Lá Réigiúnach an Earraigh 2024 de chuid na Tairsí – Fógairt an Chláir
Tairseach na nEalaíon san Oideachas
Dáta: Dé Sathairn, an 25 Bealtaine 2024
Tá an-áthas ar Fhoireann na Tairsí clár iomlán Lá Réigiúnach an Earraigh de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas a fhógairt, a bheidh ar siúl Dé Sathairn an 25 Bealtaine in Ionad Oideachais Shligigh.
Iarraimid ar mhúinteoirí, ar ealaíontóirí, ar bhainisteoirí ealaíne agus ar aon duine ar suim leis na healaíona san oideachas a bheith linn i dTír Chonaill, i Maigh Eo, i Liatroim, i Ros Comáin agus i Sligeach le haghaidh na n-imeachtaí seo atá saor in aisce.
Cuimsítear sraith láithreoireachtaí ar maidin le clár an lae; déanfaidh an múinteoir Triona O’Dowd Hill, an t-ealaíontóir Andy Parsons agust Lorna Kavanagh, plé ar an turas comhoibríoch ar chuir rang Triona tús leis i Scoil St. Cecilia, scoil ina bhfreastalaítear ar an scoláire ar a bhfuil míchumais foghlama mheasartha agus ar a bhfuil dian-mhíchumas foghlama. Tar éis an phlé seo, roinnfidh an múinteoir Karen Brogan ó Bhraisle Chruthaitheach Iar-Shligigh a turas braisle ina ndearna sí iniúchadh ar théamaí laistigh d’éiceolaíocht agus d’oidhreacht trí dhealbhóireacht, trí fhuaim agus trí amharc-ealaín agus roinnfidh sí freisin an chaoi ar fhorbair sí bealaí nua agus nuálacha le hoibriú go comhoibríoch.
Sa tráthnóna, is féidir triail a bhaint as cuid splaince cruthaithí agus beidh rogha agat idir dhá cheardlann chruthaitheacha. Cuirfidh an t-éascaitheoir STEAM Kathleen Gallagher, oiliúint chuimsitheach ar fáil d’oideoirí maidir le Scratch agus Makey Makey a úsáid, is teanga ríomhchlárúcháin é Scratch, agus is fearas fionnachtana cruthaithe ciorcaid é Makey Makey, chun tionscadail ealaíne idirghníomhaí a chruthú. Mar rogha eile, is féidir casadh le Maeve Pudney chun iniúchadh a dhéanamh ar dhath agus ar phatrún trí shnáth Thír Chonaill ach úsáid a bhaint as seol beag fíodóireachta a cruthaíodh trí Thob-Thionscadail gnó cruthaitheach.
Conas áit a chur in áirithe
Tá na ticéid le haghaidh Lá Réigiúnach an Earraigh 2024 de chuid na Tairsí saor in aisce ach tá sé riachtanach áit a chur in áirithe, mar go bhfuil teorainn le líon na n-áiteanna.
Cuir d’áit in áirithe ag:
https://www.eventbrite.com/e/
- - - - - - - -
Sceideal
10:15 r.n. — Clárúchán agus caife
10:45 r.n. — Fáiltiú agus Intreoir - An Tairseach: Intreoir achomair le Edel Doherty, Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own (Bainisteoirí Ábhar na Tairsí)
11:00 r.n. — Láithreoireacht: “Comhoibrithe i nDealbhóireacht Theibí” le Triona O’Dowd Hill agus Andy Parsons
11:30 r.n. — Láithreoireacht: “Dúlra agus Dúchas: The Ties that Bind Us; Turas Braisle Cruthaithí ó Shealgaireacht Trá go Lonnú Trá le Karen Brogan
12:00 i.n. — Feasacháin ó na hearnálacha Oideachais agus Ealaíon
12:15 i.n. — Ceist is Freagra: painéal na láithreoirí ar fad
12:30 i.n. — Lón is líonrú
1:30 i.n. - 3:00 i.n. — Seisiún comhuaineach: rogha idir dhá cheardlann chruthaitheacha:
“Engaging Minds: Ceardlann Ealaíne Idirghníomhaí le Scratch agus Makey Makey” le Kathleen Gallagher
Nó
“Foghlaim conas Bréidín na hÉireann a fhí” le Maeve Pudney
- - - - Clabhsúr - - - -