ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Professor John Johnston Announced As Keynote Speaker for 2025 National Arts In Education Portal Day


Cuimhnigh ar an dáta! Beidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2025 ar siúl i Scoil na hEalaíne agus Deartha in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn, 8 Samhain 2025.

Tá an-áthas orainn go mbeidh an tOllamh John Johnston mar spreagchainteoir againn agus é ina Chathaoirleach EOECNA ar oideachas sna healaíona atá bunaithe ar shaincheisteanna ag Ollscoil na nEalaíon ArtEZ san Ísiltír.

Is as Béal Feirste ó dhúchas do John agus san obair a dhéanann sé caitheann sé a dhúthracht le hoideolaíochtaí cruthaitheacha agus gníomhaíocha a fhorbairt a thugann aghaidh ar shaincheisteanna atá ina n-údar easaontais agus achrainn. Tá spéis ar leith aige in aird a tharraing ar an gcaoi a ndéantar arm as ealaín, cultúr agus oideachas chun féiniúlachtaí aonchineálacha a mhúnlú atá bunaithe ar aicme, ar chine agus ar dhifríochtaí creidimh.

Níos déanaí an lá céanna, feidhmeoidh John mar éascaitheoir ar cheardlann chruthaitheach dar teideal ‘Introduction to Meaning Centred Education’.

Is féidir ticéid a chur in áirithe le haghaidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2025 ón gCéadaoin, 8 Deireadh Fómhair ar aghaidh. Tá sé mar aidhm ag an ócáid lae saor in aisce seo gairmithe ealaíon agus oideachais a thabhairt le chéile chun smaointe a chomhroinnt, cur lena stór eolais, labhairt agus líonrú lena chéile agus chun inspioráid a fháil fad is a phléann siad dea-chleachtais sna healaíona agus sa chruthaitheacht san oideachas. Bígí ann le haghaidh meascán de chuir i láthair spreagúla, de chuir i láthair níos lú a bheidh faoi stiúir ionchuir ón lucht éisteachta agus de cheardlanna cruthaitheacha.

Má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil le events@artsineducation.ie

Foilsithe

30/9/2025

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Réigiún

Ar fud na tíre

Tags

national portal day 2025, TU Dublin