ENGLISH

NUACHTLITIR



Roinn do chuid oibre ar Thairseach na nEalaíon san Oideachas. Cuir isteach anseo. Léigh ár dTÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA le do thoil, sula gcuirfidh tú isteach


Seol do Thionscadal ar Aghaidh

Dul chun cinn ní blaisíní atá ann!

An ealaíontóir, múinteoir nó cleachtóir chúram agus oideachas na luath-óige thú atá páirteach i dtionscadal spreagúil na n-ealaíon san oideachas? An bhfuil fonn ort do chuid oibre agus a bhfuil foghlamtha agat a roinnt chun spreagadh a thabhairt do dhaoine eile agus chun bheith mar chuid de chomhrá leanúnach atá ann ag féachaint ar na healaíona i gcleachtas oideachais in Éirinn?

Más ea, tugaimid cuireadh duit chun do Thionscadal/Chomhpháirtíocht a chur isteach.

Tá Tairseach na nEalaíon san Oideachas ag iarraidh an réimse oibre a léiriú atá ar siúl ar fud na hÉireann trí fhoirmeacha ealaíne difriúla, agus chun léargais spreagúla a thairiscint i gcleachtadh comhoibríoch idir na healaíontóirí agus na múinteoirí nó ealaíontóirí agus oibrithe cúram leanaí.

Táimid ag iarraidh scéala a fháil uait má tá baint agat le tionscadal:

  • A bhaineann le healaíontóirí, múinteoirí/cleachtóirí luath-óige agus leanaí;
  • A bhfuil éiteas láidir cleachtadh ealaíon san oideachas taobh thiar de;
  • A bhfuil taifeadadh air, bíodh grianghrafadóireacht, físeán nó meáin eile i gceist;
  • A forbraíodh le beartas um chosaint leanaí agus nósanna imeachta ábhartha i bhfeidhm.

Léigh ár gcritéir agus treoirlínte aighneachta le do thoil agus ár dtéarmaí agus coinníollacha sula gcuirfidh tú d’aighneacht isteach.

 Íoslódáil agus comhlánaigh an teimpléad le do thoil agus seol ríomhphost le d’aighneacht chugainn ag editor@artsineducation.ie mar aon le cáipéisíocht de do thionscadal.

Download the submission template here