ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Coláiste Muire (Ennis) and Scoil Mhuire (Ennistymon), Co. Clare


2023 Arts in Education Portal Documentation Award, Keystone Project, Coláiste Muire, Ennis. Image Courtesy of Edel Doherty

Coláiste Muire (Ennis) and Scoil Mhuire (Ennistymon), Co. Clare – Mary Fahy

Scríobh múinteoirí ealaíne Aidan Power agus Mary Fahy in éineacht lena scoláirí 5ú Bliain i gColáiste Muire (Inis) agus Scoil Mhuire (Inis Díomáin), Co. an Chláir, na blagiontrálacha seo a leanas. Tugann siad cuntas ar a gcomhoibriú leis na healaíontóirí Mitch Conlon agus James Moran ar an tionscnamh Keystone, arna choimisiúnú ag Comhairle Contae an Chláir chun 20 bliain de chláir ealaíontóirí i scoileanna a cheiliúradh agus a chomóradh ag Oifig Ealaíon an Chláir.​​ Tugadh cuireadh do Art School, an chreatlach choimeádaíochta, arna stiúradh agus arna coimeád ag Jennie Guy leis an tionscadal a chur i gcrích, in éineacht leis an gcomhchoimeádaí Fiona Gannon.​ Tá an tionscadal seo ar cheann de bhuaiteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí 2023, léigh an fógra anseo.

Díríonn sonraíocht nua Ealaín na hArdteistiméireachta ar ealaín mar thráchtaireacht shóisialta, ealaín pholaitiúil agus shóisialta agus ar ealaíontóirí sa phobal, ar an ábhar seo, roghnaíodh na scoláirí 5ú Bliain ó na scoileanna faoi seach chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh.


Is ealaíontóir teagaisc í Mary Fahy a bhfuil gradaim buaite aici, atá ag obair i gContae an Chláir ó 2003 i leith. Fiosraíonn a saothar láithreacht agus asláithreacht, cuimhne, méala, grá agus caillteanas. Bhain Mary céim amach i mBaitsiléir Ealaíon sa Mhínealaín sa Phéintéireacht (1ú) 2000 agus Ard-Dioplóma san Oideachas Ealaíne (1ú) 2003 i Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh, nuair a bhuaigh sí Gradam Irish Times agus Gradam Cuimhneacháin Larkin ar son ealaín sa teagasc.

An Múinteoir mar Bhreathnóir

Threoraigh ár n-ealaíontóirí, Mitch Conlon agus James Moran, le stíl chomhráiteach chartlannaíochta, ag iarraidh ar scoláirí breathnú ar na háiteanna a gcrochann siad thart iontu, scéalta áitiúla nó béaloideas. D’éist siad go bhfaigheadh siad blúiríní eolais agus na scoláirí ag cur síos ar na háiteanna a gcrochann daoine óga thart iontu sa cheantar: na haillte ar an Leacht, na folcadáin Sulfair i Lios Dúin Bhearna, an Loch in Eidhneach, nó roinnt spásanna coinne fíorúla eile. Dhírigh na healaíontóirí ar áiteanna mar a bhféadfadh scoláirí a bheith ag crochadh thart agus a bheith leo féin lena gcairde, nó am a chaitheamh go díreach.   

 

Ba é an ráiteas ab ansa liom i seachtainí luatha an tionscadail ná nuair a d’iarr mé ar scoláirí fíor-aiseolas a thabhairt ar an bpróiseas go dtí seo, d’fhreagair siad, agus mearbhall beag orthu, ‘Ní cheapaim go bhfuil a fhios acusan fiú céard a bhfuil an tionscadal faoi!’ B’in é i mbeagán focal. An bhearna idir an traidisiún acadúil saintreorach bunaithe ar fhíricí, múnla foghlama na hArdteistiméireachta bunaithe ar phointí agus ‘abair liom go díreach céard atá le foghlaim’ agus ‘an freagra i gcúl an leabhair’, agus an méid a mhol KEYSTONE, malartú éideimhin scéalta, lena mbaineann leideanna, éisteacht, faire le haghaidh meascáin, le haghaidh splancacha nascachta le téachtadh. Fanacht le hábhairín míchompoird agus frustrachais nó go dtiocfadh na smaointe le chéile. An próiseas cruthaitheach ar siúl. Ní modh oibre é an toradh comhoibríoch daonlathach seo a luíonn go héasca laistigh den chóras scrúdaithe. Míchompord. Mífhoighne Díomá? Thóg sé tamall... Bhí imní bheag ar chách gurbh fhéidir go dtabharfaí orthu ‘drámaíocht a dhéanamh agus a bheith ar scannán’ go dtí gur thuig na scoláirí nach mbeadh orthu a bheith os comhair an cheamara ar chor ar bith. Go raibh róil ann a d’fhéadaidís a roghnú a imirt sa phróiseas. Cur chuige a bhfuil treoir shéimh ag baint leis, ‘tá sé ceart go leor a bheith ábhairín míchompordach!’  

Thaispeáin na healaíontóirí físeáin de shaol faoi cheilt na bpuncaí sna 1980idí i mBéal Feirste. Smaoineamh ainrialta do na dúchasaigh dhigiteacha seo: áit ar féidir leat dul agus a bheith anaithnid agus tú féin a chur in iúl gan srian.  

Chuir sé brón orm nach raibh eolas ag na scoláirí ar shaol roimh an nguthán cliste uileláithreach, ag éisteacht, ag glacadh grianghraf, ag taifeadadh gach ní a dhéanann siad. Roimh Google Maps, éirchóid, rianú anailísiú sonraí, teacht i réim na hintleachta saorga agus Chat GPT. (Gabhaim buíochas le Dia go rialta as na 90idí!) 

Conas a chrochann tú thart, ar shiúl ón bhfaireachas. Conas a dhínascann sibh agus a nascann sibh le chéile, nó leis an dúlra? Ní dheachaigh an íoróin a bhaineann le píosa ealaíne faisnéise a dhéanamh faoi seo amú orainn. 

Domsa, rinne an píosa scannánaíochta a rinne scoláire amháin dá bhróga reatha bána glana úrnua ag déanamh a mbealaigh timpeall slodán uisce an dúbailteacht a chur in iúl i mbeagán focal go tochtmhar.    

Tá éagsúlacht iontach cultúr inár rang ealaíne, le scoláirí Éireannacha, Spáinneacha, Iodálacha, Polannacha agus Úcránacha ann. Ba mhór an chabhair Google Translate d’ealaíontóirí ar cuairt! Nuair a thosaigh scoláirí ag comhroinnt agus ag cur i gcomparáid a dtraidisiún agus a nósanna faoi leith a bhaineann leis an Nollaig agus an Bhliain Úr spreag sin malartú ar leith lúcháireach. Rinneadh nóta de chosúlachtaí. Thosaigh rudaí ag éirí soiléir.  

Chruinnigh luas trí fhocail chomhroinnte, gearrthóga taifeadtaí fuaime, físeáin, grianghraif de luí na gréine ó bharr binne, tonnta, búir slua cluiche, cnagarnach duirlinge. Spásanna tréigthe.. 

Bhí am iontach ag scoláirí le Mitch agus James ag imirt cogadh na bhfuaimeanna!

An chéad tasc eile: conas scoiteacht, muintearas, giúmar, mothúchán, smaoineamh a chur in iúl? Bhí an ‘léann scannánaíochta’ anois fíor. A ról faoi leith sa scéal seo go léir a oibriú amach. Ag éisteacht. Cinntí a dhéanamh. A dtuairimí a chur in iúl. Cumarsáid bhéasach. Torthaí comhroinnte. Comhréiteach.   

Ceachtanna saoil. Scileanna boga. Spraoi. Míchompord. Cuspóir. Muinín a chur sa phróiseas, agus iontas agus - tá súil againn - mórtas i leith an toraidh deiridh.



Foilsithe

31/7/2023

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

An Clár