ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Lorna Watkins, Amharc-Ealaíontóir agus Teagascóir TAP+


Lorna Watkins

Oibríonn agus cónaíonn Lorna Watkins i Sligeach Thuaidh, agus bhain sí céim amach i nDearadh Teicstílí i gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha tar éis staidéar a dhéanamh i Scoil Cheardaíochta Grennan Mill agus i gColáiste Ealaíon Dhún Éideann. Cuimsítear lena cleachtas; péintéireacht, líníocht, priontaíocht, teicstílí agus comhoibrithe le pobail agus le healaíontóirí eile.

Roghnaíodh í don 188ú, 191ú, 192ú agus 193ú Taispeántas Bliantúil ag an RHA (an tAcadamh Ibeirneach Ríoga), Baile Átha Cliath agus don 197ú Taispeántas Bliantúil RSA (an tAcadamh Albanach Ríoga), Dún Éideann i mbliana.  Cuireadh a pictiúir agus a líníochtaí ar taispeáint i dtaispeántais ghrúpa i Londain, Beirlín, Nua‑Eabhrac, Chicago agus Béising.

Bhronn Fondúireacht Ealaíne Bhaile an Ghleanna (Ballinglen Arts Foundation) Comhaltacht uirthi in 2019 agus bronnadh cónaitheachtaí uirthi in Ionad Ealaíon Chill Rialaig agus in JOYA:AiR in Almería na Spáinne.  Fuair sí an Dámhachtain Aclaíochta ón gComhairle Ealaíon mar aon le Sparánacht Taistil Thomas Damann.

Tá Lorna ag obair le TAP+ i Sligeach ó bhí 2022 ann agus d’oibrigh sí mar theagascóir sa chúrsa Samhraidh in 2023.

Snáth a Chur i Snáthaidí le hÓgtheagmháil 

Earcaíodh mé i mbliana chun tionscadal a dhéanamh le hÓgtheagmháil agus MSLETB san Fhuáil agus Inbhuanaitheacht i Sligeach, i gCora Droma Rúisc agus i Maothail. Cuimsíodh leis an tionscadal cúpla uair an chloig sa tseachtain chun imní a laghdú sna scoláirí tar éis Covid. Bhí na scoláirí ag déanamh staidéar ar lónadóireacht, gruagaireacht, ríomhaireacht nó ATF sna hionaid éagsúla.

Chuireamar tús leis an tionscadal sé seachtaine leis na bunrudaí a bhaineann leis an inneall fuála, agus d’fhoghlaim na rannpháirtithe cén chaoi le snáth a chur in inneall fuála agus cén chaoi leis an inneall a dheisiú má stopann sé ag obair. Chuamar ar aghaidh ansin chun bunphatrún a ghearradh amach le haghaidh barréide atá neodrach ó thaobh inscne de a bhí déanta as líneáil cuirtíní nó fabraic a bhí ag na scoláirí sa bhaile cheana. D’oibrigh na scoláirí i ngrúpaí de bheirteanna agus de thriúir ar inneall ionas go bhfuair gach duine deis triail a bhaint as. Bhí deacrachtaí ag cuid acu bogadh ar aghaidh ó phíosa réidh déthoiseach chun tabhairt faoi bhall éadaigh tríthoiseach ach d’éirigh leo sa deireadh nuair a chonaic siad an ball éadaigh deiridh. Is breá liom an paisean atá agam chun baill éadaigh a dhéanamh a roinnt le daoine, agus má chruthaíonn tú do chuid éadaí féin, is féidir leat baill éadaigh a dhéanamh a oireann do gach cumraíocht coirp.

Tháinig roinnt dúshlán aníos dom mar ealaíontóir ag obair sa chomhthéacs seo. Ní gach seachtain a bhíonn scoláirí nua ag tosú, ach bíonn siad ag tosú minic go leor agus is minic a bhíonn cuid acu as láthair. Mar sin, ba ghnách leis na scoláirí a bheith ag leibhéil éagsúla sa tionscadal, rud atá dúshlánach nuair a bhíonn tú ag iarraidh feabhas a chur ar scileanna gach seachtain agus nuair a bhíonn ort tosú ón tús arís.

Déanaim dearmad scaití nach bhfuil taithí ag go leor daoine óga ar bheith ag obair lena lámha agus d’fhéadfadh go dtógfadh sé píosa ar na scoláirí teacht isteach ar an gcomhordú lámh is súl. D’fhéadfadh treoir bhunúsach ar nós snáth a chur i snáthaid cantal mór a chur ar na scoláirí ag an tús ach nuair a leanann siad ar aghaidh leis, baineann siad an-leas as agus tá a fhios agam féin ó na teagascóirí nuair a shiúil siad isteach sa seomra, níor chreid siad a chiúine is a bhí an rang, bhí na scoláirí sáite sa tasc, is caitheamh aimsire é a dteastaíonn go leor fócais uaidh.