Deis do Mhúinteoirí: Tartuffe - Téacs go Taibhiú
Amharclann na Mainistreach: Tartruff: Téacs go Taibhiú
Dátaí: Cinn Éagsúla
Tá lúcháir ar na hEalaíona sa tSraith Shóisearach agus ar Amharclann na Mainistreach Tartuffe: Téacs go Taibhiú a chur i láthair. Agus fáilte roimh mhúinteoirí ó gach réimse ábhair a bheith páirteach ann, is éard atá i gceist le Tartuffe: Téacs go Taibhiú, ná ceardlann ar an láthair, léiriú Tartuffe agus ceardlann leantach ar líne.
I gcóiriú nua le Frank McGuinness, táthar tar éis saothar clasaiceach Molière ón 17ú céad a nuashonrú go suíomh Éireannach agus ceiliúradh a dhéanamh ar ghreann agus mugadh magadh an dráma grinn ina mbaineann an Tartuffe urchóideach stangadh as an lucht féachana agus cuireann faoi gheasa iad lena chumhachtaí mealltacha.
Gné lárnach de Tartuffe: Téacs go Taibhiú, is ea freastal ar léiriú Amharclann na Mainistreach de Tartuffe, faoi stiúir stiúrthóir ealaíne Amharclann na Mainistreach, Caitríona McLaughlin.
Cuireann Tartuffe: Téacs go Taibhiú deiseanna ar fáil chun:
- fiosrú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar teachtaireacht an dráma a chur in iúl don lucht féachana le linn a thaibhithe.
- comhoibriú a dhéanamh, smaointe a roinnt agus machnamh a dhéanamh i dtimpeallacht shábháilte thacúil.
- taithí a fháil ar mhodheolaíochtaí praiticiúla cruthaitheacha a bhféadfaí iad a úsáid sa chleachtas gairmiúil seomra ranga.
Ó tharla gur léiriúchán ar camchuairt de chuid Amharclann na Mainistreach é Tartruffe, beidh Tartuffe: Téacs go Taibhiú ar fáil i nDún na nGall agus i gCorcaigh.
Is féidir le rannpháirtithe clárú le haghaidh CEANN AMHÁIN de na suíomhanna seo a leanas:
DÚN NA nGALL:
Dé Sathairn, an 6 Bealtaine 2023:
Ceardlann: 10.30am - 1.00pm
Taibhiú: 2:30pm
Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn
Dé Luain, an 8 Bealtaine 2023:
Ceardlann ar Líne: 6:00pm – 7:00pm
CORCAIGH:
Dé Sathairn, an 13 Aibreán 2023:
Ceardlann 10.30am - 1.00pm
Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí
Taibhiú 2.30pm
Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí
Dé Luain, an 15 Bealtaine 2023:
Ceardlann ar Líne: 6:00pm – 7:00pm
Tá áiteanna teoranta go dtí uasmhéid de 20 rannpháirtí le haghaidh gach ionad ceardlainne. Beidh liosta feithimh i bhfeidhm againn. Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie
An dáta deiridh i gcomhair clárúcháin: Dé hAoine an 28 Aibreán (Dún na nGall) agus Dé hAoine an 5 Bealtaine (Corcaigh) nó roimh na dátaí seo más rud é go mbíonn na ceardlanna lán.