ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 – Scoláirí agus Baill Foirne Choláiste Marino, Baile Átha Cliath 3


Students from Marino College decorate a giant golden fish made from colourful paper and card.

Scoláirí Choláiste Marino ag réiteach prapaí dá mórshiúl féile

Students and Staff of Marino College, Dublin 3 – Cathy French & Robin Stewart

Scríobh Scoláirí agus Baill Foirne Choláiste Marino, Baile Átha Cliath 3, na blagphostálacha seo a leanas. Inseoidh siad scéal ‘Creative Minds, Féile Ealaíon agus Chultúir’ le Coláiste Marino. Foghlaim tuilleadh faoina dturas ó na smaointe tosaigh go dtí gur bhain siad a sprioc amach, ag reáchtáil Féile Ealaíon agus Chultúir don phobal, faoi stiúir an phobail.

Is scoil bheag BOO de chuid Chathair Bhaile Átha Cliath é Coláiste Marino. Tá siad ilteangach (37 teanga!), neamh-shainchreidmheach agus is scoil DEIS atá ann. Is cuid bheoga ilchultúrtha d’Ionchathair Thoir Thuaidh Bhaile Átha Cliath, atá ag forbairt go gasta, í abhantrach na scoile.

Faoi stiúir an mhúinteora Gaeilge Joan Lyne (ar Comhlach Cruthaitheach Múinteora leis an gComhairle Ealaíon í), rinneadh Scoil Ildánach de Choláiste Marino in 2022.

In 2023, chuaigh Coláiste Marino, in éineacht le scoileanna agus eagraíochtaí áitiúla éagsúla le scéim Braislí Cruthaitheacha. Tá an tionscadal ar cheann d’fhaighteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe Thairseach na nEalaíon san Oideachas, 2024, léigh an fógra anseo.


Is iad Cathy French, múinteoir Béarla agus BCTE agus Comhordaitheoir ‘Schools of Sanctuary’ Marino, agus Robin Stewart, Leabharlannaí Chlár Scoile na Sraithe Sóisearaí i gColáiste Marino, a scríobh an chéad eagrán.

Seo é an dara ceann dár sraith Aoi-Bhlaganna ó scoláirí agus baill foirne Choláiste Marino, Bhaile Átha Cliath 3. Ba iad na scoláirí dara bliain, Meg, Ayanna agus Izabela, a scríobh an blag seo.

Thosaíomar ag pleanáil d’fhéile agus mórshiúl 2024 a luaithe agus a thángamar ar ais ar scoil i mí Mheán Fómhair. Ba é Marino 100: Back to the Future téama na féile. Ceiliúradh a bhí ann ar stair an cheantair, agus mar gheall air sin, thosaíomar trí thaighde a dhéanamh ar stair an eastáit chónaithe atá in aice lenár scoil in éineacht le Comhairle Chruthaitheach na scoláirí agus baill foirne ar nós Ms Lyne, ár leabharlannaí Robin, Ms Connor agus Ms French. Tá an t-ádh dearg orainn ealaíontóir cónaithe, Heather Gray, a bheith linn, ar comhlach cruthaitheach í de chuid na Comhairle Ealaíon agus a dhéanann muid a stiúradh i ngach rud a dhéanaimid. Theastaigh uainn stair Marino a chur in iúl inár mórshiúl. Bheartaíomar na príomhimeachtaí seo a leanas i stair Marino a thaispeáint agus a léiriú trí phrapaí speisialta don Mhórshiúl.

1. TUILE MARINO/FHIONNRADHAIRC:
I lár na 1950idí, bhí tuile ollmhór in Marino agus ag an am sin ba nós le daoine fós ainmnithe feirme a choimeád sa ghairdín. Bhí muca ag fear áitiúil amháin ina chúlghairdín agus thángamar ar an ngrianghraf iontach seo den fhear sin ag tarrtháil a gcuid muc i gcurrach. Agus inspioráid faighte againn ón íomhá sin, bheartaíomar muc i mbád a chruthú. “Princess Bacon” a bheartaíomar a thabhairt ar an muc (PB mar leagan gearr). Rinneamar tonn ollmhór adhmaid freisin leis an tuile a léiriú. Tá cónaí ar PB i leabharlann na scoile anois in éineacht le domhan alla bréige ollmhór agus an chuma air gur Charlotte’s Web atá ann.

2. ÉALÚ AN LEOIN BHAININN:
Ní scoláirí ó Choláiste Marino amháin a bhí ag cruthú prapaí don mhórshiúl mar go bhfuilimid i mBraisle Chruthaitheach le roinnt scoileanna eile sa cheantar, mar sin, chruthaigh na leaids i Meánscoil Joey thuas an bóthar prapa mór leoin freisin. Ceiliúradh a bhí i gceist leis sin ar cheansaitheoir leon a chónaíodh in Marino agus a mbíodh leoin á gcoimeád aige sa chúlghairdín (dáiríre píre!). Lá amháin, d’éalaigh a leon baineann agus rith sí timpeall cheantar Fhionnradhairc/Marino ag cur scaoll i muintir na háite! D’éirigh léi a bealach a dhéanamh isteach i meánscoil Joey! Mar sin, rinne na scoláirí ansin prapa mór leoin leis an lá sin a chomóradh.

3. FEIRMEOIREACHT CAORACH AGUS TUIRNÍ:
Sula ndearnadh eastát tithíochta de Marino, talamh feirme a bhíodh sa cheantar ar fad agus bhíodh go leor caorach ag innilt anseo. Bhíodh an olann ó na caoirigh le sórtáil, le ní, le sníomh agus le dathú i gceantar na Saoirsí i mBaile Átha Cliath agus chaitheadh daoine áitiúla éadaí a dhéantaí go háitiúil ag úsáid ábhar a fuarthas go háitiúil. Chruthaíomar tuirne ollmhór leis an gcuid seo de stair ár gceantair a thaispeáint. Bhí ceardlann againn freisin agus d’fhoghlaimíomar féin le holann a sníomh ag baint úsáid as fearsaidí.

l-r A spinning wheel, drawings of a design for spinning wheel and parade ideasScoláirí Choláiste Marino ag dearadh agus ag cruthú tuirne dá mórshiúl féile.

Níl anseo ach cuid de na himeachtaí ó stair ár gceantair a bheartaíomar a léiriú sa mhórshiúl.

Chuaigh grúpa dínn ó Chlub Ealaíne na scoile agus ó Chomhairle Chruthaitheach na scoláirí go dtí dhá bhunscoil áitiúla agus chabhraíomar leis na páistí óga feistis a chruthú a ghabh leis na prapaí seo. I scoil amháin chruthaíomar cluasa agus sróna muc a chaith na páistí agus iad ag gléasadh suas mar bhainbh le dul in éineacht le Princess Bacon, agus sa scoil eile rinneamar feisteas uaineacha beaga leo ionas gurbh fhéidir leo dul in éineacht leis an tuirne.

Students from Marino wearing lamb and pig head pieces for paradeScoláire bunscoile ar a bhfuil feisteas uain agus gearrthán ó The Irish Times ina bhfuil grianghraf de scoláirí ó Scoil Shóisearach Naomh Uinseann de Pól in Marino agus feistis muice orthu.

Theastaigh uainn a chinntiú gur léiríodh cultúir agus traidisiúin éagsúla sa Mhórshiúl, mar go bhfuil ár gceantar agus scoil an-ilchultúrtha ar fad anois, mar sin, bhí dragan ollmhór damhsa againn a chruthaigh an Club Ealaíne an chéad lá dár gceiliúradh scoile ar an mbliain ghealaí.

Bhreathnaíomar amach romhainn freisin, ag samhlú an saol a bhféadfadh a bheith in Marino in 2124. Le linn dúinn cruthú ár gcuid prapaí a phleanáil, chuireamar amlíne le chéile de na rudaí ar fad a theastaigh uainn a dhéanamh agus tharraingíomar sceideal páipéir d’ord an mhórshiúil agus ar a mbeadh i gceist leis. Chruthaíomar na prapaí le chéile sa Chlub Ealaíne sa leabharlann i ndiaidh na scoile ar an gCéadaoin agus i gceardlanna le healaíontóirí a tháinig ar cuairt le linn an lae scoile uaireanta freisin. Bhí ár n-iarmhúinteoir adhmadóireachta, Mr Doody, iontach ó thaobh smaoineamh ar bhealaí inarbh fhéidir linn ár bprapaí a iompar agus a thaispeáint nuair a bhí siad críochnaithe againn. An-spraoi a bhí ann ach d’fhoghlaimíomar an t-uafás freisin, ag cur i bhfeidhm rudaí a d’fhoghlaimíomar sna ranganna mata, staire, tíreolaíochta agus leabharlainne chun foghlaim conas na prapaí a chruthú.

Students from Marino College working on parade props

Students from Marino College working on Parade propsScoláirí Choláiste Marino ag réiteach prapaí dá mórshiúl féile

Bhí sé iontach a bheith in ann dul ag obair i gcomhpháirtíocht le scoileanna eile freisin le cabhrú le cruthú na bprapaí, agus tháinig scoláirí ó go leor scoileanna eile chuig an mórshiúl le páirt a ghlacadh ann nó le breathnú air in éineacht le muintir na háite. Thugamar cuireadh do gach duine teacht go dtí an scoil le haghaidh féile cultúr, taispeántas ealaíne agus bearbaiciú chomh maith le go leor bianna cultúrtha eile, cuid acu a réitigh tuismitheoirí. Thug an Club Óige áitiúil, Swan, a bhearbaiciú ar iasacht dúinn agus bhí sé iontach a bheith in ann rudaí ón lear mór cultúr atá inár scoil agus inár bpobal a thaispeáint. Ba mhaith an rud é gur oibrigh scoláirí agus baill foirne i gcomhar le chéile le linn dóibh a bheith ag déanamh agus ag pleanáil freisin. Shuíomar síos le chéile agus rinneamar gach rud a phleanáil agus a dhéanamh le chéile agus bhíomar an-bhródúil ar fad as an toradh deiridh. Chinntigh na baill foirne gur tugadh éisteacht dár nguthanna agus lig siad dúinn a bheith i gceannas a oiread agus ab fhéidir, agus threoraigh siad muid tríd an bpróiseas. Rinneamar go leor prapaí, ach rinneamar go leor cairde, nasc nua agus braistint pobail níos mó freisin.

Le Meg, Ayanna agus Izabela, scoláirí Bhliain 2, Coláiste Marino, Baile Átha Cliath 3

Foilsithe

30/1/2025

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath