ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Gairm Oscailte: Céatadán do Choimisiúnú Ealaíne ó Scoil Náisiúnta Phobail Iarthar na Cathrach agus Theach Sagard


External Image of Citywest and Saggard CNS

Meitheal Ealaíne Poiblí Scoil Náisiúnta Phobail Iarthar na Cathrach agus Theach Sagard

Dáta deiridh: Meánlae, Dé Luain an 23 Meán Fómhair 2024

Tá Meitheal Oibre Ealaíne Poiblí Scoil Náisiúnta Phobail Iarthar na Cathrach agus Theach Sagard ar lorg léirithe spéise ó ealaíontóirí a ndíríonn a gcleachtas ar shaothar buan (shaoathoir bhuana) amharc-ealaíne don taobh istigh nó don taobh amuigh dá bhfoirgneamh scoile, trí mheán amhairc.

Tá an Mheitheal toilteanach glacadh leis go mbeadh na saothair ealaíne le feiceáil ar fud an taoibh istigh den fhoirgneamh, is féidir suíomhanna a phlé le healaíontóirí gearrliostaithe ag Céim 2. Lorgaíonn sí Saothar nó Saothair Ealaíne lena nglactar leis an scoil ina suíomh speisialta, lena luachanna agus lena béim ar a pobal leanaí, múinteoirí agus tuismitheoirí, bithéagsúlacht agus an timpeallacht nádúrtha náisiúnta. Éilíonn sí freisin go mbeidh an saothar ealaíne / na saothair ealaíne atá beartaithe ag Céim 2 den chineál nach gá mórán aire a thabhairt dó nó dóibh, go mbeidh sé nó siad i gcomhréir le caighdeáin sláinte agus sábháilteachta agus go mairfidh sé nó siad ó thaobh ábharthachta agus ábhar de. Ba mhaith léi go mbeadh próiseas rannpháirtíochta ann leis an oiread de na 435 scoláire atá aici is féidir gan tionchar suntasach a imirt ar an mbuiséad do shaothar nó saothair ealaíne bhuana. D’fhéadfadh tuismitheoirí agus múinteoirí tacú leis an bpróiseas rannpháirtíochta sin ina gcáil mar oibrithe deonacha ionas nach mbeadh tionchar mór aige ar an mbuiséad, cé gur gá don ealaíontóir a bheith i gceannas ar ionchur cruthaitheach. Meastar go mbeidh an saothar nó na saothair ealaíne idirghníomhach go samhlaíoch do na leanaí san aoisghrúpa sin – 5 – 12 bhliain. Le haon íomhánna reiligiúnacha ba cheart na córais chreidimh uile sa scoil a chuimsiú agus níor cheart iad a bheith dírithe ar chóras creidimh amháin.

Beidh an próiseas roghnúcháin i bhfoirm Comórtas Oscailte Dhá Chéim. Tá sé ar oscailt do na healaíontóirí gairmiúla leasmhara uile ag aon chéim dá ngairm nó dá dtaithí. Tá an buiséad iomlán don tionscadal cothrom le €19,500.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach anseo.

Foilsithe

29/8/2024

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath