ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Áras Nua-Ealaíne na hÉireann: Glaoch ar Rannpháirtithe Idirbhliana


Sarah Pierce, Campus, 2011, 2012, 2017 _ Group performance with fabric curtains. Original script by Sarah Pierce.

Creidiúint Íomhá : Sarah Pierce, Campus, 2011, 2012, 2017 |

IMMA: Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

In 2023, cuirfidh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann taispeántas ar fáil a chuimsíonn 20 bliain de chleachtas Sarah Pierce, go dtí an lá atá inniu ann. Tá Áras Nua-Ealaíne na hÉireann ar lorg léirithe spéise ó scoláirí na Idirbhliana chun páirt a ghlacadh i dtionscadal lae leis an ealaíontóir i mí Aibreáin/mí na Bealtaine (dáta le dearbhú). Glacfaidh scoláirí páirt i dtaispeántas an tsaothair ealaíne The Square. Baineann The Square úsáid as Lehrstück de chuid Bertolt Brecht – nó dráma foghlama – mar thúsphointe saothair nua le scoláirí. Sa “súgradh gan script” trialach seo is údair, foireann aisteoirí agus lucht féachana iad na scoláirí. Tarlaíonn an taibhiú le linn an taispeántais sa spás dánlainne, agus taibheoirí ag idirghníomhú agus ag bogadh timpeall agus i measc na gcuairteoirí. Níl aon charachtar, aon phlota ná aon ghléas scéil eile ann. Is bailiúchán fánaíochta é seo d’amhráin cantaireachta de ghlan mheabhair agus de chomharthaí a théann i bhfeidhm go réasúnta teibí ar smaointe foghlama agus bailiúcháin, agus cad is brí lena bheith ann le chéile ag aisteoireacht agus ag déanamh saothair ealaíona.

Tabhair cuairt ar an nasc a leanas chun tuilleadh eolais a fháil:

https://imma.ie/whats-on/sarah-pierce-exhibtion-open-call/



Foilsithe

23/2/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath