Féile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí 2024, Clár na Scoileanna
Féile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí
Dátaí: 7–17 Samhain 2024
Tá clár scannán éagsúil agus spreagúil á chur i láthair do dhaoine óga ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Chorcaí mar chuid dá gClár Féile do Scoileanna i mí na Samhna.
Tá seacht scannán lánfhada i gClár na Scoileanna d’Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Chorcaí, 2024, atá oiriúnach do scoláirí an Teastais Shóisearaigh, na hIdirbhliana agus na hArdteistiméireachta.
Tá clár na Scoileanna le fáil ag:
Láithreacha:
Arc Cinema (Cathair Chorcaí) agus an Gate Cinema (Mainistir na Corann agus Mala), Dé Luain, an 11–15 Samhain 2024
The Reel Picture (Baile an Chollaigh), Dé Luain, an 11 Samhain agus an 13–15 Samhain 2024 (níl aon taispeáint Dé Máirt, an 12 Samhain)
Scannáin Lánfhada Chlár na Scoileanna:
Fraincis na Sraithe Sinsearaí: The Fantastic Three (Les Trois Fantastiques)
Stiúrthóir: Michaël Dichter | 2023 | An Fhrainc | Ficsean | 95 nóim. | Teanga: Fraincis (le fotheidil).
Caitheann triúr cairde, Max, Tom agus Vivian, a gcuid ama ar fad le chéile mar Les Trois Fantastiques, agus tacaíonn siad lena chéile laistigh agus lasmuigh den scoil. Nuair a fhilleann deartháir Max ón bpríosún agus an chuma air go bhfuil sé athraithe, tá scéim dheireanach amháin eile le cur i gcrích aige. Déanann Les Trois Fantastiques, agus Max i gceannas, iarracht idirghabháil a dhéanamh chun a dheartháir a shábháil. Scéal fíorspéisiúil maidir le gaoil chontrártha an chairdis agus an teaghlaigh.
Fraincis na Sraithe Sóisearaí: Neneh Superstar
Stiúrthóir: Ramzi Ben Sliman | 2022 | An Fhrainc | Ficsean | 95 nóim. | Teanga: Fraincis (le fotheidil).
Is breá le Neneh a bheith ag damhsa agus ag taibhiú. Baineann sí a cuid mianta amach nuair a fhaigheann sí áit i Scoil Bailé Ceoldrámaíochta Pháras, a bhfuil an-chlú uirthi, in ainneoin na himní atá ar a tuismitheoirí nach áit fháilteach do chailín óg gorm í. Éiríonn léi sna trialacha damhsa ach agus í ar an scoil, faigheann Neneh go bhfuil sí i gcoimhlint le stiúrthóir traidisiúnaíoch na scoile, Marianne, a phiocann amach í, agus a fhágann go mothaíonn sí go bhfuil sí ar an taobh amuigh. In ainneoin na mbacainní, coinníonn Neneh a cuid fuinnimh bhríomhair sa scannán gleoite seo a dhéanann ceiliúradh ar an mbua agus ar an mbuanseasmhacht in aghaidh an leithcheala.
Gearmáinis na Sraithe Sinsearaí: The Teachers’ Lounge (Das Lehrerzimmer)
Stiúrthóir: Ilker Çatak | 2023 | An Ghearmáin | Ficsean | 98 nóim. | Teanga: Gearmáinis (le fotheidil).
Sa scannán Das Lehrerzimmer, a cuireadh ar an ngearrliosta le haghaidh Academy Award® in 2024, leantar Carla, múinteoir nua ag ardscoil shóisearach sa Ghearmáin. Nuair a tharlaíonn roinnt gadaíochta ag an scoil, tosaíonn na líomhaintí ag dul timpeall an tseomra ranga agus an tseomra foirne, agus tá Carla i gcroílár an dráma. De réir mar a théann amhras na scoláirí agus na múinteoirí i méid, titeann cath tola lán le teannas amach idir an scoláire óg, Oskar, agus an múinteoir óg. Níl an dráma an-chorraitheach seo, atá suite i ngnáth-thimpeallacht, cosúil le haon scannán eile atá suite i scoil.
Gearmáinis na Sraithe Sóisearaí: Greetings From Mars (Grüsse vom Mars)
Stiúrthóir: Sarah Winkenstette | 2024 | An Ghearmáin | Ficsean | 85 nóim. | Teanga: Gearmáinis (le fotheidil).
Nuair a théann a mháthair chuig an tSín don obair, ní mór do Tom agus a chuid deartháireacha agus deirfiúracha dul chun cónaí ag teach a seantuismitheoirí. Is rud scáfar do Tom é sin, páiste 10 mbliana d’aois a leanann gnáthamh docht – agus a sheachnaíonn torainn arda agus an dath dearg. Chun áitiú air dul, insítear dó smaoineamh ar an tréimhse chónaithe mar thraenáil don phríomhsprioc atá aige – bheith ar an gcéad duine le dul go Mars. Agus a chulaith spáis agus a logleabhar misin aige, caithfidh Tom a bhealach a dhéanamh tríd an saol in Lunau le cabhair óna theaghlach, sa dráma tarraingteach seo ó stiúrthóir Zu Weit Weg.
Spáinnis na Sraithe Sinsearaí: Love & Revolution
Stiúrthóir: Alejandro Marin | 2023 | An Spáinn | Ficsean | 106 nóim. | Teanga: Spáinnis (le fotheidil).
Sevilla, 1977. Tá an mháthair shingil Reme ina cónaí lena mac Miguel, ar mian leis a bheith ina amhránaí tóirse agus taibheoir. De thoradh a ghrá don stáitse, cuireann sé aithne ar ghrúpa atá páirteach sa ghluaiseacht do chearta LADT. Bíonn Reme ag streachailt ag an tús chun glacadh le cairde agus stíl mhaireachtála a mic ach sa deireadh déanann sí a dícheall chun tacú leis. Tá an scannán suite le linn tréimhse ina raibh dlíthe smachtúla ann maidir le coiriúlacht na homaighnéasachta, ach ina dhiaidh sin is uile is éard atá sa scannán ná dráma croíúil maidir le grá máthar dá mic, agus an streachailt ar son saoirse phearsanta.
Spáinnis na Sraithe Sóisearaí: La Suprema
Stiúrthóirí: Felipe Holguín | 2023 | An Cholóim | Ficsean | 83 nóim. | Teanga: Spáinnis (le fotheidil).
Fáilte chuig La Suprema, sráidbhaile beag bídeach iargúlta i réigiún Mhuir Chairib na Colóime, áit a bhfaigheann an déagóir Laureana amach go mbeidh a huncail, nach bhfuil aon teagmháil aici leis, ag dornálaíocht i gcraobh an domhain. Tá sí meáite ar fhéachaint ar an troid, ach níl aon leictreachas ná teilifís sa bhaile. Ainneoin na n-ainneoin, agus an mhéid lena bhfuil a seanmháthair ag súil uaithi, faigheann Laureana cabhair óna cairde agus ó iarthraenálaí a uncail, Efraim, chun an troid, agus an leictreachas, a thabhairt chuig a pobal. Is léargas iontach ar shaol tuaithe na Colóime atá anseo, chomh maith le taibhiú den scoth ón bpríomhaisteoir.
Scáileán Glas (a dhíríonn ar an inbhuanaitheacht): Once Upon a Time in a Forest
Stiúrthóirí: Virpi Suutari | 2024 | An Fhionlainn | Scannán Faisnéise | 93 nóim. | Teanga: Fionlainnis (le fotheidil) | Molta don Idirbhliain.
Sa síscéal nua-aimseartha seo atá lonnaithe i bhforaois dhraíochtúil de chuid na Fionlainne, feicimid daoine óga agus iad fite fuaite gan uaim sa dúlra; téann siad ag snámh i lochanna criostalta agus bíonn spraoi acu i measc na gcrann ársa suaimhneach. Cuirtear an tsíocháin aoibhinn sin i mbaol agus díothú de dhéantús an duine roimh an bhforaois. Agus í gríosaithe ag an ngrá domhain atá aici don fhoraois, glacann Ida, atá 22 bliain d’aois, ceannas ar ghluaiseacht nua, Gluaiseacht na Foraoise, agus téann sí féin agus na mórchuideachtaí i dtionscal foraoiseachta na Fionlainne in adharca a chéile, agus tugtar aghaidh ar an gclaonadh glúine. Faigheann an lucht féachana radhairc áille ar chroí na foraoise agus croí na coimhlinte. Ní hamháin gur óid dhóchasach don dúlra agus dá chosantóirí atá sa scéal, ach tugtar na focail “once upon a time” scannáin buachaillí bó fadó chun cuimhne, ach in ionad na sean-idéal maidir le fearúlacht tá glúin fíor-shárlaochra, arb í an íogaireacht an uirlis troda is treise atá acu.
Ticéid:
Tá €7.50 ar gach ticéad scoláire (€7 i gcás scoileanna DEIS), agus is féidir leis na múinteoirí a théann leo dul isteach saor in aisce.
Chun sceideal na scannán a fhiosrú agus chun áirithintí a dhéanamh, déan teagmháil le schools@corkfilmfest.org
Tabhair faoi deara: Beidh Treoracha Staidéir ar fáil ón 1 Samhain ar ifi.ie/studyguides