ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - Marc Mac Lochlainn, Stiúrthóir Ealaíne Feidhmeannach Bhranar Téatar do Pháistí


Marc Mac Lochlainn

Marc Mac Lochlainn is the executive artistic director of Branar Téatar do Pháistí. Marc founded the company in 2001. Along with Branar’s ensemble of actors he has created and directed all of Branar’s 21 original shows. He founded and runs Branar’s “AG ROINNT” theatre resource sharing scheme and the TINY SHOWS weekends. Branar is one of Ireland’s leading theatre companies making work for children. Based in the West of Ireland, Branar are renowned for creating highly imaginative and beautiful work.

Dul ar Stáitse

I mBranar an mhí seo, táimid ag díriú ar ullmhúcháin a dhéanamh don chur i láthair beo ar YOU’LL SEE...

Sna blaganna roimhe seo, labhraíomar faoi scannán a chruthú bunaithe ar an gcóiriú atá déanta againn ar Ulysses do leanaí agus anois don chéad chéim eile tá orainn leagan beo amharclainne a chruthú.

Táimid ar ais sa seomra cleachtaidh agus tá orainn roinnt oiriúnuithe a dhéanamh ar an bpíosa agus fios againn go mbeidh lucht féachana beo os ár gcomhair. Sa leagan mar scannán, bhíomar in ann an ceamara a úsáid lena shocrú go díreach an méid a bheadh an lucht féachana in ann a fheiceáil trí fhrámáil. Mar sin féin, leis an leagan beo, tá orainn smaoineamh ar an luas, soiléire an chur i láthair agus íomhánna an phíosa ó dhearcadh an lucht féachana. Ní mór dúinn freisin gnéithe eile a chur isteach amhail leideanna soilsithe agus fuaime, agus gach uile rud a léiríonn difríocht idir amharclann agus foirmeacha eile cuir i láthair. Tá sé dúshlánach é sin a dhéanamh, ach is é sin an fhoirm ealaíne a bhfuil an taithí is mó againn léi.

Tá baill nua againn anois ar an bhfoireann. Is é Michael atá ina theicneoir agus is í Debbie atá ina bainisteoir stáitse. Is éard atá i gceist leis an obair ná an léiriú a thacú agus a chinntiú go bhfuil an méid a fheiceann an lucht féachana iontach gach uile uair.  Is í Helen Gregg, a chóirigh an téacs liom, atá ina taibheoir, agus tá uirthi anois smaoineamh ar an lucht féachana nuair atá siad ag breathnú ar an bpíosa agus a chinntiú go bhfuil siad ag leanúint an méid atá ar siúl aici chomh maith le siamsaíocht a bheith curtha ar fáil dóibh tríd an bpíosa.

Beidh an léiriú beo níos faide ná an scannán ó tharla go mbeidh muid ag ligean do shosanna, nóiméid ar feadh tamaill agus do gháire, tá súil againn. Oibrímid lena chinntiú go ndéanann an scéal ciall leis féin. Oibrímid ar an luas lena chinntiú go bhfuil rud éigin spéisiúil le leanúint ag an lucht féachana i gcónaí, is cuma más é sin an fuaimdhreach, na híomhánna nó léiriú Helen.

Agus an blag seo á scríobh agam, táimid ag ullmhú don chlár a chur i láthair den chéad uair ag Féile Lárshamhraidh Chorcaí do lucht féachana leanaí agus a ndaoine fásta. Táimid ar bís, táimid neirbhíseach agus tá súil againn go mbeidh toradh le feiceáil leis an obair a rinneamar le cúpla mí anuas agus go mbainfidh an lucht féachana taitneamh as toradh ár gcuid oibre. Tá súil againn, i ndiaidh an léirithe bheo, go mbeidh siamsaíocht curtha ar fáil dóibh agus go mbeidh níos mó eolais acu ar Ulysses, a scríobh James Joyce 100 bliain ó shin.

Foilsithe

27/6/2022