ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deiseanna do Scoileanna: Clár Idirbhliana an Chomharghrúpa VISUAL


A Group of transition year students stand around an artwork in VISUAL Carlow

Clár Idirbhliana an Chomharghrúpa VISUAL ag VISUAL Cheatharlach. Íomhá le caoinchead VISUAL

VISUAL Ceatharlach
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 24 Eanáir 2025

Is clár taithí oibre é Comharghrúpa VISUAL do dhaltaí idirbhliana a bhfuil suim acu na tionscail chruthaitheacha a fhiosrú agus foghlaim fúthu.

Leis an gclár seo, a bheidh ar siúl in Ionad VISUAL do na hEalaíona Comhaimseartha agus Amharclann George Bernard Shaw i gCeatharlach, tabharfar an deis do na scoláirí eolas a chur ar an méid a tharlaíonn ar chúl stáitse ag ionad ealaíon agus tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn gailearaithe agus amharclanna.

Agus iad faoi stiúir fhoireann éascaitheoirí oilte VISUAL, gheobhaidh na scoláirí tuiscint ar an gcaoi ar féidir tabhairt faoin mbreisoideachas agus gairm sna healaíona agus iad ag foghlaim ó dhaoine a oibríonn i réimse na n-ealaíon.

Casfar ealaíontóirí, amharclannóirí, taibheoirí, teicneoirí agus neart eile ar na scoláirí. Foghlaimeoidh na scoláirí conas gairm sna healaíona a fhorbairt, agus gheobhaidh siad eolas, a bheidh ábhartha maidir le fíorthaithí oibre, ó aoichainteoirí i sraith ceardlann bunaithe ar an gcleachtas. Gheobhaidh siad taithí mar ealaíontóirí agus iad ag déanamh a gcuid ealaíne féin i réimse cur chuige difriúil (amharc-ealaín, taibhiú, ceol, etc.).

Anuas air sin, cabhróidh na scoláirí leis an bhfoireann ag VISUAL lena gcuid imeachtaí agus féilte pleanáilte agus cuirfidh siad eolas ar na saothair ealaíne sna taispeántais atá ar siúl faoi láthair agus déanfaidh siad iniúchadh ar na próisis a bhaineann lena ndéanamh.

Cuirfear críoch leis an gclár le himeacht (a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine 2025) a chomhchruthóidh na scoláirí lena chéile. Beidh an t-imeacht sin féinstiúrtha agus cuirfear ar taispeáint ann saothair a chruthóidh na scoláirí le linn an chláir agus tabharfar deis dóibh a bheith ina bpáirt den sceidealú ag VISUAL Cheatharlach.

Ní mór do scoláirí a bhfuil spéis acu sa chlár iarratas a dhéanamh iad féin, ach na treoracha seo a leanas a leanúint:

  1. Scríobh chuig VISUAL, nó seol físeán chucu, agus tabhair trí abairt fút féin dóibh, chomh maith le trí abairt faoin bhfáth ar mhian leat a bheith páirteach sa chlár.
  2. Léirigh do chuid cruthaitheachta: Seol físeán, grianghraf de do chuid ealaíne, ceol, filíocht, scríbhneoireacht chruthaitheach, aon rud a léiríonn do chuid cruthaitheachta! Is féidir leat níos mó ná sampla amháin de do shaothar cruthaitheach a sheoladh má tá cumas agat i gcúpla réimse.
  3. Cuir d’ainm iomlán, ainm do scoile, do sheoladh ríomhphoist agus d’uimhir fóin i d’iarratas.
  4. Seol d’iarratas chuig Arlene Caffrey learning@visualcarlow.ie roimh mheán oíche an 24 Eanáir 2025

Sonraí eile:

  • Tosóidh an clár Dé hAoine, 7 Feabhra, agus beidh sé ar siúl gach Aoine ar feadh 10 seachtaine as a chéile, go dtí Dé hAoine, 2 Bealtaine (ní bheidh aon seisiún le linn na saoire lár téarma ná le linn na Cásca).
  • Beidh na seisiúin sheachtainiúla ar siúl idir 9:00 agus 13:00 agus beidh sos 30 nóiméad ann.
  • Ba cheart do na scoláirí a lón féin a thabhairt leo gach seachtain agus rud éigin compordach a chaitheamh (ní gá an éide scoile a chaitheamh).
  • Tá 15 áit ar fáil don chlár seo do scoláirí idirbhliana. Beidh na hiarratais iomaíoch agus mar sin, moltar do na scoláirí a bheith a chruthaithí is féidir ina n-iarratais chun a gcuid cruthaitheachta agus a gcuid spéise sna healaíona a léiriú dúinn.

An bhfuil cúnamh uait? Ní gá ach ceist a chur! Cuir ríomhphost chuig Arlene Caffrey ar learning@visualcarlow.ie
Chun tuilleadh eolais a fháil féach an nasc chuig suíomh gréasáin VISUAL: visualcarlow.ie/whats-on/visual-collective

Clár Idirbhliana an Chomharghrúpa VISUAL ag VISUAL Cheatharlach. Íomhá le caoinchead VISUAL

Tá Clár Idirbhliana an Chomharghrúpa VISUAL ag VISUAL Cheatharlach ag glacadh le hiarratais anois d’Earrach 2025

Foilsithe

2/12/2024

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Ceatharlach