ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Paddy Red Downey and the Voice in the Dream


Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Cad faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Comhshaothar ab ea Sleeper Creeper idir Robbie Perry (ceoltóir), Annie Callaghan (ealaíontóir) agus Philip Doherty (drámadóir) agus cuireadh ar stáitse i Halla an Bhaile sa Chabhán é ag deireadh na bliana 2016 mar chuid den chlár séasúrach do leanaí. D’éirigh go han-mhaith leis an seó agus shocraigh Joanne Brennan (Ealaíon san Oideachas, Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin) dul chomh fada le Robbie agus Annie agus Sleeper Creeper a oiriúnú le haghaidh tionscadal píolótach a bheadh ar siúl in dhá bhunscoil, ceann sa Chabhán agus ceann i Muineachán. Bhí an seó bunaidh sách casta agus bhain sé úsáid chliste as disciplíní ealaíonta. Baineadh úsáid as ceol beo agus tobchumtha tríd anuas le trealamh lúbach agus scáthphuipéid chomh maith le rudaí uathúla agus rudaí coitianta. Rinneadh é sin ar fad gan aon dialóg. Insíodh scéal faoi sheanfhear agus ceapadóir uaigneach a n-éiríonn leis duine beo a chruthú ó pháirteanna a aimsíonn sé caite sa bhruscar. Bíonn siad páirteach i dtaispeántais agus tarlaíonn rudaí aisteacha dóibh, rud a fhágann go n-éiríonn siad ceanúil ar a chéile.
Seachas iarracht a dhéanamh an taispeántas céanna a chruthú do scoláirí óga, roghnaigh Robbie agus Annie scéal iomlán nua dar teideal Paddy Red Downey and the Voice in the Dream ina dtéann Paddy Red Downey ag iascach i gcomhair bruscair agus téann sé ar aistear chuig domhan mistéireach, áit a gcloiseann sé glór seanmhná ag glaoch air agus ag rá leis filleadh ar a bhaile agus an méid atá feicthe aige a roinnt le gach duine.

Andrea Malone, Múinteoir

Bhí tionscadal Paddy Red Downey and the Voice in the Dream ar cheann de na tionscadail is éifeachtaí a raibh baint agam leis riamh. Bhí comhráití agam le Joanne Brennan (Ealaíon san Oideachas, Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin) agus cruinnithe le Robbie agus Annie ina ndearnadh gach riachtanas a phleanáil, a eagrú agus a chinntiú e.g. grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, spás sa scoil, nasc leis an gcuraclam, etc. Chas Robbie agus Annie leis na leanaí chomh maith chun iad féin a chur in aithne agus chun an tionscadal a mhíniú.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?
Annie Callaghan & Robbie Perry, Ealaíontóirí

Forbraíodh na smaointe mar thoradh díreach ar phrionsabail Sleeper Creeper. Cur chuige ildisciplíneach maidir le foirm ealaíne agus na téamaí atá bunaithe ar athchúrsáil agus athearraíocht ábhar laethúil agus bruscair. Cruthaíodh an scéal féin chun smaointe daoine óga a spreagadh. Úsáideadh an scéal mar oscailt do cheardlanna an tionscadail, agus bhíomar in ann léiriú a dhéanamh ar ghnéithe ón amharclannaíocht, drámaíocht, scéalaíocht, ceol agus scáthphuipéid do na leanaí, gnéithe a d’fhoghlaimeoidís féin le húsáid thar thréimhse dhá lá dá gcomhghníomhaíocht féin.

Lig an múinteoir do Robbie agus Annie na leanaí a thabhairt timpeall na scoile ina mbeirteanna chun nithe ar chuir siad spéis iontu a iniúchadh agus a bhailiú. Teilgeadh na nithe sin ansin trí úsáid a bhaint as osteilgeoir analógach agus pléadh iad go hoscailte agus i dteannta a chéile maidir leis an gcaoi ar tháinig athrú orthu de réir mar a d’athraigh ár dtuairimí. Éascaíonn an sampla seo próiseas bailíochtaithe don duine aonair sa mhéid a bhraitheann siad ina dhiaidh sin mar ealaín agus an bealach is féidir í a láimhseáil ansin chun cuidiú le scéal a chruthú.
Ansin scaradh an grúpa ina dhá leath. Chabhraigh Annie agus na scáthphuipéid le leath acu agus chabhraigh Robbie agus an cruthú ceoil leis an leath eile mar bhealach d’fhonn tacú leo lena léiriú féin.

Ní raibh i gceist le ról an mhúinteora sa cheardlann seo ach súil a choinneáil orthu agus smacht a choinneáil má bhí gá leis sin. Ní féidir béim rómhór a leagan ar cé chomh tábhachtach is atá an cur chuige seo maidir leis an tionscadal san iomlán. Léirigh comhráití agus tuairimí roinnte leis an múinteoir gnéithe agus cáilíochtaí de charachtar gach scoláire de réir mar a d'oibrigh siad go dlúth agus go dian leis na healaíontóirí a raibh súil ghéar ag an múinteoir orthu.

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?
Annie Callaghan & Robbie Perry, Ealaíontóirí

Bhí an tionscadal é féin sách trialach. Ní raibh aon rud chomh casta seo glactha againn cheana riamh lena léiriú agus a oiriúnú le ceardlann. Mar aon leis sin, bhí go leor dúshlán ann, ar nós an méid ama a theastaíonn ó na scoláirí chun a lán scileanna a fhoghlaim, ceisteanna maidir le hoiriúnacht an seomra ranga, seachas halla, do na ceardlanna, etc. Tá an-áthas orainn a fháil amach gur éirigh réasúnta maith linn leis na dúshláin sin go léir a bhí ina ndúshláin do na scoileanna chomh maith. Bhíomar in ann oibriú laistigh den seomra ranga, rud a chiallaigh nach raibh orainn cur isteach ar an gcuid eile den scoil ó thaobh úsáid seomraí malartacha a eagrú nó a athshocrú. Chomh maith leis sin, ó tharla go raibh na huaireanta an chloig a d’oibríomar eagraithe in dhá lá chruógacha as a chéile, bhí deis níos fearr ag gach duine rannpháirteach díriú go tumthach ar an taithí chruthaitheach.

Catherine Mc Guirk, Múinteoir
Ar cheann de na gníomhaíochtaí a thacaigh le muinín na leanaí maidir le gné an cheoil dar liom bhí an t-am a raibh siad in ann iniúchadh a dhéanamh ar na huirlisí éagsúla go léir. Thug mé faoi deara ag an aois a raibh na leanaí agus iad i mbun na dtionscadal go raibh siad imníoch faoi cibé an mbeidís “go maith” ag rud éigin nó nach mbeadh. Bíonn sé deacair go minic orthu a bheith lánpháirteach i ngníomh má mheasann siad nach bhfuil an tallann acu i réimsí ar leith. Ach leis an líon ollmhór uirlisí ceoil a bhí ar fáil dóibh bhí deis acu triail a bhaint as a gcumas sna huirlisí sin. Creidim gur mheas mo rang go gcaithfidís a bheith in ann an pianó etc. a chasadh le go mbeadh tallann sa cheol acu. Ach leis an mbealach a raibh siad in ann iniúchadh a dhéanamh ar an líon mór uirlisí agus ceol cúlra a chruthú do scéal, fuair siad tuiscint ar thaobh iomlán eile den cheol. Uaireanta i ndiaidh dóibh páirt a ghlacadh sa cheardlann, theastaigh uathu níos mó a dhéanamh sa rang. Tháinig méadú ar a gcuid muiníne de réir mar a fuair siad taithí ar gach rud.

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?
Annie Callaghan & Robbie Perry, Ealaíontóirí
Is dócha gurb é an rud is suntasaí dúinn ná an acmhainn atá ag gach aon scoláire, i dtréimhse ama an-ghearr ach an-suntasach, léiriú iomlán a chur le chéile. Ó chuir siad tús leis go dtí an léiriú deiridh os comhair lucht féachana, d’oibrigh an rang ar fad le chéile mar fhoireann agus d’fhoghlaim gach aon duine na láidreachtaí a bhí acu agus conas a d’fhéadfaidís cur leis an ngrúpa ina iomláine. Bhí sé iontach le feiceáil, mar shampla, beirt scoláirí a bhí i bhfad níos sásta a bheith mar pháirt d’obair theicniúil seachas a bheith i mbun ceoil nó drámaíochta. Léirigh sé sin dúinn an réimse casta ábhar spéise laistigh d’aon ghrúpa agus thuigeamar go dteastaíonn tionscadail uainn a sholáthraíonn níos mó deiseanna dóibh a n-acmhainn maidir le huilechuimsitheacht a bhaint amach.

Catherine Mc Guirk, Múinteoir
Is breá le formhór leanaí a bheith ag insint scéalta. Bíonn deacrachtaí ag cuid acu scéal a insint nuair a bhíonn orthu é a scríobh – ar chúiseanna éagsúla. Mar shampla d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith acu le litriú agus téann siad in abar faoi cibé an bhfuil rud éigin litrithe i gceart nó nach bhfuil agus cuireann sé sin isteach ar a gcumas scéal a insint mar ní éiríonn leo a scéalta a chríochnú. Nuair a bhí deis ag na leanaí a scéalta a insint trí ealaín agus ceol thug sé sin muinín ní hamháin do na leanaí a dtaitníonn leo a bheith ag scríobh ach freisin do na leanaí a mbíonn deacrachtaí acu leis sin. D’éirigh leo a scileanna drámaíochta a fhorbairt ag an am céanna – fiú murar thug siad é sin faoi deara. Bhí siad in ann a samhlaíocht a úsáid chun scéal a insint ní hamháin lena gcuid líníochtaí ach trí nithe ón timpeallacht a úsáid – arís, thug sé sin deis do na leanaí nach bhfuil muinín acu ó thaobh na healaíne de úsáid a bhaint as nithe ón timpeallacht ar bhealach ealaíonta. Bhain siad an-taitneamh as sin. D’fhorbair siad an oiread scileanna éagsúla tríd an tionscadal a dhéanamh agus d’fhoghlaim siad rudaí nua i ngan fhios dóibh féin fiú.

Andrea Malone, Múinteoir
Bhí rogha ag na leanaí agus thug sé an oiread sin féinmhuinín dóibh. D’fhoghlaim na leanaí trí go leor modheolaíochtaí éagsúla a oireann do gach foghlaimeoir. D’éascaigh Robbie agus Annie gach rud mar is cuí ach thug siad deis chomh maith do na leanaí a bheith freagrach as a gcuid foghlama féin.

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Annie Callaghan & Robbie Perry, Ealaíontóirí
Chuir sé le mo chreideamh i gcumas cruthaitheach na leanaí agus an acmhainn a bhaineann le tionscadail chruthaitheacha a bhíonn bunaithe ar ghrúpa.

Andrea Malone, Múinteoir
Thug an tionscadal seo muinín dom mar oideachasóir níos mó freagrachta a thabhairt do na leanaí agus iad ag foghlaim. Níl an oiread struchtúr ag baint le mo cheachtanna Ealaíne, rud a fhágann go mbíonn sruth níos míne ag na ceachtanna. Bhí an chumhacht a bhaineann le comhtháthú ar fud na n-ábhar Ealaíon le feiceáil go soiléir síos tríd an tionscadal ‘Paddy Red Downey and the Voice in the Dream’ agus tá comhtháthú méadaithe agam sa Drámaíocht, Ealaín, Ceol agus Corpoideachas dá réir.
Ba thionscadal iontach é ‘Paddy Red Downey and the Voice in the Dream’ agus chonaic mé féinmhuinín na leanaí ag fás, d’fhoghlaim siad an oiread agus bhí an-spraoi acu!

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Cruthaíonn Robbie Perry ceol agus uirlisí ceoil as comhpháirteanna leictreonacha, teicneolaíochtaí athchúrsáilte agus as nithe tréigthe nó a caitheadh amach. Oibríonn sé mar éascaitheoir ceoil le leanaí a bhfuil cumais éagsúla acu agus ritheann sé ceardlanna maidir le huirlisí ceoil a dhéanamh as beagnach aon rud a aimsítear sa timpeallacht. Is ceoltóir agus cumadóir é leis an ngrúpa “Dead Can Dance” agus tá blianta caite aige ag taisteal ar fud an domhain ag foghlaim faoi chultúir eile agus ag bailiú smaointe le haghaidh tionscadal lena mbaineann daoine agus teicneolaíochtaí athchúrsáilte. Faoi láthair tá sé i mbun PhD maidir le húsáid an cheoil agus na teicneolaíochta chun cabhrú le leanaí le cumais éagsúla ealaín a chruthú agus féinléiriú. D’fhás Robbie aníos sa Nua Shéalainn agus tá cónaí air in Éirinn ó bhí sé 17 mbliana d’aois. Ag tarraingt ar an taithí a fuair sé agus é ag taisteal agus ag bualadh le ceoltóirí agus oideachasóirí eile, leanann sé a bhealach féin i gcónaí maidir le hoideachas ceoil. Ceadaíonn taighde PhD dó béim a leagann ar a thaithí féin, agus uirlisí uathúla agus saincheaptha a chruthú a chuireann ar chumas daoine atá faoi riachtanas speisialta agus a bhfuil deacrachtaí foghlama acu ceol a chasadh go hidirghníomhach. Chomhoibrigh sé le hAmharclann Gonzo mar gheall ar a obair freisin, agus chum sé agus léirigh sé roinnt léirithe leo sin.

 

Is amhránaí agus scríbhneoir amhrán í Annie June Callaghan . Casann sí an giotár agus an bosca greadta cos agus í ag casadh gach cineál ceoil ó cheol nuachumtha, ceol tíre, blues, popcheol, ceol traidisiúnta agus boogie-woogie. Ina theannta sin, is ball í Annie June de The Armagh Rhymers.


Múinteoir(í):

Catherine Mc Guirk, Múinteoir

Is múinteoir bunscoile mé i St. Clare’s. Mhúin mérang a cúig anuraidh agus tá na Naíonáin Bheaga á múineadh agam faoi láthair. Bainim sult as bheith ag múineadh an cheoil agus thug an tionscadal seo go leor smaointe nua dom ar féidir liom a iniúchadh sa seomra ranga. Táim ag súil go mór as triail a bhaint as an smaoineamh seo i mo chuid ranganna amach anseo.


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

This project was run by the LAEP, funded by the CMETB in-kind with financial funding from the Cavan and Monaghan Department of the Arts and Environment.

LAEP Rationale

The rationale for the establishment and development of a LAEP in the CMETB region is to nurture and support new relationships that will develop a shared responsibility for the delivery of arts in education that embraces visual, performing and literary arts.


Ealaíontóir(í)

Annie Callaghan

Robbie Perry

Múinteoir(í)

Andrea Malone

Catherine Mc Guirk


Foirmeacha Ealaíne

Rince & Gluaiseacht

Oideachas Dráma

Ceol & Fuaim

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

St. Clare’s Primary School, Cavan, St. Joseph’s N.S, Knockatallon, Monaghan


Rannpháirtithe

35


Réigiún

An Cabhán

Aois/Rang

idir 9 agus 12 bhliain d’aois


Dátaí

Bealtaine 2017


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Cavan & Monaghan Education and Training Board


Comhpháirtithe eile

Cavan County Council Arts Service, Monaghan County Council Arts Service, Cavan County Council Department of Environment

Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Scéalaíocht ag úsáid Ceoil, Ealaíne agus Drámaíocht


Snáitheanna Curaclaim

Drámaíocht:

  • Iniúchadh agus déanamh drámaíochta
  • Ag úsáid spáis agus rudaí chun comhthéacs na drámaíochta a dhoimhniú agus cur lena réalachas
  • Feidhm agus éifeacht teannais sa drámaíocht

Ealaín:

  • Líníochtaí a dhéanamh
  • Tógálacha a dhéanamh
  • Breathnú agus freagairt

Ceol:

  • Éisteacht agus freagairt
  • Léiriú

Cumadóireacht



It has changed the way in which I teach arts education as it reminded me how important it is to not only teach the subjects but to allow them to co-exist with each other, to use them together as a way to allow for further exploration as to what they can achieve when combined.

Catherine Mc Guirk, Teacher