ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Féile Scannán Catalyst: Clár Scoileanna


Creidiúint Íomhá : Féile Idirnáisiúnta Scannán Catalyst

An 30 Márta go dtí an 1 Aibreán 2023

Óstálfaidh Féile Scánnán Catalyst Idirnáisiúnta an 4ú eagrán den fhéile i Luimneach ón 30 Márta go dtí an 1 Aibreán 2023, agus clár scannáin á chur i láthair acu a cheiliúrann scéalta agus scéalaithe éagsúla ar beag clúdach a ndéantar orthu faoi láthair ar an scáileán agus taobh thiar den cheamara. 

Tar éis taispeántais scoileanna fíor-rathúil anuraidh agus tar éis glacadh le haiseolas ó mhúinteoirí, leathnaigh siad a gclár scoileanna le haghaidh 2023 agus tá ríméad orthu a gcuid pleananna a roinnt agus áirithintí a oscailt go hoifigiúil! Is deis iontach é seo do dhaoine óga chun taithí a fháil sa scannánóireacht ó bhonn agus chun a fháil amach cé acu a oireann gairm sna scannáin dóibh nó nach n-oireann. 

Léigh tuilleadh faoin bhféile agus cuir do thicéid in áirithe anseo : https://catalystinternationalfilmfestival.com/school-programme-2023



Foilsithe

23/2/2023

Foirmeacha Ealaíne

Scannán

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Luimneach