ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


CRAFTed


(c) Ciara Harrison

Céard faoi an tionscadal?

Thug Scoil Náisiúnta Shóisearach Mhuire i mBaile Coimín, Co. Chill Mhantáin (leis an múinteoir Judy Lawler) agus an t-ealaíontóir Ciara Harrison faoin tionscadal seo. Tá Aguisín faoi iamh ina bhfuil cúlra na gceardlann agus tuilleadh sonraí fúthu.
Cuid den tionscnamh CRAFTed a reáchtálann Comhairle Deartha agus Cheardaíochta na hÉireann é an tionscadal seo. Is iad fabraic agus snáithín na príomh-mheáin lena n-oibrímid, agus muid i mbun turgnamh le ruaimniú fabraice, le ceangal is dathú, le bróidnéireacht agus le teicstílí priontáilte. Tá an tionscadal bunaithe ar phróiseas a scaoileann leis na páistí a bheith i mbun fiosrú agus ag déanamh turgnaimh ag a luas féin trí cheardlanna éascaithe.  Chinneamar le chéile gur cheart taifead a choinneáil ar an tionscadal le grianghraif agus le scannáin chomh maith le machnamh na bpáistí, agus tá guth agus smaointe na bpáistí le cloisteáil agus le feiceáil le linn an tionscadail ar fad dá bharr sin. Úsáideadh leabhair nótaí nó dialanna ealaíontóra chuige seo, lena n-áirítear téacs agus líníochtaí chomh maith le samplaí ó na ceardlanna.

Cé a bhí páirteach ann?

Ba chomhfhiontar é idir 24 dhalta sna naíonáin shinsearacha i St. Mary’s Junior National School, Baile Coimín, a múinteoir Judy Lawler, agus an t-ealaíontóir Ciara Harrison.

Cén chaoi ar thosaigh sé?

Tharla an comhoibriú de bharr tionscnamh de chuid Chomhairle Deartha agus Cheardaíochta na hÉireann, CRAFTed.  Clár ealaíon san oideachas é seo, a dhírítear go sonrach ar bhunscoileanna agus ina gcuirtear ceardaí i mbun oibre le múinteoir agus daltaí i mbunscoil.
Casadh ar a chéile muid an chéad lá riamh ag oíche chomhoibrithe a d’eagraigh Comhairle Deartha agus Cheardaíochta na hÉireann in Ionad Oideachais Chill Dara. D’éascaigh ceardaí an t-imeacht, a thug cur i láthair dúinn ar obair CRAFTed, ar a éiteas, ar a aidhmeanna agus ar a chuspóirí. Cuireadh Múinteoir agus Ealaíontóir ag obair i mbeirteanna ansin agus tugadh am dúinn ransú smaointe a dhéanamh ar théama don tionscadal agus ar chuid de na gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh.
Is é atá i gceist go dtagann téama an tionscadail ceardaíochta leis an gcuraclam Oideachais Shóisialta Imshaoil agus Eolaíochta ar scoil (stair, tíreolaíocht agus eolaíocht).  Shocraíomar ár dtéama a bhunú ar phlandaí, ainmhithe, crainn, duilleoga agus feithidí dúchasacha toisc go raibh na daltaí ag foghlaim fúthu sin ar feadh na bliana.

Cé na gnéithe den tionscadal a chur meangadh gáire ar d’aghaidh?

Ciara: An chéad lá den tionscadal, thug mé cur i láthair PowerPoint do na daltaí.  Bhí íomhánna de mo shaothar chomh maith le téacs a rinne cur síos ar mo phróisis mar chuid den chur i láthair. Chuir mé na páistí ar an eolas faoin ealaíontóir talún Andy Goldsworthy agus thaispeáin mé íomhánna dá shaothar dóibh.  Bhí iontas ar na páistí faoina chuid saothair agus bhain siad an-taitneamh as.  Chruthaigh a gceisteanna faoin saothar agus a léirmhíniú air fuinneamh mór agus spreag sé iad ina ngníomhaíocht ina dhiaidh sin.  Ba mhór agam an lá sin.
Judy: Thug Ciara samplaí fabraice dá cuid saothair léi, agus dáileadh ar na páistí sa seomra ranga iad. Bhí sé go hálainn do na páistí lámh a leagan ar na fabraicí agus breathnú orthu, agus thug sé eolas dóibh faoi chuid de na próisis a d’fhéadfaidís a fheiceáil sna ceardlanna ina dhiaidh sin. D’éirigh go maith leis an obair ghrúpa; bhí na páistí ag comhoibriú agus ag obair i gcomhar a chéile le linn an phróisis agus chuimhnigh siad ar go leor smaointe le linn an phlé.

Cé na gnéithe den tionscadal a thug do dhúshlán?

Ciara: Toisc nach raibh na ceardlanna seo déanta agam le páistí ar an aois seo cheana, ní raibh mé cinnte faoin réim teanga a d’fhéadfainn a úsáid leo agus faoi chomh domhain is a cheart don téarmeolaíocht a bheith nó fiú ar chóir dom téarmeolaíocht chasta a úsáid ar an gcéad dul síos.
Toisc gur ghrúpa mór é le bheith i mbun oibre leo, bhí sé dúshlánach uaireanta cúnamh a thabhairt do gach duine. Rinneamar ceardlann fuála lá amháin agus toisc gur ghníomhaíocht nua é do na páistí ar fad theastaigh go leor cúnamh duine ar dhuine leo.  D’fhoghlaim mé dá gcuirfinn páiste níos cumasaí le páiste nach raibh chomh cumasach céanna go raibh said ag míniú an phróisis ina bhfocail féin agus ceapaim gur bhain na páistí taitneamh as an bhfreagracht sin.

Úsáidim ábhair faoi leith ar nós tuarthóra i mo chuid oibre chun éifeachtaí a chruthú i bhfabraicí. Ní bheadh sé sin sábháilte le húsáid leis na páistí mar sin bhí orainn smaoineamh ar tháirgí eile a bheadh oiriúnach dóibh.  Chabhraigh sé go mór cúnamh Judy a bheith agam dó seo toisc gur mise a bhí i gceannas ar na hábhair a fháil do na ceardlanna.

Cé na léargais ón tionscadal ar fiú a roinnt?

Judy: Bhí an cur i láthair agus an plé a tharla sa chéad cheardlann an-tábhachtach le go gcuirfeadh na daltaí agus Ciara aithne ar a chéile.  Bhí sé an-tábhachtach freisin go bhféadfadh na daltaí a gcuid smaointe agus léirmhínithe a phlé agus ceisteanna a chur faoin saothar a bhí á thaispeáint dóibh.  Tugadh neart ama dó seo ar fad.

Spreag an chaint agus an plé faoi shaothar Chiara agus Andy Goldsworthy na páistí ina ngníomhaíocht ina dhiaidh.  Laistigh den ghníomhaíocht, thug na himlínte cailce cruth do dhearadh ama na bpáistí, ag úsáid ábhair nádúrtha chun colláis a dhéanamh dá ndearaí.  Tá an ghníomhaíocht féin agus na hábhair a úsáidtear an-oiriúnach do pháistí agus spreagfar go leor díobh leis an déanamh ealaíne seo a chuimsiú i spraoi faoin aer.

Bhain na páistí taitneamh freisin as criáin speisialta fabraice, marcóirí fabraice, péint fabraice agus ruaim ábhair a úsáid den chéad uair. Bhí an-fhonn orthu na hábhair nua sin a úsáid agus bhí siad an-pháirteach sa phróiseas.

Le linn an phróisis ar fad d’fhoghlaim na páistí foclóir tuairisciúil chun cur síos a dhéanamh ar a saothar féin agus ar shaothar ealaíontóirí eile. Bhí sé iontach é seo a chloisteáil sa seomra ranga. Bhí sé an-spéisiúil na heispéiris foghlama a chuardach i ngach ceacht ealaíne agus foghlaim faoin méid atá á ghnóthú ag na páistí ón bpróiseas.

Ceapaim gur cuireadh faobhar faoin tionscadal mar gheall ar an amlíne a raibh mé féin agus Ciara ag obair leis. Phleanálamar na ceardlanna de réir a chéile. Leagaimis cuspóirí áirithe amach a bhí le baint amach don chéad cheardlann eile. Bhí ardfhuinnimh agus ard-díograis le brath sna ceardlanna – bhain na páistí an-spraoi astu.

Ciara: D’fhan mé féin agus Judy i dteagmháil rialta ar ríomhphost sular thosaigh an tionscadal agus leanamar leis sin ar feadh an tionscadail ar fad. Bhíomar in ann measúnú a dhéanamh ar na ceardlanna dá bharr agus foghlaim óna chéile faoin méid a d’oibrigh agus faoin méid a d’fhéadfaí a fheabhsú. Foinse cáipéisíochta anois é freisin, a d’fhéadfaí a úsáid do cheardlanna amach anseo toisc go bhfuil an bheirt againn tar éis foghlaim faoin mbealach is fearr le tabhairt faoi na gníomhaíochtaí ón taithí a bhí againn orthu.  Bhí teagmháil rialta ina gné ríthábhachtach den tionscadal.

Cé gur cheap mé féin agus Judy struchtúr don tionscadal ar ár gcéad oíche pleanála, d’fhágamar scaoilte go maith é. Ba iad rannpháirtíocht na bpáistí agus an méid taitnimh a bhain siad as an ngníomhaíocht a chinn chomh fada is a mhair sí.  Ag tús gach seisiúin mhínigh mé an ghníomhaíocht a bheadh ar bun againn an lá sin don rang i.e. ceangal is dathú, fuáil, líníocht, agus chuireamar am ar leataobh do cheisteanna agus scéalta ó na páistí. Uaireanta bheadh PowerPoint in éindí an réamhrá seo. Uaireanta eile ní raibh ann ach comhrá. Thug sé seo deis do na páistí a smaointe féin a chur in iúl i suíomh a theastaigh uainn a bheidh neamhfhoirmiúil.

Ceapaim gur gné thábhachtach den chomhoibriú idir an múinteoir agus an t-ealaíontóir é an meas a léirítear do shaineolas an duine eile. Toisc gur mó aithne a bhí ag Judy ar na páistí d’fhéadfadh sise aire a thabhairt do chúrsaí iompair sa seomra ranga agus do phoncúlacht na ngníomhaíochtaí, agus bhí mise in ann na ceardlanna a leagan amach agus cabhrú leis na páistí agus iad ina mbun.  Ba chuid ríthábhachtach é seo de rath an tionscadail.

Ar athraigh aon cheo mar gheall ar an tionscadal?

Judy: Tá na páistí tar éis na scileanna a d’fhoghlaim agus a d’fhorbair siad a úsáid, go háirithe an chailc agus na hábhair nádúrtha mar chineál spraoi faoin aer ina n-am féin. Ba bhealach é an tionscadal le muinín na bpáistí ina smaointe agus ina gcumas féin a mhéadú.

Ba é seo an chéad riamh dom iarracht a dhéanamh leabhar nótaí ealaíontóra a dhéanamh leis na páistí don ‘dialann choille’. Cheap mé gur éirigh thar cionn leis agus ba ghníomhaíocht é a chomhtháthaigh go hiomlán le curaclam an Bhéarla agus OSCE, chomh maith le curaclam na healaíne.  Bailíonn na páistí go leor ábhar nádúrtha agus nithe a aimsíonn siad amuigh don rang agus don bhord dúlra ar feadh na bliana, agus táim níos feasaí anois faoin gcaoi a bhféadfaí iad sin a athúsáid chun ealaín a chruthú. Mar gheall air sin bíonn cuspóir níos fearr leis an mbailiú agus leis an gcruinniú do na páistí agus bíonn sé níos suntasaí dóibh.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Ciara Harrison

Is mise Ciara Harrison. Déantóir mé a shaindíríonn ar dhisciplín na dteicstílí agus na meán mheasctha. Tá Baitsiléir sa Dearadh Teicstílí agam ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD), Baile Átha Cliath áit ar shaindírigh mé ar theicstílí bróidnithe. I measc na taithí taispeántais atá agam, tá an 14ú Féile Thríbhliantúil Idirnáisiúnta Taipéise sa Pholainn (2011) áit a raibh mé i measc triúr ealaíontóirí Éireannacha ar iarradh orthu taispeántas a thabhairt; Taispeántas Aighneachtaí Oscailte DLR i nDún Laoghaire (2013); Taispeántas ‘Source’, Dún Laoghaire (2012); Comórtas Ceardaíochta RDS (2012); agus Taispeántas Muirdhreach Chomhairle Deartha agus Cheardaíochta na hÉireann (2011); Máistir-rang in Olann de chuid Chomhairle Deartha agus Cheardaíochta na hÉireann in Rambouillet na Fraince. In 2013, roghnaíodh mé mar dhuine de chúigear rannpháirtithe Éireannacha chun páirt a ghlacadh i Máistir-rang in Olann de chuid Chomhairle Deartha agus Cheardaíochta na hÉireann in Rambouillet na Fraince. D’fhoghlaim mé teicnící ar nós shibori, feiltiú agus déanamh tochtanna olla.

Tá taithí agam ar ealaín a mhúineadh ar an dara leibhéal chomh maith le campaí ealaíne, teagasc do dhaoine aonair, agus Painéal Oideachais Chomhairle Deartha agus Cheardaíochta na hÉireann. Tá baint agam le CRAFTed agus le designED ó 2014 i leith, agus d’oibrigh mé le páistí idir cúig bliana d’aois agus trí bliana déag d’aois mar chuid díobh.  Spreag an t-ealaíontóir talún Andy Goldsworthy muid sna tionscadail sin agus dhíríomar ar shaothar ollmhór comhoibríoch amuigh faoin aer chomh maith le saothar níos lú ar nós bróidnéireacht láimhe agus meaisín agus péinteáil fabraice.  Creidim go diongbháilte sna healaíona san oideachas agus creidim gur féidir le próiseas na hoibre comhoibríche a bheith an-tairbheach go deo do na scoláirí, na múinteoirí agus na n-ealaíontóirí.


Múinteoir(í):

Judy Lawler

Is mise Judy Lawler. Múinteoir bunscoile mé i St. Mary’s Junior National School, Baile Coimín, Co. Chill Mhantáin. Tá an-spéis agam i dtacaíocht a Is mise Judy Lawler. Múinteoir bunscoile mé i St. Mary’s Junior National School, Baile Coimín, Co. Chill Mhantáin. Tá an-spéis agam i dtacaíocht a thabhairt do na hAmharc-ealaíona san Oideachas. Tá mo chúlra féin sa Mhínealaín. Bhain mé BA sa Phéintéireacht amach in 2003 ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin bhain mé Ard-Dioplóma Ealaíon san Oideachas amach le Coláiste Hibernia. Le linn an tionscadail seo, bhraith mé go raibh an phleanáil agus an plé comhoibríoch le Ciara an-tairbheach agus d’eascair próisis agus sraith taithí ealaíne den scoth as do na páistí. Cuireadh na páistí ar an eolas faoi scileanna agus faoi chuir chuige nua sna ceardlanna; ceangal is dathú, fuáil, agus an fhéidearthacht a bhaineann le healaín a chruthú faoin aer le hábhair nádúrtha.  Baineann smaointe a roinnt, pleanáil, ullmhúchán agus rud a thabhairt chun críche leis an gcleachtas comhoibríoch. Cuireann an próiseas seo spreagadh, inspioráid agus tacaíocht ar fáil do thionscadail Amharc-ealaíon san Oideachas.


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

CRAFTed

Comhpháirtíocht é CRAFTed idir Comhairle Deartha agus Cheardaíochta na hÉireann agus Cumann Ionaid Mhúinteoirí / Oideachais in Éirinn a thacaíonn le forbairt cláir náisiúnta ag leibhéal na bunscoile a chuireann cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn trí chomhpháirtíocht chomhoibríoch atá bunaithe ar phróiseas. Cuireann sé ceardaithe gairmiúla ag obair go díreach le múinteoirí bunscoile i modh comhoibríoch, a chumasaíonn smaointe cruthaitheacha agus scileanna déanta, a thacaíonn leis an gCuraclam Amharc-ealaíon, agus áirítear leis cuir chuige don fhoghlaim chomhtháite sa seomra ranga. Taithí dhearfach phraiticiúil déanta é ina mbíonn deiseanna ag múinteoirí oibriú go comhoibríoch le ceardaithe, ag roinnt smaointe agus scileanna.

Dírítear an comhoibriú ar inbhuanaitheacht agus neamhthuilleamaíocht a thógáil thart ar chleachtas comhoibríoch cruthaitheach amach anseo agus tacaítear le múinteoirí le curaclam na nAmharc-ealaíon ag an Leibhéal Bunscoile a sheachadadh. Mar chuid den chlár, tionóltar laethanta pleanála comhoibríocha, nuair a thagann múinteoirí agus ceardaithe le chéile chun smaointe a phlé sula dtosaíonn na tionscadail sa seomra ranga. Mar chuid den phróiseas comhoibríoch, tá am agus spás a chur ar fáil chun smaointe a roinnt agus chun pleanáil ina ghné ríthábhachtach le go n-éireoidh leis na tionscadail ceardaíochta. Dírítear ar fhoghlaim chomhtháite sna hAmharc-ealaíona agus san Oideachas Sóisialta, Comhshaoil agus Eolaíochta. Úsáidtear an taithí agus modheolaíocht chomhtháite chomhoibríoch CRAFTed mar chéim tosaigh do chleachtas amach anseo sa seomra ranga.


Ciara Harrison

Ealaíontóir(í)

Ciara Harrison

Judy Lawler

Múinteoir(í)

Judy Lawler


Foirmeacha Ealaíne

Ceardaíochta

Foirm il-ealaíne

Teicstílí

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

St. Marys Junior National School


Rannpháirtithe

24


Réigiún

Cill Mhantáin

Aois/Rang

5-6 bliana d’aois. Naíonáin Shinsearacha


Dátaí

12/02/15 – 23/04/15


Naisc

www.learncraftdesign.ie


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

The Design and Crafts Council of Ireland


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

An ghnáthóg nádúrtha: duilleoga, feithidí, crainn, plandaí agus ainmhithe dúchasacha.


Snáitheanna Curaclaim

Eolaíocht, Béarla, Na hAmharc-ealaíona, Tíreolaíocht



An important aspect of the collaboration between teacher and artist is the respect given to each other’s expertise.

Ciara Harrison, Artist

CRAFTed

CRAFTed

CRAFTed

CRAFTed

CRAFTed

(c) Ciara Harrison