ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


An Smaoineamh Mór: Clár Teagaisc Scileanna Cruthaitheacha


Assorted craft materials displayed on a yellow table surface

Creidiúint na híomhá: An Smaoineamh Mór

An Smaoineamh Mór

Dearadh an clár cruthaitheachta saor in aisce a bhfuil roinnt duaiseanna buaite aige, an Smaoineamh Mór, chun scoláirí a chumasú leis na scileanna 21ú haois a theastaíonn uathu. Rinne saineolaithe oideachais agus tionscail an clár a fhorbairt agus beidh deis ag scoláirí scileanna inaistrithe a fhorbairt chun tacú leo maidir le dul i ngleic leis na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith rompu.

Is éard atá i gceist leis an Smaoineamh Nua, clár 12 sheachtain cruthaitheachta acmhainní foghlama do scoláirí na hIdirbhliana, na hArdteistiméireachta Feidhmí nó Ógtheagmhála. Nuair a thugtar faoi Chlár an Smaoinimh Mhóir, cuirtear pacáiste teagaisc ar fáil do mhúinteoirí le tacú le gníomhaíochtaí ranga beag beann ar chomhthéacs na scoile.

Tacaítear le múinteoirí i ngach céim den chlár, ós rud é gurb iad éascaitheoirí an chláir iad. Bíonn na hacmhainní ar fad i bhformáid dhigiteach agus bíonn dhá cheacht in aghaidh na seachtaine i gceist. Is féidir an fhormáid is féidir a chur in oiriúint a úsáid do rang 40-nóiméad nó do rang uair aon chloig agus bíonn nodanna do mhúinteoirí agus pleananna ceachta san áireamh. Bíonn struchtúir mheasúnaithe agus ábhair bhreise ranga sna hacmhainní freisin.

Roinneann líonra náisiúnta saineolaithe gairmiúla eolas go díreach le do chuid scoláirí agus tacaítear leo i bhforbairt a dtionscadail. Meaitseálann foireann an Smaoinimh Mhóir foirne scoláirí lena Meantóirí tionscail, rud a thugann deis dóibh comhairle a fháil ar na chéad chéimeanna eile, ceisteanna a chur chun scoláirí a chur ag machnamh, rudaí is féidir machnamh a dhéanamh orthu a fhiafraí díobh nó acmhainní le foghlaim faoi a lua leo.

Maidir leis na scoláirí atá rannpháirteach, cuirtear na hábhair a theastaíonn uathu chun a bheith páirteach sa chlár ar fáil dóibh ó pacáiste LEGO le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le smaoineamh ar chórais, leabhar sceitseála chun ransú smaointe agus machnamh a dhéanamh ann, an stáiseanóireacht ar fad a theastaíonn le tabhairt faoi na ceachtanna agus na gníomhaíochtaí agus cúpla rud eile nach mbíonn siad ag súil leo.

Tá an clár oscailte do mhúinteoirí ó gach réimse ábhar agus bíonn sé ar siúl idir Eanáir agus Bealtaine.

Is féidir le scoileanna nua clárú anois le bheith páirteach sa chlár: Breathnaigh ar https://thebigidea.ie/múinteoir/ chun tuilleadh eolais a fháil ar an tionscnamh agus chun clárú.

 

Foilsithe

29/11/2022

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre