ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 – Vera McGrath, Amharc-Ealaíontóir, Taighdeoir & Iarmhúinteoir Bunscoile


Black & white portrait of artist Vera McGrath as a 5 year old taken in 1966. An old photo reproduced using the monotype printmaking technique.

Creidiúint íomhá: Vera McGrath, “Naíonán SINSEARACH"

Vera McGrath

Is Amharc-Ealaíontóir, saorthaighdeoir & iarmhúinteoir bunscoile í Vera McGrath.  Tá sí ina cónaí i Co. Mhuineacháin, bhí sí rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP) ó bunaíodh an chomhpháirtíocht in 2014. Is comhalta í ar phríomhfhoireann na hÉireann I-TAP freisin (an Chomhpháirtíocht náisiúnta idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí), tionscnamh TAP arna mhaoiniú ag Erasmus+ agus atá á fhorbairt ag Éirinn agus trí dhlínse eile.  Tá céim MAVA bainte amach aici (Máistreacht in Oideachais Amharc-Ealaíona) ó Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD).  Tá sí díreach tar éis clár BLAST a chur i gcrích mar ealaíontóir cónaithe i scoil i mBaile na Lorgan, Co. Mhuineacháin.

Tá go leor léargas faighte aici lena linn mar chomhalta den fhoireann TAP, agus léiríonn sí cuid acu sna blaganna atá le foilsiú, mar aon leis an gcaoi a raibh sé de mhisneach aici a mianta a chur in iúl chun aistriú ó mhúinteoir go healaíontóir laistigh den chreat seo agus an léargas ar an méid a d’fhoghlaim sí ó bheith ag cloí lena féiniúlacht ar fad agus ag leanúint ar aghaidh. Tá Vera thar a bheith buíoch as an tionscnamh TAP as ucht éascaíocht a dhéanamh ar a haistriú.

Tá an tsraith blaganna tiomnaithe do bheirt daoine inspioráideacha i réimse na nEalaíon san Oideachas in Éirinn: Caitríona Ní Chullota as ucht a dea-shampla, as ucht a tacaíochta agus as ucht a aithint go raibh tuairim bhailí ag Vera in TAP agus Gary Granville as ucht tacú go ciúin léi scríobh ar chúrsaí a bhaineann leis na hEalaíona san Oideachas.  Míle Buíochas.

Is é Lá Tairsí Réigiúnaigh Ealaíon san Oideachas Tá mé i gCill Dara. Is é seo a leanas téama an phlé a bhí ann ar maidin; ‘Guth an Pháiste’.  Dea-chinniúnach!  Tá mé ag déanamh machnamh ar ghuthanna le déanaí, i mo chleachtas ealaíne agus i mo ról mar éascaitheoir ealaíne.

Sular chuir mé isteach ar mo staidéir ag NCAD agus sular ghlac mé páirt in TAP, bhí mé rannpháirteach i gcúrsaí ealaíne ag leibhéal dromchlach, ag tarraingt an tsaoil i mo thimpeall gan mianadóireacht a dhéanamh air. D’éirigh mé an-díomách go deo faoi dheireadh. Ach nuair a thosaigh mé ag cartadh níos doimhne ag déanamh iarracht mo scéal féin a fháil amach, bhí mé in ann mo ghuthanna féin a chloisteáil, go mór mór na guthanna a bhíodh agam agus mé i mo pháiste agus i mo dhéagóir, agus atá agam i gcónaí go pointe áirithe.  In amanna, bhí sé deacair glacadh leis na guthanna seo; cór callánach a bhí iontu agus d’eascair go leor imní, náire agus bróin astu de bharr nár thug mé aon aird orthu.  Ní haon snámhóir mise, ach ba é snámh an t-aon bhealach a bhí agam go huiscí níos socra. Agus thum mé isteach, ba é cleachtas ealaíne mo sheaicéad tarrthála.

D’athraigh sé gach uile rud, is é is cúis le hathrú ó bhonn teacht ar mo chuid oibre agus ar m’éascaíocht ar na healaíontóirí, ar na múinteoirí agus ar na páistí. Agus mé ag glacadh le mo ghuthanna ar thug mé neamhaird orthu, tá mé ag éisteacht níos géire leis na guthanna a bhfuil mé ag obair leo.  D’fhoghlaim mé gurb í cumarsáid fhíréanta leis an bpáiste atá ionam is cúis le réim agus íogaireacht mo chumarsáide le daoine eile a leathnú, agus ba é rud a chuir mionrudaí chun solais dom, mionrudaí nach dtabharfainn faoi deara murach go ndeachaigh mé ar ais chuig an bpáiste a bhí ionam seans, agus ba é a chuir ar mo chumas freagairt mar dhuine a bhí aitheanta, tuisceanach agus comhbhách.  Chomh maith leis sin, ba é a chuir borradh faoi mo spiorad ina bhfuil spontáineacht, spraíúlacht agus spraoi; gnéithe a bhaineann le haois an pháiste agus le cruthaitheacht.

“Creidimse nach bhfuilimid in ann guthanna daoine eile a chloisteáil ach sa chás a bhfuil ár nguth féin glactha againn féin”.  Mar sin, nuair atáthar ag déanamh plé ar an tábhacht a bhaineann le guth an pháiste, cuirimis leis an gcoincheap agus déanaimis machnamh ar ghuth an pháiste i gcroíthe na ndaoine fásta a oibríonn leo.  Caithfidh gach duine againn cuimhneamh ar an gcaoi a raibh sé a bheith inár bpáistí agus glacadh leis an bpáiste sin.  Cé gur beart tinrimh é a bheith ag éisteacht le guth páiste agus gur beart aitheantais é a bheith ag éisteacht lena ghuth, is beart glactha agus deimhnithe é an guth sin a thuiscint. Agus is í seo an chéad chéim fhiúntach i dtreo an ghníomhaireacht agus an tacaíocht cheart a thabhairt do pháiste chun an fhírinne dá eispéiris a chur in iúl agus le bheith rannpháirteach go muiníneach ina shamhlaíocht.



Foilsithe

27/9/2022