ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis do Mhúinteoirí: Tartuffe - Téacs go Taibhiú


Creidiúint Íomhá: Amharclann na Mainistreach

Amharclann na Mainistreach: Tartruff: Téacs go Taibhiú

 

Dátaí:  Cinn Éagsúla

Tá lúcháir ar na hEalaíona sa tSraith Shóisearach agus ar Amharclann na Mainistreach Tartuffe: Téacs go Taibhiú a chur i láthair. Agus fáilte roimh mhúinteoirí ó gach réimse ábhair a bheith páirteach ann, is éard atá i gceist le Tartuffe: Téacs go Taibhiú, ná ceardlann ar an láthair, léiriú Tartuffe agus ceardlann leantach ar líne.

I gcóiriú nua le Frank McGuinness, táthar tar éis saothar clasaiceach Molière ón 17ú céad a nuashonrú go suíomh Éireannach agus ceiliúradh a dhéanamh ar ghreann agus mugadh magadh an dráma grinn ina mbaineann an Tartuffe urchóideach stangadh as an lucht féachana agus cuireann faoi gheasa iad lena chumhachtaí mealltacha.

Gné lárnach de Tartuffe: Téacs go Taibhiú, is ea freastal ar léiriú Amharclann na Mainistreach de Tartuffe, faoi stiúir stiúrthóir ealaíne Amharclann na Mainistreach, Caitríona McLaughlin.

Cuireann Tartuffe: Téacs go Taibhiú deiseanna ar fáil chun:

  •    fiosrú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar teachtaireacht an dráma a chur in iúl don lucht féachana le linn a thaibhithe.
  •    comhoibriú a dhéanamh, smaointe a roinnt agus machnamh a dhéanamh i dtimpeallacht shábháilte thacúil.
  •    taithí a fháil ar mhodheolaíochtaí praiticiúla cruthaitheacha a bhféadfaí iad a úsáid sa chleachtas gairmiúil seomra ranga.

Ó tharla gur léiriúchán ar camchuairt de chuid Amharclann na Mainistreach é Tartruffe, beidh Tartuffe: Téacs go Taibhiú ar fáil i nDún na nGall agus i gCorcaigh.

Is féidir le rannpháirtithe clárú le haghaidh CEANN AMHÁIN de na suíomhanna seo a leanas:

 

DÚN NA nGALL: 

Dé Sathairn, an 6 Bealtaine 2023:

Ceardlann: 10.30am - 1.00pm

Taibhiú: 2:30pm

 Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn

Dé Luain, an 8 Bealtaine 2023: 

Ceardlann ar Líne: 6:00pm – 7:00pm

 

CORCAIGH: 

Dé Sathairn, an 13 Aibreán 2023:

Ceardlann 10.30am - 1.00pm

Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí

Taibhiú 2.30pm

Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí

Dé Luain, an 15 Bealtaine 2023:

Ceardlann ar Líne: 6:00pm – 7:00pm

 

Tá áiteanna teoranta go dtí uasmhéid de 20 rannpháirtí le haghaidh gach ionad ceardlainne. Beidh liosta feithimh i bhfeidhm againn. Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

An dáta deiridh i gcomhair clárúcháin: Dé hAoine an 28 Aibreán (Dún na nGall) agus Dé hAoine an 5 Bealtaine (Corcaigh) nó roimh na dátaí seo más rud é go mbíonn na ceardlanna lán.



Foilsithe

30/3/2023

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh