ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Lorna Watkins, Amharc-Ealaíontóir agus Teagascóir TAP+


Creidiúint Íomhá: Lorna Watkins

Lorna Watkins

Oibríonn agus cónaíonn Lorna Watkins i Sligeach Thuaidh, agus bhain sí céim amach i nDearadh Teicstílí i gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha tar éis staidéar a dhéanamh i Scoil Cheardaíochta Grennan Mill agus i gColáiste Ealaíon Dhún Éideann. Cuimsítear lena cleachtas; péintéireacht, líníocht, priontaíocht, teicstílí agus comhoibrithe le pobail agus le healaíontóirí eile.

Roghnaíodh í don 188ú, 191ú, 192ú agus 193ú Taispeántas Bliantúil ag an RHA (an tAcadamh Ibeirneach Ríoga), Baile Átha Cliath agus don 197ú Taispeántas Bliantúil RSA (an tAcadamh Albanach Ríoga), Dún Éideann i mbliana.  Cuireadh a pictiúir agus a líníochtaí ar taispeáint i dtaispeántais ghrúpa i Londain, Beirlín, Nua‑Eabhrac, Chicago agus Béising.

Bhronn Fondúireacht Ealaíne Bhaile an Ghleanna (Ballinglen Arts Foundation) Comhaltacht uirthi in 2019 agus bronnadh cónaitheachtaí uirthi in Ionad Ealaíon Chill Rialaig agus in JOYA:AiR in Almería na Spáinne.  Fuair sí an Dámhachtain Aclaíochta ón gComhairle Ealaíon mar aon le Sparánacht Taistil Thomas Damann.

Tá Lorna ag obair le TAP+ i Sligeach ó bhí 2022 ann agus d’oibrigh sí mar theagascóir sa chúrsa Samhraidh in 2023.

Féinchúraim agus Teicstílí

Tuigim nár bhain an obair go léir atá déanta agam go dtí seo leis na hEalaíona san Oideachas leis an gcuraclam. Ó mo thaithí féin, baineann na múinteoirí úsáid as na tionscadail chun sos a thabhairt do na daltaí a gcuid imní a mhaolú tar éis Covid, i mbunscoileanna agus i meánscoileanna araon.  Is dócha gur léiriú é seo ar an méid atá ag teastáil uainn uilig mar shochaí tar éis Covid.

Is eiseamláir dá leithéid sin é a bheith ag obair ar an tionscadal TAP+ leis an mbunscoil Our Lady of Mercy i Sligeach le Niamh Middleton.  D’aithin Niamh 11 dalta ó rang a haon go rang a sé a bhí ag streachailt ar chúis amháin nó ar chúis eile. Bhí páistí ann a bhí ag fulaingt le himní, tráma, bochtanas agus bhíomar ag iarraidh rud éigin speisialta a thabhairt do na páistí seo, sos beag agus bhí áthas an domhain orthu gur roghnaíodh iad.

Bhí riachtanais éagsúla agus cumas éagsúil sa ghrúpa, agus ní raibh aithne ag na páistí ar a chéile ag an tús mar gheall gur scoil an-mhór í.   Shocraíomar plean garbh de bhlasheisiúin a reáchtáil gach seachtain ach bhíomar ag ligean dóibh a bheith i gceannas ar na nithe ab fhearr leo. Ar dtús, rinneamar priontaíocht ar chartáin Tetra Pak agus is cosúil gurb í an chuid ab fhearr leo ná an dúch a rolláil amach.  Dá bhfágfainn an pailléad gloine ansin ar feadh coicíse go bhféadfadh na páistí an dúch a rolláil amach i gcónaí bheidís chomh sásta!  Is breá liom NACH féidir a thuar céard a mhealladh páistí.  Níor bhac siad leis an bpriontaíocht féin an oiread sin agus níor chuireamar aon bhrú orthu. Ba é an rud ba thábhachtaí ná go raibh siad ag baint spraoi as.  Bhain siad an oiread sin spraoi as a bheith ag meascadh na ndathanna agus ba mhór agam an fhuaim ghreamaitheach aonair sin a dhéantar dá bharr!

Seachtain amháin bheartaíomar triail a bhaint as pompomanna a dhéanamh agus thaitin sé GO HIONTACH leis na páistí.  Bhíodar ag cabhrú lena chéile, ag déanamh ceann ildaite agus ceann ollmhór.  Shíl Niamh go mbeadh sé go hiontach grá ar na bpompomanna a roinnt ar fud scoile.  Labhair mé faoin gcróiseáil ghuairilleach agus go ndearna mé crann a shnáthbhuamáil i Sligeach le 400 pompom agus bhí an-suim acu ann. Roghnaíomar crann i gclós na scoile a raibh cuma beagáinín brónach air ionas go bhféadaimis é a mhaisiú le pompomanna.  Bheartaíomar go mbeadh sé iontach do na daltaí filleadh ar a seomraí ranga féin liomsa agus an méid a d’fhoghlaim siad agus cén chaoi le pompom a dhéanamh a insint don rang ionas go mbeadh gach páiste sa scoil ábalta cur le crann na bpompomanna.

I mo chleachtas féin tar éis Covid, táim tar éis filleadh ar theicstílí mar uirlis féinchúraim agus déanaim mo chuid éadaí féin, bím ag cniotáil, ag cróiseáil, agus ag cuilteáil. Tá sé chomh úsáideach nuair a bhím ag déanamh iarrachta pictiúr a oibriú amach, glacaim sos, déanaim uaim nó cniotálaim líne amháin.  Bíonn tú fós ag cuimhneamh ar an obair ach tá rud éigin speisialta faoi theicstílí a bheith i do lámh agat a chuireann ar do shuaimhneas thú agus a shoiléiríonn cúrsaí.  Is gníomhaíocht eolach é, ní féidir a bheith ag scrolláil ná ag cuimhneamh ar na céadta rudaí eile. Tuigim cén fáth ar thaitin sé leis na páistí, caighdeán na huigeachta, na dathanna geala.  Níl a shárú le fáil!

Foilsithe

23/11/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile