Foras Ailtireachta na hÉireann (IAF)
Spriocdháta le hAghaidh Iarratas: An 9 Meitheamh 2023 - 6 i.n.
D’oscail Foras Ailtireachta na hÉireann glaoch ar scoileanna páirt a ghlacadh ina gClár Náisiúnta Ailtirí i Scoileanna san idirbhliain 2023/24.
Táthar ag cur tús le cúrsa bliantúil an chláir Idirbhliana seo den 11ú huair, agus tá sé cruthaitheach, comhoibríoch agus rannpháirtíoch, agus cuirtear ar fáil ann achoimre ar ailtireacht agus ar an bpróiseas dearaidh do dhaoine óga. Ní ghearrfar aon chostas ar do scoil chun páirt a ghlacadh ann (seachas roinnt ábhar ealaíne a chur ar fáil). Déanfaidh an t-ailtire éascaíocht ar cheardlanna dearaidh láimhe i do scoil.
Socrófar dátaí, amanna, agus achar na ceardlainne go díreach idir an múinteoir ainmnithe / an comhordaitheoir IB agus an t-ailtire sannaithe.
Ní mór do na ceardlanna a bheith ar siúl idir an 1 Meán Fómhair 2023 agus an 22 Márta 2024.
Tá dhá rogha ann maidir le rannpháirtíocht:
Rogha A: Clár Iomlán
Is féidir le 30 scoil páirt a ghlacadh sa chlár iomlán (12 uair an chloig de cheardlanna in aghaidh na scoile, le hailtire / le céimí ailtireachta).
Rogha B: Clár Tosaigh
Is féidir le 40 scoil bhreise leas a bhaint as ceardlanna tosaigh (ceardlann 1 x 3 uair an chloig in aghaidh na scoile, le hailtire / le céimí ailtireachta).
Chun iarratas a dhéanamh agus chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig: https://architecturefoundation.ie/news/architects-in-schools-open-call-for-schools-2023-24/