ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Seirbhís Sruthaithe nua do mhúinteoirí chun Tacú leis an ábhar Ardteiste Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta


A group of students and teachers pictured with the Minister, for launch of Drama, Film and Theatre Studies Channel

An Roinn Oideachais agus Óige agus Institiúid Scannánaíochta na hÉireann

Cuireann an tAire Oideachais agus Óige Helen McEntee TD, fáilte roimh sheoladh seirbhís sruthaithe meán nua saor in aisce chun cabhrú le múinteoirí an t-ábhar nua san Ardteistiméireacht a theagasc: Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta.

Tabharfaidh an tseirbhís nua seo, ar a dtugtar an Cainéal DFTS rochtain do mhúinteoirí i 57 scoil ar na hábhair dualgais agus acmhainní foghlama. Is iad seo na chéad scoileanna chun an t-ábhar a chur ar fáil, ag tosú sa scoilbhliain nua.

D’fhorbair Institiúid Scannánaíochta na hÉireann an t-ardán seo tar éis próiseas roghnúcháin níos luaithe sa bhliain. Tá an t-ábhar nua seo á chur ar fáil mar aon le Gníomh Aeráide agus Forbairt Inbhuanaithe mar chuid de Chlár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí.

Agus an t-ardán á sheoladh, dúirt an tAire:

“Tá lúcháir orm an Cainéal DFTS a sheoladh go hoifigiúil inniu. Cuireann sé seo leis an tiomantas atá agam a chinntiú go bhfuil na hacmhainní atá ag teastáil ó scoileanna chun an t-ábhar nua a theagasc, faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.

Tá a fhios agam go bhfuil scoláirí agus múinteoirí araon ag tnúth go mór le bheith in ann tús a chur leis an ábhar seo nuair a fhillfidh siad ar scoil. Tá sé an-tábhachtach go gcothaímid cruthaitheacht agus go gcuirimid í chun cinn i measc na ndaoine óga – tá cuid mhór tallainne inár seomraí ranga cheana agus beidh na scoláirí sin in ann a láidreachtaí agus spéis sna healaíona a léiriú tríd an ábhar seo.”

“Beidh ár scoláirí in ann na hábhair dualgais a úsáid gan stró nuair a bheidh an tseirbhís sruthaithe ar fáil. Beidh siad in ann scannán agus amharclannaíocht a fhiosrú óna seomraí ranga gan stró. Níl seo ach ceann amháin de na hacmhainní atá á chur ar fáil ag mo Roinn i scoileanna Céim a hAon – gheobhaidh siad trealamh ceamara, solais, fuaime, ríomhaire, agus ceamara, deontas bliantúil agus leithdháileadh teagaisc breise.”

Léigh an preaseisiúint iomlán ón Roinn Oideachais agus Óige anseo: gov.ie