ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deiseanna do Scoileanna: Duais Chumadóireachta UCD


Image of student wearing headphone and using music technology for UCD Composition Prize 2025

Íomhá le caoinchead Scoil an Cheoil UCD

Scoil an Cheoil UCD: Duais Chumadóireachta UCD 2025
Spriocdháta: 10 Eanáir 2025 ag 3pm

Cuireadh do gach cumadóir óg! Tá an dara bliain de Dhuais Chumadóireachta UCD seolta go hoifigiúil ag Scoil an Cheoil UCD.

Tugann an comórtas deis do scoláirí iar-bhunscoile ar fud na hÉireann a gcuid ceoil a chur ar stáitse sa Cheoláras Náisiúnta, agus duaiseanna airgid á mbronnadh ar na trí phíosa is fearr.

Cody Grove, 17 mbliana d’aois, ó ETSS, Cill Mhantáin, a bhuaigh an duais fhoriomlán anuraidh, agus tugadh duaiseanna eile do Laszlo Varga (Pobalscoil Chill Droichid, Cill Dara), Amy Tyson (Scoil Ghramadaí Deoise Acain, Béal Feirste), agus Johnny Blake (Coláiste Gonzaga, Baile Átha Cliath)

Tá an comórtas oscailte do scoláirí Idirbhliana agus Ardteistiméireachta/A-leibhéil atá ag déanamh staidéir aon áit ar oileán na hÉireann.

Tugtar cuireadh do scoláirí bunsaothar cumadóireachta do mheascán ar bith de 1-4 uirlis cheoil a chur isteach. Ba cheart na saothair chumadóireachta a chur isteach ina gcomhaid pdf, chomh maith le réadú MIDI (e.g. ag úsáid bogearraí nodaireachta amhail MuseScore, Sibelius, Finale, etc.)

Déanfar moltóireacht ar na saothair chumadóireachta de réir na ngaiscí cruthaitheacha (úrmhaireacht, láidreacht na smaointe cruthaitheacha, etc.) agus an chaighdeáin theicniúil (nodaireacht shoiléir, in oiriúint do na huirlisí, etc.), agus déanfar machnamh ar indéantacht an taibhithe freisin. Tá freagraí ar na ceisteanna coitianta le fáil ar an suíomh gréasáin www.ucd.ie/music/ensembles/ucdcompositionensemble

Roghnóidh painéal de theagascóirí cumadóireachta UCD agus mic léinn, ar baill de Ensemble Cumadóireachta UCD iad, trí shaothar bhuaiteacha ar a mbronnfar duaiseanna airgid. Lena chois sin, seinnfidh Ensemble Cumadóireachta UCD saothar bhuaiteoir na chéad áite i Seomra Kevin Barry ag an gCeoláras Náisiúnta Dé hAoine, 25 Aibreán 2025.

Is féidir le cách cur isteach ar an gcomórtas saor in aisce. Seol d’aighneacht chuig composition@ucd.ie.

Spriocdháta: 3pm, Dé hAoine, 10 Eanáir 2025.

Dá mba mhian leat póstaer a fháil do do scoil nó tuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas, seol ríomhphost chuig an Dr Peter Moran ag composition@ucd.ie nó téigh chuig ár suíomh gréasáin www.ucd.ie/music/ensembles/ucdcompositionensemble/

Foilsithe

25/11/2024

Foirmeacha Ealaíne

Ceol & Fuaim

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre