ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do Mhúinteoirí: Damhsa sna Bunscoileanna le Ballet Ireland.


Creidiúint Íomhá: Ballet Ireland

Ballet Ireland

Dátaí: 3-7 Iúil 2023

Ballet Ireland ag iarraidh ar mhúinteoirí bunscoile, gairmithe oideachais agus ealaíontóirí clárú don chúrsa FGL: Seachtain na Múinteoirí Ballet Ireland: Damhsa i mBunscoileanna.  Tá an cúrsa faofa ag an Roinn Oideachais le teidlíocht laethanta Saoire Pearsanta Breise 3 lá.

Beidh sé ar siúl in OCBÁC, Campas Choláiste Phádraig, Droim Conrach, i gcomhar le Scoil an Oideachais Ealaíon agus Luaile, OCBÁC, 3-7 Iúil 2023. Tugann an cúrsa FGL de chuid Ballet Ireland tuiscint do rannpháirtithe ar an gcaoi le damhsa a theagasc, trí úsáid a bhaint as modhanna soiléire simplí, céimeanna éasca agus stór focal simplí a bhaineann leis an damhsa.

Cuirtear na múinteoirí ar an eolas i dtaobh bunghnéithe an oideachais damhsa, ina measc:

  • struchtúr ranga
  • tuiscint na hanatamaíochta maidir leis an damhsa
  • an tslí a n-úsáidtear, a gcruthaítear agus a roghnaítear ceol don damhsa
  • an tslí a bhfuil ceangal idir an damhsa, an drámaíocht agus an scéalaíocht
  • léiriú mothúcháin

Léiríonn an cúrsa cur chuige idirdhisciplíneach maidir le teagasc an damhsa, agus fiosraíonn sé féidearthacht na foghlama curaclaim imeasctha. Gach lá bíonn réamhaclaíocht bhog ann atá bunaithe ar Pilates, ceardlanna taispeántais/léachta agus tréimhsí ama leagtha amach don phiar- agus don fhéinmheasúnú, plé, agus machnamh.

Fostaíonn an clár saineolaithe de roinnt réimsí comhlántacha, a chuireann ceardlanna damhsa, anatamaíochta, ceoil agus míme ar fáil. Tacaítear leis na rannpháirtithe trí nótaí cuimsitheacha don chúrsa, rochtain ar acmhainní físe ar líne agus ábhar tiomnaithe ceoil a chur ar fáil dóibh.

Reáchtáiltear laethanta iarchúraim roghnacha le linn na mbristeacha lár téarma san fhómhar agus san earrach (in Dancehouse, Baile Átha Cliath) agus tá tacaíocht leanúnach ar fáil trí ghrúpaí iata ar na meáin shóisialta.

Stephen Brennan, Oifigeach Oideachais Ballet Ireland a bheidh i gceannas ar an tseachtain, le tacaíocht ó Hayley Cunningham, iardhamhsóir de chuid Ballet Ireland, teagascóir Stott Pilates, múinteoir cáilithe bailé agus ball d’fhoireann oideachasúil Ballet Ireland.

Nolwenn Collett, cumadóir agus ceoltóir oilte in Ardscoil Pháras, agus saineolaí sa tionlacan damhsa a bheidh i mbun na gceardlann in éineacht le Deirdre McKenna, Fisiteiripeoir Matánchnámharlaigh agus Damhsa agus saineolaí sa traenáil spóirt agus damhsa agus seachaint gortuithe.

Costas an chúrsa: €125

Le haghaidh tuilleadh eolais agus le clárú don chúrsa, féach: https://www.balletireland.ie/join-in/teachers-week/

Foilsithe

13/6/2023

Foirmeacha Ealaíne

Rince & Gluaiseacht

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath