ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Gairm ar Chuir i Láthair agus Ceardlanna – Lá na Tairsí Náisiúnta 2025


People spray paint on white paper for National Day 2024 creative workshop with Street Ink

Ceardlann Chruthaitheach le Street Ink ag Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2024 ag OT Bhaile Átha Cliath. Grianghraf: Cian O’Flynn

Tairseach na nEalaíon san Oideachas
Spriocdháta: 5i.n., Dé Céadaoin, an 10 Meán Fómhair

An ealaíontóir, múinteoir, oideachasóir acadúil nó ealaíon tú a bhfuil rud éigin spreagúil le roinnt agat? Beidh ár 10ú hócáid bhliantúil de Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas á reáchtáil againn ar Dé Sathairn, an 8 Samhain 2025 agus ba bhreá linn cloisteáil uait!

Agus an lá á reáchtáil i Scoil na hEalaíne agus Deartha de chuid Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, tugann Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas baill de phobal bríomhar na n-ealaíon san oideachas agus sa chleachtas cruthaitheach in Éirinn le chéile – chun bualadh lena chéile, smaointe a mhalartú, a bheith spreagtha ag a chéile agus le dea-chleachtais a fhiosrú.

Cuireann Coiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas fáilte roimh mholtaí ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí a bhfuil suim acu cuir i láthair agus ceardlanna tarraingteacha agus bríomhara a sheachadadh. Más ag roinnt teicnící cruthaitheacha, cuir chuige nuálacha nó léargais atá ina ábhair mhachnaimh atá tú – ba bhreá linn spléachadh a fháil ar do mheon.

I mbliana, leanfar leis an mbéim speisialta ag Lá na Tairsí ar ‘Amplifying All Voices’.

Critéir maidir le tograí a roghnú:

Cuireann Coiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas fáilte roimh thograí le haghaidh ceardlann agus cur i láthair a léiríonn:

  • Cuir chuige dhinimiciúla
  • Bealaí nua oibre
  • Cuir i láthair/ceardlanna ina n-áirítear guthanna leanaí
  • Obair a léiríonn tiomantas don bharr feabhais
  • Torthaí láidre aeistéitiúla agus/nó oideachais

Beidh ár rogha tograí bunaithe freisin ar an mian atá ann do na nithe seo a leanas:

  • Dea-raon tíreolaíoch náisiúnta
  • Raon foirmeacha ealaíne
  • Ionadaíocht luathbhlianta, bunscoile, iar-bhunscoile agus Ógtheagmhála
  • Ionadaíocht chomhionann do na healaíona san oideachas agus earnálacha cruthaitheacha araon
  • Cothromaíocht idir cuir chuige phraiticiúla agus theoiriciúla

Conas iarratas a dhéanamh:
Is é an spriocdháta chun tograí a chur isteach ná 5i.n. Dé Céadaoin an 10 Meán Fómhair.
Ba cheart tograí a chur isteach trí úsáid a bhaint as Google Forms, cliceáil ar na naisc thíos chun rochtain a fháil ar an bhfoirm.

Cliceáil anseo chun togra a chur isteach do Chur i Láthair
Cliceáil anseo chun togra a chur isteach do Cheardlann

Má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil le editor@artsineducation.ie.