ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Dréachtphrionsabail maidir le Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige


Íomhá: Bee Creative, Dámhachtain Doiciméadaithe 2019, Creative Cluster,

Foilsíodh Dréachtphrionsabail maidir leis an Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige i mí Dheireadh Fómhair 2022

Iarrtar ar ealaíontóirí agus oideachasóirí luathbhlianta agus na páirtithe leasmhara luathfhoghlama agus cúraim go léir, tríd an gcomhairliúchán seo, úsáid a bhaint as na dréachtphrionsabail seo, iad a iniúchadh agus a mbailíocht a thástáil ina gcleachtas.

Bíodh gur cumadh na dréachtphrionsabail ó thaobh na luathfhoghlama agus an chúraim de, ba mhaith leis an Roinn a n-ábharthacht agus na bealaí ina bhféadfaí iad a oiriúnú chun tacú le rannpháirtíocht níos fearr leis na healaíona i gcúram leanaí ar aois scoile a fhiosrú. Tugtar cuireadh freisin do gach páirtí leasmhar cúraim leanaí ar aois scoile na dréachtphrionsabail seo a úsáid agus a thástáil.

Beidh torthaí an chomhairliúcháin seo mar bhonn eolais ag foilsiú deiridh na bprionsabal, forbairt ábhar acmhainne cleachta agus oiliúint Forbartha Gairmiúla Leanúnaí a ghabhann leo.

Léigh an plépháipéar ‘Ag Éascú na nEalaíon i Luathfhoghlaim agus i gCúram: I dTreo Prionsabail Dea-Chleachtais’ agus roinn do chuid tuairimí agus moltaí anseo.



Foilsithe

16/2/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Ar fud na tíre