainn, Stiúrthóir Ealaíne Feidhmeannach Bhranar Téatar do Pháistí


Branar You'll See

Branar You'll See

Marc Mac Lochlainn

Marc Mac Lochlainn is the executive artistic director of Branar Téatar do Pháistí. Marc founded the company in 2001. Along with Branar’s ensemble of actors he has created and directed all of Branar’s 21 original shows. He founded and runs Branar’s “AG ROINNT” theatre resource sharing scheme and the TINY SHOWS weekends. Branar is one of Ireland’s leading theatre companies making work for children. Based in the West of Ireland, Branar are renowned for creating highly imaginative and beautiful work.

My Bloomsday

Tionscadal rannpháirtíochta na scoileanna

An mhí seo ag Branar, dhíríomar ár n-aird ar an ngné rannpháirtíochta de ‘You’ll see...’, cóiriú Bhranar ar Ulysses a scríobh James Joyce do leanaí 7+ mbliana d’aois. Bhí an rannpháirtíocht sin ó leanaí ar thús cadhnaíochta i gcruthú ‘You’ll See’. San úrscéal Ulysses, insítear scéal faoi lá amháin i gcathair amháin agus spreag sé sin muid leanaí na hÉireann a iarraidh scéal a insint faoi lá amháin ina saol féin.

Bhí muid ag obair i gcomhar lenár gcomhghleacaithe i Músaem Litríochta na hÉireann i mBaile Átha Cliath chun clár rannpháirtíochta a cheapadh a ligfidh cead do leanaí freagra a thabhairt ar an bhfíseán agus tuairimí a roinnt ina leith freisin faoi mar atá i gceist le bheith áirtíochta de ‘You’ll see...’, cóiriú Bhranar ar Ulysses a scríobh James Joyce do leanaí 7+ mbliana d’aois.

ina leanbh in 2022, 100 bliain i ndiaidh Ulysses a fhoilsiú.

Tá pacáiste teimpléid do fhreagraí cruthaithe againn atá bunaithe go scaoilte ar roinnt de na príomhcheisteanna nó príomhthuairimí atá sna príomheipeasóidí in Ulysses. Is éard atá sa phacáiste teimpléid ná sé leid do na leanaí chun freagra a thabhairt ina leith. Chruthaigh Branar agus Músaem Litríochta na hÉireann na leideanna sin i ndiaidh dóibh curaclam na scoile a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh faoi na leideanna a ligfeadh do na leanaí, a thugann freagra, a bheith chomh cruthaitheach agus is féidir sna freagraí a thugann siad. Iarradh ar na leanaí freagra a thabhairt ar na leideanna sin ar a mbealach féin, bíodh sé sin trí scríbhneoireacht chruthaitheach nó trí íomhánna a tharraingt mar fhreagra ar na ceisteanna.  Tá súil againn gur próiseas cruthaitheach a bheidh ann a thabharfaidh léargas dúinn ar shaol na leanaí in 2022. Beidh na leanaí in ann dul i mbun oibre leis na pacáistí sin mar ghníomhaíocht ranga éascaithe ag an múinteoir i ndiaidh dóibh breathnú ar an bhfíseán ‘You’ll See...’.

Is féidir na sonraí uile a íoslódáil ó láithreán gréasáin Ulysses22.

An rud is fearr faoin bpróiseas seo ná go mbaileoidh Músaem Litríochta na hÉireann na doiciméid a chruthóidh na leanaí agus cuirfear na doiciméid i gcartlann le linn an tSamhraidh. Chinneamar gur cheart an chartlann a chruthú ar bhealach a spreagfaidh rannpháirtíocht na leanaí ar fud na hÉireann. Tá sé d’aidhm againn é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí a úsáideann leanaí ar bhonn laethúil chun an t-ábhar cartlainne a chur i láthair. Ba cheart go ligfeadh sé sin do leanaí ar fud na tíre dul i mbun oibre leis na freagraí ar fad a bhí acu.

Foilsithe

31/5/2022

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile