ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


An Féinchinntiúchán: Dearcadh Domhanda, taispeántas agus acmhainní ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann


IMMA

Dáta: a fhad leis an 21 Aibreán 2024

Is mórthaispeántas nua é An Féinchinntiúchán: Dearcadh Domhanda ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann a mhairfidh geimhreadh agus earrach 23/24. Tugann an taispeántas deis breathnú trí shúile na n-ealaíontóirí, a fhad agus a thugann siad aistear na hÉireann i dtreo an neamhspleáchais chun cuimhne tar éis bhunú an tSaorstáit.

Níl scéal Éireannach amháin é seo. Tháinig athruithe móra den chineál céanna ar stáit eile a bhí ag teacht chun cinn tar éis an Chéid Chogaidh Dhomhanda: an Pholainn, an Fhionlainn, an Úcráin, an Eastóin, an Tuirc agus an Éigipt. Cuimsíonn an taispeántas ealaíontóirí ó na tíortha seo agus léirítear saothair ealaíne ón tréimhse a bunaíodh an stát chomh maith le saothair nua-choimisiúnaithe le healaíontóirí comhaimseartha.

Beidh An Féinchinntiúchán: Dearcadh Domhanda luachmhar do scoláirí sa mheánscoil, go háirithe iad siúd ag déanamh staidéar ar an ealaín, ach a bheidh suimiúil do scoláirí ag déanamh staidéar ar an stair, litríocht, teanga, eacnamaíocht agus an pholaitíocht.

Acmhainní Taispeántais 

Cuireann an taispeántas An Féinchinntiúchán acmhainní ar fáil do scoláirí agus do mhúinteoirí le bheith ag plé leo. Áirítear leo sin:

  • Ealaín agus Féinchinntiúchán: Tá aistí agus dánta ann le Léitheoir chomh maith le réamhrá don taispeántas agus rogha de shaothar ealaíne. Tá sé ar fáil le ceannach tríd an Siopa IMMA nó mar pdf saor in aisce.
  • Áirítear sa taispeántas freisin amlíne úsáideach d'imeachtaí sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha in Éirinn agus ar fud na stát a tháinig chun cinn i ndiaidh an Chéid Chogaidh Dhomhanda, ó 1913 go 1939.

Chun an Amlíne saor in aisce agus an Léitheoir a fháil mar PDF, déan teagmháil le mark.maguire@imma.ie

  • Comhdháil: 100 Bliain den Fhéinchinntiúchán - tá príomhpháipéir curtha i láthair ag cainteoirí agus taighdeoirí ar tugadh cuireadh dóibh agus iad ag freagairt do théamaí Féinchinntiúcháin ar fáil chun féachaint siar orthu.
  • Podchraoladh: IMMA Past Futures - sraith podchraoltaí ghaolmhar ar stair suímh chomhroinnte IMMA / RHK ar fáil le héisteacht léi.

Chun teacht ar na hacmhainní seo agus tuilleadh a léamh faoin taispeántas, tabhair cuairt ar: https://imma.ie/whats-on/self-determination-a-global-perspective/ 

Beidh An Féinchinntiúchán: Dearcadh Domhanda ar siúl go dtí an 21 Aibreán 2024. Cuir ticéid in áirithe do thuras treoraithe saor in aisce ar immatours.ticketsolve.com.

Foilsithe

15/1/2024

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath