ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Ionad Ealaíon Grianstad: Turais Scoile Dánlainne ag baint úsáid as Straitéisí Amharcsmaointeoireachta


Solstice Arts Centre Gallery Tours (c) Conor Healy.jpg

Íomhá: Ionad Ealaíon Grianstad Turais Dánlainne (c) Conor Healy

11 Feabhra - 31 Márta 2023

Turais Bhunscoile Dánlainne Straitéisí Amharcsmaointeoireachta in úsáid

Féach, éist agus freagair do shaothair ealaíne le Sinéad Ní Mhaonaigh ina taispeántas reatha 'Deep Mapping: Unseen Landscapes'. Agus plé ó phiara go piara á spreagadh, is deis é seo do linbh agus múinteoirí díriú agus machnamh a dhéanamh ar pheirspictíochtaí éagsúla, a chuirfidh leis an rannpháirtíocht i bhfoghlaim trí ealaín agus leis an taitneamh a bhaintear aisti. Mar fhocal scoir, foghlaim faoin ealaíontóir agus faoina cuid saothair, rud a spreagfaidh tú chun saothair ealaíne a chruthú ar ais sa seomra ranga!

Turais Mheánscoile Dánlainne agus Straitéisí Amharcsmaointeoireachta in úsáid

Déan iniúchadh ar shaothair inár dtaispeántas reatha leis an ealaíontóir Éireannach Sinéad Ní Mhaonaigh chun an smaointeoireacht chruthaitheach trí litearthacht bhéil agus amhairc a leathnú . Agus Straitéisí Amharcsmaointeoireachta in úsáid, is deis é seo do scoláirí iliomad dearcthaí a imscrúdú, anailís a dhéanamh orthu agus machnamh a dhéanamh orthu, agus cabhrú leo smaointe samhlaíocha nuálacha a fhorbairt. Trí úsáid a bhaint as naisc thraschuraclaim agus foghlaim tríd an ealaín, tacaíonn na seisiúin seo leis an tSraith Shóisearach agus Shinsearach, rud a chuireann scoláirí i gcroílár an phróisis foghlama. Le linn cuairt ar Ionad Ealaíon Grianstad, gheobhaidh scoláirí na Sraithe Sinsearaí eolas ar leith a chuimsíonn na trí shnáithe – Taighde, Cruthú agus Freagairt (freagraí amhairc agus scríofa), le béim ar leith ar Réimse 3: Tuiscint Nua ar Amharcstaidéar Shaol an Lae Inniu do Churaclam na hArdteistiméireachta.

Maidir le gach ceist agus áirithint seol ríomhphost chuig Deirdre: deirdre.rogers@solsticeartscentre.ie



Foilsithe

13/2/2023

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún