ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Tá Clár Cónaitheachta BLAST Ealaíona & Cruthaitheacht san Oideachas 2025/26 ar Oscailt Anois


Students draw and colour a large sheet of paper

An Roinn Oideachais: Clár Cónaitheachta BLAST Ealaíona & Cruthaitheacht san Oideachas
Spriocdháta Iarratais: 10 Aibreán

D’fhógair An Roinn Oideachais seoladh an chláir cónaitheachta BLAST ealaíona agus cruthaitheacht san oideachas 2025, a thabharfaidh cruthaitheacht agus ealaíona san oideachas chun cinn i 425 Cónaitheacht nua sa scoilbhliain 2025/26.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo tacú le cuspóirí an Phlean Óige Cruthaitheach Éire Ildánach (2023-2027) a thógann ar na prionsabail agus scileanna atá leagtha amach sa Chairt Ealaíona san Oideachas (2013) agus éachtaí a d’eascair ó Óige Ildánach (2017-2022).

Tá sé mar aidhm ag BLAST am agus spás a thabhairt do dhaltaí i scoileanna ar fud na tíre oibriú le cleachtóir cruthaitheach gairmiúil ar thionscadail chruthaitheacha agus spraíúla. Is príomhthionscnamh na Roinne Oideachas den Phlean Óige Ildánach 2023 - 2027 é BLAST agus tá sé mar phríomhaidhm aige cruthaitheacht a chothú i scoileanna agus deis a thabhairt do dhaoine óga na príomhscileanna agus príomhchumais maidir le comhoibriú, smaointeoireacht chriticiúil, réiteach fadhbanna, agus nuálaíocht a fhoghlaim agus a fhorbairt.

Ceaptar agus forbraítear cónaitheachtaí BLAST nuálacha idir an cleachtóir cruthaitheach, múinteoir, scoláirí agus an pobal scoile faoi chomhordú líonra de 21 Ionad Tacaíochta Oideachais in Éirinn (ESCI).

Is féidir iarratas a dhéanamh ón 18 Márta 2025. Is é an 10 Aibreán 2025 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.

Féach ar an nasc seo a leanas chun Treoirlínte Iarratais BLAST agus tuilleadh sonraí a fháil

Foirm Iarratais BLAST 2025/26 Déan iarratas anseo: Foirm Iarratais BLAST

BLAST 25/26

Foilsithe

24/3/2025

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre

Tags

BLAST