ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis d’Ealaíontóirí: Duais Emma O'Kane


A dancer extends her arms backwards above her head. The background is dark.

Íomhá: Emma O’Kane in JOCKY. Grianghraf le Declan English

Sparánacht Emma O'Kane
Spriocdháta: 14 Eanáir 2025, meán lae

Is duais í Sparánacht Emma O’Kane d’ealaíontóirí neamhspleácha ar mian leo smaoineamh taobh amuigh de theorainneacha a bhfoirme ealaíne agus a gcleachtais agus an damhsa nó an teanga fhisiciúil a fhiosrú ina gcuid saothar. Is in ómós éiteas eisceachtúil agus chleachtas ealaíonta an ealaíontóra Emma O’Kane, a cailleadh in 2021, atá sé.

Tá Sparánacht Emma O’Kane ar fáil do gach ealaíontóir, is cuma cén fhoirm ealaíne atá acu agus cén chéim ina ngairm atá siad. Má tá an fhiosracht ort iniúchadh a dhéanamh ar an damhsa, luail nó foirmeacha eile teanga fisiciúla agus iad a chur i do chuid saothar, má tá sé de mhisneach agat teorainneacha na foirme ealaíne a shárú agus cur in aghaidh na norm, agus má tá an uaillmhian agat barr do chumais mar ealaíontóir a bhaint amach, ba bhreá linn cloisteáil uait, is cuma céin cúlra, taithí saoil nó cleachtas ealaíonta atá agat. 

I gcaitheamh bliana, gheobhaidh faighteoirí rathúla na sparánachta tréimhse chónaitheachta sé seachtaine ag Atrium, 42 Trá Fhionnradhairc, Baile Átha Cliath, chomh maith le stipinn d’fhad na tréimhse cónaitheachta agus buiséad do thaighde agus d’ábhair. Beidh deiseanna ann freisin chun leas a bhaint as seisiúin mheantóireachta shaincheaptha agus freastal ar ranganna damhsa gairmiúla ar maidin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin deis agus faoin bpróiseas iarratais, tabhair cuairt ar: emmaokanebursary.ie/applynow.

Is iad Anu Productions, Amharclann Damhsa CoisCéim, Crash Ensemble, Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath, Fishamble: The New Play Company, Amharclann Pavilion, Project Arts Centre The Ark, Baile Átha Cliath agus roinnt gairmithe neamhspleácha a chruthaigh Sparánacht Emma O’Kane. Cuireadh ar bun í le Dámhachtain Forbartha Acmhainne Comhoibríche ón gComhairle Ealaíon in 2021 agus maoinítear í ina hiomláine le tabhartais.

Foilsithe

10/12/2024

Foirmeacha Ealaíne

Rince & Gluaiseacht

Réigiún

Ar fud na tíre