ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


2022 National Portal Day – Programme Announced


Image credit: Artist Tunde Toth, Scoil Mhichil Naofa, Athy, Co. Kildare, 2021 Portal Documentation Award Project 'Place'.

Ag seoladh an Chláir le haghaidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2022.

Áirithintí ar Oscailt Anois!

Tá ríméad orainn a bheith ar ais le comhdháil i bpearsa, a bheidh ar siúl in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Scoil na hEalaíne agus Deartha ar an Satharn, an 5 Samhain, 2022 i gcomhar le Scoil na hEalaíne agus Deartha agus Tionscadal Comhpháirtíochta Idirnáisiúnta Múinteora-Ealaíontóra (I-TAP-PD) PD Erasmus+.

Tá ríméad orainn agus na comhghleacaithe inár dteannta ón tionscadal I-TAP-PD le haghaidh an chláir i mbliana ar feadh dhá sheisiún iolraitheora, comhghleacaithe a dhéanfaidh an fhoghlaim laistigh den Tionscnaíocht KA2 Erasmus+ 2020–2023 a iniúchadh agus a roinnt. Seolfar Plean Straitéiseach Thairseach na nEalaíon san Oideachas: 2023 – 2027 laistigh den Chlár seo freisin chomh maith le gnáthmheascán de na cuir i láthair, seisiúin phlé-bhunaithe atá níos lú agus ceardlanna cruthaitheacha ina bhfuil an téama ‘Glórtha nach gCloistear go Minic’ i gceist.

Mar a fógraíodh cheana, tá Foireann na Tairsí ar bís chun fáilte a chur roimh an aoichainteoir, an Bhantiarna Evelyn Glennie, cnagcheoltóir aonair agus cumadóir, a thiocfaidh i láthair na comhdhála le haghaidh comhrá speisialta le Mark O’Brien, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Amharclann na Mainistreach.

Féach ar Chlár 2022 (Gaeilge)

Féach ar Chlár 2022 (Bearla)

Conas Ticéid a chur in Áirithe

Tá na ticéid le haghaidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2022 saor in aisce ach tá sé riachtanach áit a chur in áirithe, mar go bhfuil teorainn ar spás do dhaoine. Tá na háirithintí beagán difriúil i mbliana agus tá próiseas dhá chéim i gceist.

  • Céim 1: Cuir do thicéad in áirithe don lá - Ar Oscailt Anois
  • Céim 2: Roghnaigh do sheisiúin don la roimh ré - Ar Oscailt Dé Céadaoin, an 19 Deireadh Fómhair. Tabhair faoi deara go bhfuil teorainn ar thoilleadh i gceardlanna cruthaitheacha faoi leith.

Cuir áit in áirithe anois trí Eventbrite 2022_nationalportalday.eventbrite.ie

Féachaint Ar Líne

Cuirfimid rogha de na príomhchainteanna agus na príomhchuir i láthair ar fáil do na daoine nach bhfuil in ann a bheith linn i bpearsa ar an lá, agus beifear in ann féachaint orthu tar éis na comhdhála. Cláraigh roimh ré chun féachaint anois registrationforms.gle .

Má tá aon cheist, déan teagmháil le events@artsineducation.ie

Foilsithe

5/10/2022

Réigiún

Ar fud na tíre